English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin seolta go hoifigiúil

Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin seolta go hoifigiúil

Seoladh Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin i gConamara i gContae na Gaillimhe go hoifigiúil inniu, 29 Iúil 2024.

Is í an eagraíocht Forum Connemara atá aitheanta mar cheanneagraíocht pleanála teanga agus a fheidhmeoidh plean teanga an Chlocháin. Is i nDeireadh Fómhair 2021 a cuireadh tús le réiteach an phleain agus tá 36 beart sa phlean teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar an Chlocháin.

Tá ról suntasach ag an mbaile seirbhíse Gaeltachta i soláthar seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála don phobal sna limistéir phleanála teanga ar a bhfreastalaíonn sé. De thoradh air seo, imríonn Bailte Seirbhíse Gaeltachta tionchar suntasach agus dearfach ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta.

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú an phleain, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne:

“Ba mhaith liom tréaslú le Forum Connemara - Ceanneagraíocht ar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin - agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don Chlochán. Tabharfaidh an plean teanga deiseanna do phobal an cheantair a bheith lárnach sna hiarrachtaí an Ghaeilge a neartú ar an mbaile agus freastal ar na ceantair Ghaeltachta máguaird freisin.”

Is é Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin an naoú Baile Seirbhíse Gaeltachta a bhfuil plean teanga ceadaithe dó.

Cuirfear suas le €96,000 ar fáil go bliantúil ar feadh tréimhse 7 mbliana do Forum Connemara chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus an plean teanga a chur i bhfeidhm.

Nótaí don Eagarthóir

• As an 16 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) atá aitheanta faoin bPróiseas Pleanála Teanga, tá péire acu lonnaithe i gContae na Gaillimhe – An Clochán agus Cathair na Gaillimhe.

• Tá an Clochán suite thart ar 80 ciliméadar siar ó thuaidh ó Chathair na Gaillimhe. Feidhmíonn sé mar phríomhionad uirbeach do cheantar Chonamara agus don chúlchríoch thuaithe mháguaird in iarthar an chontae.

• Tá pleananna teanga á bhfeidhmiú sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT). Tá dhá cheann acu seo, LPT Chonamara Láir agus LPT Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh, cóngarach do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin.

• Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le Forum Connemara chun plean teanga BSG an Chlocháin a fheidhmiú – ar nós na mBailte Seirbhíse Gaeltachta eile atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as cabhrú le Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht.