English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte

Bronntar maoiniú ar 9 dtionscadal chruthaitheacha agus chultúrtha trasteorann faoi scéim mhaoinithe Phobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte

- €850,000 do 9 dtionscnamh chruthaitheacha nua trasteorann.

- Gheobhaidh 2 phríomhthionscadal €250,000 an ceann le haghaidh tionscnaimh thrasphobail ar mhórscála ceoil, damhsa agus ceardaíochta a sheachadfar thar 2 bhliain.

- Gheobhaidh 7 dtionscadal €50,000 an ceann do thograí níos dírithe lena n-áirítear forbairt Rian Lása uile-oileáin, Ceadail Chóir thrasteorann a bhfuil néaltrú orthu, siúlóidí feirme agus cainteanna i Liatroim agus i bhFear Manach agus malartuithe cruthaitheacha idir Béal Feirste agus Iarthar Chorcaí.

Inniu d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar TD, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin TD agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD 9 dtionscadal a mbronnfar maoiniú orthu faoi chiste Phobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte mar chuid de ghné Oileán Comhroinnte de Chlár Éire Ildánach 2023-2027.

Leithdháileadh níos mó ná €850,000 ar Údaráis Áitiúla chun tacú le tionscadail chruthaitheacha chun naisc a spreagadh idir daoine, pobail agus áiteanna. Tá sé mar aidhm ag an Scéim nua cur le taithí agus saineolas na n-údarás áitiúil trí chomhar agus idirghníomhú trasteorann a chothú agus líonraí cruthaitheacha a dhoimhniú ar fud oileán na hÉireann.

Tá na tionscadail rathúla scaipthe thar raon leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cultúrtha lena n-áirítear ceol, rince, grianghrafadóireacht, suiteálacha ealaíne poiblí agus oidhreacht a chuireann le poitéinseal cruthaitheach pobal ar oileán comhroinnte. Cuireann gach tionscadal le muintearas ar fud an oileáin trí dheiseanna cruthaitheacha thuaidh/theas agus thoir/thiar chun naisc a chothú trí idirghníomhú sóisialta, rannpháirtíocht agus comhrá. Sna tionscnaimh nua seo comhlánaítear gné shuntasach Oileán Comhroinnte de chlár Éire Ildánach 2023-2027, lena n-áirítear cheana féin eagrú Chruinniú na nÓg 2023 ar bhonn uile-oileáin agus cuimsiú trí thionscadail trasteorann shuntasacha sa Chiste um Ghníomhaíocht Chruthaitheach ar son na hAeráide.

Ag tagairt don fhógra dúirt an Taoiseach Leo Varadkar TD:

“Tabharfaidh na naoi dtionscadal seo daoine le chéile ar fud an oileáin, ó Chorcaigh go Béal Feirste, ó Aontroim go Baile Átha Cliath agus an Dún, ag tógáil ar spiorad thionscadal an Oileáin Chomhroinnte. Tá éagsúlacht iontach sna tionscadadail atá á gcumasú ag Clár Éire Ildánach - ceol, damhsa, grianghrafadóireacht agus suiteálacha ealaíne. Cuideoidh gach ceann de na tionscadail le naisc nua a chruthú - thuaidh, theas, thoir agus thiar. Tá mé ag súil go mór le toradh a gcuid oibre idir daoine, institiúidí agus pobail áitiúla a fheiceáil.”

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin, TD:

“Tá borradh ag teacht faoi ghné Oileáin Chomhroinnte de Chlár Éire Ildánach, le maoiniú do 9 dtionscadal nua trasteorann faoi Phobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte. Nascfaidh na tionscadail seo mianta cruthaitheacha ar fud oileán na hÉireann. Tabharfaidh gach tionscadal deis, á n-éasca ag Údaráis Áitiúla, do phobail teacht le chéile a chuirfeadh go mór le hoileán comhroinnte a chruthú.”

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Is féidir pobail chruthaitheacha roinnte ar fud oileán na hÉireann a chothú trí dheiseanna nua, nuálaíocha agus samhlaíocha a fhorbairt le haghaidh nasc trí idirghníomhú sóisialta, rannpháirtíocht agus plé. Toisc gur as Muineachán mé tuigim go maith na comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun caidrimh nua a thógáil agus pobail a thabhairt le chéile. Tá cur chuige uathúil ag gach ceann de na tionscadail seo maidir le malartú cruthaitheach, agus tá ról tábhachtach ag Údaráis Áitiúla agus a líonraí trasteorann i bhfeabhsú nasc idir daoine agus pobal.”

Seo a leanas na 9 dtionscadal a gheobhaidh maoiniú:

Comhairle Chontae an Chláir - tabharfaidh Éin an Aonchlúimh mná ó Bhéal Feirste, ón gClár agus Gaillimh le chéile. Agus iad ag obair trí mheán na ceardaíochta, roinnfidh rannpháirtithe ó gach cúlra cultúrtha, náisiúnta agus sóisialta smaointe, eispéiris saoil agus mianta. Le chéile forbróidh siad scileanna nua a thabharfaidh muinín dóibh a bhfís don ‘Oileán’ a chur in iúl go cruthaitheach.

Comhairle Chontae an Chabháin - Is comhoibriú cruthaitheach 24 mhí é Dance Connects idir cleachtóirí rince sa Chabhán, Muineachán, Fear Manach agus san Ómaigh, na húdaráis áitiúla, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus COBÁC. Meallfaidh an tionscadal seo rannpháirtithe ó gach seánra damhsa: ón sean-nós go jeighbh, ó dhamhsa líne go bailé, ó hip-hop go damhsa tíre na hAlban, ó chomhaimseartha go Flamenco agus gach rud eatarthu. Beidh sé mar aidhm líonraí a thógáil, scileanna a roinnt, bunachar sonraí agus suíomh gréasáin a fhorbairt, mar aon le clár cuimsitheach rannpháirtíochta poiblí.

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath - Is éard a bheidh in aRchive** ná suiteáil thumthach sholas LED ag Féile na gCúig Lampa i mí Aibreáin 2024. Sa tionscadal uaillmhianach seo beidh clár comhrá idir na daoine óga agus na glúnta níos sine i Seanchill/Oirthear Bhéal Feirste agus i Lárchathair Oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Comhairle Chontae Chorcaí - Is malartú cruthaitheach é The Ties that Bind idir ealaíontóirí atá ina gcónaí i lár chathair Bhéal Feirste agus i mBéal an Dá Chab i dtuath Chontae Chorcaí. Sa tionscadal seo inseofar scéal dhá chearn den oileán agus mar a d’éirigh leo leas a bhaint as na healaíona chun meas, cuimsiú agus dearfacht a chothú ina gceantair faoi seach.

Comhairle Chontae Fhine Gall - i Roinnt Amhrán agus Guthanna Dodhearmadta déanfar ceiliúradh ar na cóir phobail a bhfuil néaltrú orthu i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, in Aontroim agus sa Dún. Coimisiúnóidh na cóir píosaí córúla nua le canadh le chéile a cheisteoidh tuairimí faoi aois, cumas agus tíreolaíocht.

Comhairle Chontae Dhún na nGall – i dtionscadal Stair Chomhroinnte spreagfar pobail ar an dá thaobh den teorainn le grianghrafadóireacht a úsáid chun stair chomhroinnte a léiriú. Agus iad ag obair le healaíontóir, déanfaidh rannpháirtithe iniúchadh ar chartlann ghrianghraf Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus forbróidh siad clár poiblí ealaíne d’imeachtaí agus de thaispeántais. Tabharfaidh Lárionad Cultúir Réigiún Dhún na nGall, Nerve Centre i nDoire agus Músaem Grianghrafadóireachta na hÉireann tacaíocht do Stair Chomhroinnte.

Comhairle Chontae Liatroma - ar na Siúlóidí Feirme comhchruthófar clár gníomhaíochtaí le grúpaí feirmeoireachta i Liatroim agus Fear Manach chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a roinneann pobail tuaithe ar an dá thaobh den teorainn. Tá tacaíocht ag an tionscadal ó Ghrúpa Talmhaíochta Inbhuanaithe Liatroma, Fiadhúlra Uladh, Oifig Ealaíon agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae Liatroma agus Ionad Ealaíon an Duga, le saineolaithe taighde gníomhaíochta agus meastóireachta TIALT.

Comhairle Chathair agus Chontae Phort Láirge - Ag Tógáil Pobail Ildánacha Comhroinnte, oibreoidh Comhairle Chathair & Chontae Phort Láirge agus Comhairle Bhuirge Aontroim Láir agus Thoir le chéile chun idirghníomhú sóisialta, rannpháirtíocht agus plé a chothú le gach ceann de na pobail áitiúla. Seachadfar tionscadail trasteorann ina dtacófar leis na hearnálacha cruthaitheacha, an comhshaol, folláine agus raon leathan gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha.

Comhairle Chathair agus Chontae Luimnigh – i dtionscadal Lásaí Éireann cothófar malartuithe idir grúpaí déantóirí lása agus institiúidí oidhreachta i Luimneach, in Ard Mhacha agus i gCorcaigh. Is é an sprioc fhadtéarmach ná rian lása ar fud an oileáin a chruthú agus a chur chun cinn trí fhormhór na n-ionaid stairiúla déanta lása ar oileán na hÉireann. Cuirfear críoch leis an tionscadal seo le sraith tionscadal do Mhí na Ceardaíochta i mí Lúnasa 2024 agus 2025.

Nótaí d'Eagarthóirí

Clár Éire Ildánach seoladh Clár Éire Ildánach mar chlár cultúir agus folláine uile-rialtais atá tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine in Éirinn a gcumas cruthaitheach a bhaint amach. https://creativeireland.gov.ie

• Tugann an Rialtas iomlán tús áite do thionscnamh Oileán Comhroinnte chun gach pobal agus traidisiún polaitiúil a spreagadh chun comhdhearcadh a thógáil maidir le todhchaí roinnte ar an oileán, a bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus mar thaca leis. Faigheann tionscnamh Oileán Comhroinnte tacaíocht ó Chiste Oileán Comhroinnte an Rialtais, agus imfhálaíodh ar a laghad €1 bhilliún go 2030 chun gealltanais agus cuspóirí infheistíochta uile-oileáin a sheachadadh i gClár an Rialtais agus i bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe 2021-30; bunaithe ar chlár rannpháirtíochta le daoine ar fud an oileáin trí shraith comhráite Oileán Comhroinnte agus clár cuimsitheach taighde beartais, ina soláthraítear bonn fianaise agus anailíse níos láidre ar oileán na hÉireann thar raon réimsí eacnamaíochta, comhshaoil agus sóisialta. Tá tuilleadh sonraí faoi thionscnamh Oileán Comhroinnte, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le Clár Éire Ildánach, ar fáil ar Item was unpublished or removed

• Tá sé mar aidhm ag gné Oileán Comhroinnte de Chlár Éire Ildánach an chruthaitheacht a úsáid ar bhonn oileán comhroinnte chun: deiseanna do thionscnaimh chruthaitheacha trasphobail idir leanaí agus daoine óga a mhéadú; tacú le húdaráis áitiúla chun líonraí cruthaitheachta a fheabhsú chun tacú le comhpháirtíochtaí bríomhara agus cuimsitheacha idir daoine agus pobal-go-pobal; Éire a chur chun cinn mar cheannaire domhanda maidir le luach na cruthaitheachta agus na meabhairshláinte a léiriú i sochaithe iar-choinbhleachta; comhoibriú a dhoimhniú le haghaidh oileáin atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de.

• In 2023, reáchtáladh Cruinniú na nÓg 2023, lá náisiúnta na cruthaitheachta do leanaí agus daoine óga, ar bhonn uile-oileáin le himeachtaí trasphobail ina ndéantar naisc idir leanaí agus daoine óga ón dá thaobh den teorainn, lena n-áirítear trí chomhpháirtithe straitéiseacha Irish Street Arts agus Líonra Sorcais le Circus Explored agus GMC Beats le Rhyme Island.

Tuilleadh Sonraí faoi Fhaighteoirí Maoinithe Scéim Phobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte
Amharc amharc