English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus comhaltaí boird nua ceaptha do Thurasóireacht Éireann

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus comhaltaí boird nua ceaptha do Thurasóireacht Éireann

Faomhadh ceapachán beirt stiúrthóra nua ar bhord Thurasóireacht Éireann ag cruinniú iomlánach na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar an 8 Aibreán 2024, tar éis dóibh a bheith ainmnithe ag Catherine Martin, TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Ceapadh Karen Hennessy agus Paul Gallagher ina stiúrthóirí ar bhord Thurasóireacht Éireann, agus freisin ceapadh an tIníon Hennessy mar Leaschathaoirleach an bhoird.

Dúirt an tAire Martin:

“Ag an gcruinniú iomlánach a reáchtáladh le gairid, d’fhaomh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ceapachán beirt chomhalta nua ar bhord Thurasóireacht Éireann. Ba mhaith liom rath a ghuí ar an mbeirt chomhalta nua agus iad ag tabhairt faoi róil thábhachtacha i leith earnáil na turasóireachta a thacú ar oileán na hÉireann.”

Dúirt an tAire Martin é seo chomh maith agus í ag labhairt faoi na ceapacháin ar Bhord Thurasóireacht Éireann:

“Tá doimhneacht agus fairsinge taithí ag na ceapaithe nua seo, rud a rachaidh chun tairbhe Thurasóireacht Éireann agus iad ag cur oileán na hÉireann chun cinn thar lear mar áit turasóireachta inbhuanaithe tráth a bhfuil dúshláin shuntasacha os comhair earnáil na turasóireachta.”

Ceapadh Alice Mansergh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Thurasóireacht Éireann ag cruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas freisin.

Dúirt an tAire Martin:

“Fáiltím roimh cheapachán Alice mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Thurasóireacht Éireann, tar éis di an post a bheith aici i ról ainmnithe ón 18 Meán Fómhair 2023 i leith. Tá flúirse taithí ag Alice ón earnáil phríobháideach agus óna ról ar bhord Fáilte Ireland, agus táim cinnte go rachaidh sé sin chun tairbhe Thurasóireacht Éireann sna blianta amach romhainn.”

Beathaisnéisí

Karen Hennessy, POF ar an chomhlacht agraitheicneolaíochta, Real Leaf Farm, chun tosaigh i bhforbairt talmhaíochta hidreaponaice inbhuanaithe in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Ceapadh í chun an fhorbairt a spreagadh agus Real Leaf Farm a mhéadú ina ghnó ilnáisiúnta.

Tá taithí 25-bliana aici in eagraíochtaí a stiúradh agus claochlú ceannródaíoch a thabhairt i gcrích laistigh den earnáil phríobháideach agus den earnáil phoiblí araon, i réimsí an bhia, an deartha, na hagraitheicneolaíochta agus an airgeadais. Tá sí tiomanta go daingean don inbhuanaitheacht agus ESG, chomh maith le fás agus luach a spreagadh do ghnólachtaí. Tá taithí ag Karen freisin i ngnólachtaí bia a mhéadú, mar thoradh ar na naoi mbliana a chaith sí in Glanbia plc ina raibh freagracht aici as na chéad gnólachtaí cothúcháin de chuid Glanbia a fháil.

Cheap an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Karen ar Bhord Chalafort Phort Láirge (POW) agus is Cathaoirleach í ar Choiste Glas agus Coiste Riosca Iniúchóireachta de chuid POW. Roimhe seo bhí sí ina stiúrthóir ar Showcase Ireland Events Limited, Leas-Uachtarán an Bureau of European Design Associations, agus Comhalta Boird ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach.

Is Cuntasóir Cairte agus Stiúrthóir Cairte cáilithe í Karen, le MBA ó Scoil Smurfit COBÁC, agus le déanaí chríochnaigh sí an clár Bainistíochta Inbhuanaithe Gnó ag Ollscoil Cambridge.

Is comhalta d’Institiúid Fáilteachais na hÉireann é Paul Gallagher le MSc sa Ghnó agus Fáilteachais 2021, agus tá taithí de níos mó ná 40 bliana aige mar ghairmí sa tionscal turasóireachta. Is Bainisteoir Ginearálta é faoi láthair in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath.

Tá Paul ina iarUachtarán Chónaidhm Óstáin na hÉireann agus iarChathaoirleach Chónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann. Bhí Paul ina Leas-Chathaoirleach ar Original Irish Hotels agus stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar an Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath.

Bhí páirt ag Paul i dtascfhórsaí éagsúla leis na blianta agus rinne sé cathaoirleacht ar an Ghrúpa Comhpháirtíochta Margaíochta Lárnach de chuid Thurasóireacht Éireann. Ba bhall é de Ghrúpa Comhairleach um Ghnóthais Bheaga de chuid an Rialtais, Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta 2010, an Tascfhórsa Grow Dublin 2008, agus Tascfhórsa na Breatimeachta le déanaí. Ceapadh Paul ar ghrúpa Maoirseachta um Théarnaimh na Turasóireachta in 2020 chun tionscal na turasóireachta a stiúradh i ndiaidh Covid.

Is céimí Choláiste Ósta na Sionainne é Paul le taithí leathan in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus obair déanta aige le Trust House Forte sa Bhreatain Bheag agus i Sasana. Roimhe sin, d’obair sé i bpríomhóstán Moven Pick Group in Zurich agus mar bhainisteoir in Óstán Memphis in Amstardam don Ryan Hotel Group. In Éirinn, tá bainistíocht déanta aige in Óstán Blooms, Óstán Silver Springs agus Óstán Herbert Park sular thosaigh sé ag obair in Óstán Buswells.

Is Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Thurasóireacht Éireann í Alice Mansergh le freagracht cheannasaíochta as margaíocht oileán na hÉireann do chuairteoirí idirnáisiúnta. I gcomhar le comhpháirtithe ón tionscal agus ón rialtas, tá Alice agus foireann Thurasóireacht Éireann bródúil as tacaíocht a thabhairt do agus cur leis an mhéid a chuireann turasóireacht idirnáisiúnta le geilleagair agus pobail ar fud oileán na hÉireann.

Roimhe seo, chaith Alice 19 mbliana i gceannas ar eagraíochtaí tráchtála móra ag Google. Mar Stiúrthóir Bainistíochta, Réitithe Custaiméara RA & Éire, chuidigh sí leis na céadta mílte gnólacht digitiú a dhéanamh agus rath a bhaint amach ar líne. I rith a tréimhse i Londain, bhí Alice i gceannas ar mhargaíocht tomhaltóra Google, agus brandaí cáiliúla cosúil le Google Chrome, Maps agus Gmail á bhforbairt aici go barr an mhargaidh.

Tá dúshuim ag Alice sa turasóireacht agus níl bliain caite aici gan dul ar saoire ar fud oileán na hÉireann. Idir 2018 agus 2023, bhí sí ina comhalta ar Bhord Fáilte Ireland – údarás náisiúnta forbartha turasóireachta na hÉireann – agus maoirseacht á déanamh aici ar infheistíochtaí chun tairiscintí turasóireachta a neartú agus tacú leis an tionscal le linn Covid. Tá sí ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ainmnithe le Turasóireacht Éireann ó Meán Fómhair 2023 i leith.