English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ó na hAirí O’Donovan agus McConalogue faoi bhás Mick O’Dwyer

Tugann an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt agus an tAire Stáit Spóirt agus Beartais Poist ómós do réalt mór CLG

Tá an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus an tAire Stáit do Pholasaí Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue TD, tar éis ómós a thabhairt inniu do mhór-réalt CLG Mick O’Dwyer, a fuair bás ag aois 88.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Laoch sa pheil Ghaelach ab ea Mick O’Dwyer agus ba dhuine uasal iomlán é, bíodh bua aige nó bua air. Mar chóitseálaí agus imreoir bhí sé ina fhathach sa chluiche le breis is caoga bliain anuas agus tá grá ann dó i gCiarraí ó dhúchas dó, sna contaetha eile ar fad a raibh sé ag cóitseáil, agus níos forleithne ar fud an oileáin. Déanaim cómhbhrón lena mhuintir agus a chairde, ach beidh sé beo go deo i gcuimhní cinn na peile Gaelaí ar fud an domhain mhóir. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”

Dúirt an tAire McConalogue:

“Seasaim le lucht leanúna na peile Gaelaí ar fud an domhain, agus le lucht leanúna spóirt na hÉireann i gcoitinne, chun ómós a thabhairt do Mick O’Dwyer. Bhí sé ar dhuine de na peileadóirí ab fhearr, agus na cóitseálaithe is mó a raibh tionchar acu, inár gcluichí dúchais riamh. Labhraíonn a rath ar an bpáirc mar imreoir agus mar bhainisteoir ar a shon féin, ach tá a fhíor-oidhreacht le brath ar fud na tíre ar pháirceanna peile agus i gclubthithe ag an iliomad imreoirí agus leantóirí a spreag sé. Beidh peil Ghaelach ag caoineadh laoich, ach beidh a thionchar ar an gcluiche beo go deo. Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do chairde agus do mhuintir Micko, agus do na luchtanna leanúna dílse i gCiarraí, i gCill Dara, i Laois, i gCill Mhantáin, sa Chlár agus ar fud na cruinne.”

CRÍOCH