Ráiteas ón Aire O’Donovan ar bhás Jennifer Johnston
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 26 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir Patrick O’Donovan TD, an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt a bhrón in iúl faoin scéala faoi bhás Jennifer Johnston.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Bhí brón orm a chloisteáil faoi bhás Jennifer Johnston, duine de na húdair is cáiliúla in Éirinn. Ó thús a gairm bheatha liteartha, nuair a bronnadh Gradam Céad Údair Club an Údair ar “The Captains and the Kings” i 1972, tá moladh ceart faighte aici i measc na n-úrscéalaithe is fearr ar domhan.
“Buaiteoir Ghradam Leabhar Whitbread do “The Old Jest”, agus í ar an ngearrliosta do Dhuais Booker do “Shadows on our Skin”, drámadóir cumasach a bhí in Jennifer freisin, agus bhain sí Gradam Giles Cooper amach as a dráma raidió “O Ananias, Azarias and Misael”. Bronnadh Gradam Gnóthachtála Saoil na Irish Book Awards uirthi in 2012 as an méid a rinne sí do thírdhreach liteartha na hÉireann.
“Beidh cuimhne ag go leor Éireannaigh de mo ghlúin ar “How Many Miles to Babylon” ónár laethanta scoile, agus an scrúdú a rinne sé ar conas a bhriseann cogadh struchtúr na haicme agus an chaoi a neartaíonn sé naisc idirphearsanta.
“Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a ghabháil le teaghlach Jennifer, lena cairde, agus lena léitheoirí dílse. Ar dheis Dé go raibh a hanam.”
CRÍOCH