English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Patrick O’Donovan ar an Athbhreithniú ar Rialachas agus ar Chultúr Eagraíochtúil sa Chomhairle Ealaíon

Tá sonraí athbhreithnithe sheachtraigh ar rialachas agus ar chultúr eagraíochtúil na Comhairle Ealaíon á bhfógairt agam inniu. Coicís ó shin, thug mé faoi bhráid an Rialtais Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2023 na Comhairle Ealaíon, chomh maith le tuarascáil ar thionscadal TF nár éirigh leis ag an gComhairle. Tá an tionscadal seo, a chosain €6.675m, tar éis ceisteanna bunúsacha a ardú faoi rialachas laistigh den Chomhairle Ealaíon. Ba léir dom go gcaithfear aghaidh a thabhairt go tapa ar na teipeanna rialachais seo chun maoiniú poiblí a chosaint agus chun cosc a chur ar atarlú saincheisteanna den chineál seo.

Ag an gcruinniú den Rialtas inniu, chuir mé i láthair na téarmaí tagartha don athbhreithniú seachtrach a dhéanfaidh Sainchoiste Comhairleach. Beidh mé ag ceapadh triúr saineolaí ar an gcoiste a bhfuil cúlra láidir acu i rialachas eagraíochtaí móra agus casta: an tOllamh Niamh Brennan (Cathaoirleach), an Dr. Margaret Cullen agus John McCarthy. Cinnteoidh an coiste go mbeidh an próiseas athbhreithnithe láidir, cothrom agus trédhearcach, agus beidh moltaí praiticiúla inghníomhaithe mar thoradh air chun socruithe rialachais na Comhairle Ealaíon a fheabhsú. Coinneoidh mé an Rialtas ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe de réir mar a théann sé ar aghaidh.

Tá méadú 75% tagtha ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon le blianta beaga anuas go €140m in 2025. Is infheistíocht an-suntasach é seo ón Rialtas thar ceann an cháiníocóra chun tacú le healaíontóirí agus i bhforbairt na n-ealaíon in Éirinn. Is mian liom muinín a athbhunú sa Chomhairle Ealaíon. Ní mór don phobal a bheith sásta go bhfuil creat rialachais chorparáidigh na Comhairle Ealaíon oiriúnach don fheidhm agus go dtacaíonn sé le seachadadh a freagrachtaí reachtúla. Teastaíonn dearbhú freisin go bhfuil cultúr eagraíochtúil na Comhairle Ealaíon, ag gach leibhéal, oscailte agus trédhearcach agus go dtéann sí i dteagmháil go cuí le geallsealbhóirí earnála.

Ina theannta sin, chuir mé faoi bhráid an Rialtais freisin na dréacht-téarmaí tagartha le haghaidh athbhreithniú ar oibríochtaí rialachais inmheánaigh mo Roinne. Tá an Roinn i mbun plé leis an bhForas Riaracháin (IPA) maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar a próisis rialachais, riosca agus formhéadaithe. Déanfaidh an t-athbhreithniú seo measúnú ar an méid atá foghlamtha ag an Roinn ó thionscadal na Comhairle Ealaíon, leordhóthanacht a nósanna imeachta bainistíochta riosca agus na bearta formhéadaithe chun Bord Bainistíochta na Roinne a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna ábhartha.

Cinnteoidh an t-athbhreithniú go mbeidh creat maoirseachta agus rialachais cuimsitheach agus éifeachtach ag an Roinn do gach comhlacht faoina coimirce chun comhlíonadh iomlán na dtreoracha beartais phoiblí go léir a chinntiú. Tá scríofa ag mo Roinn freisin chuig na comhlachtaí atá faoina coimirce chun sonraí a lorg faoi thionscadail chaipitil atá á gcur i bhfeidhm ar chostas €500,000 ar a laghad nó tionscadail eile inar tréigeadh nó inar theip go hábhartha ar chaiteachas a sheachadadh, chun dearbhú a sholáthar maidir le bainistíocht airgeadais agus prionsabail luach ar airgead.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Téarmaí Tagartha don Athbhreithniú ar Rialachas agus ar Chultúr Eagrúcháin sa Chomhairle Ealaíon

1. Breithniú a dhéanamh ar cé acu an léiríonn creat rialachais chorparáidigh na Comhairle Ealaíon an cleachtas rialachais is fearr do Chomhlachtaí Stáit mar atá leagtha amach sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit agus an gcomhlíonann sé na forálacha reachtaíochta ábhartha go léir.

2. Áireofar san athbhreithniú seo, ach níl sé teoranta dóibh:

• Soláthar

• Maoirseacht agus bainistíocht ar fheidhmíocht chonarthach le soláthraithe tríú páirtí, lena n-áirítear a gcuntasacht

• Rialachas foriomlán tionscadal, lena n-áirítear pleanáil tionscadail, dearadh agus bainistíocht (lena n-áirítear tionscadail TF)

• Comhlíonadh fhorálacha na reachtaíochta, na dtreoracha beartais phoiblí agus na gciorclán ábhartha go léir

• Ról agus comhdhéanamh Bhord na Comhairle Ealaíon (“An Bord”)

• Oibriú an Bhoird, lena n-áirítear infheictheacht an Bhoird, agus maoirseacht ag an mBord ar oibríochtaí na Comhairle Ealaíon agus maoirseacht an Bhoird ar chaiteachas agus ar thuairisciú caiteachais

• Cuntasacht an Bhoird agus a Chathaoirligh don Aire, don Roinn agus don Oireachtas agus na bealaí cómhalartacha don chuntasacht sin, ag tabhairt dearbhú go gcomhlíonann an Chomhairle Ealaíon na coinníollacha a ghabhann lena deontas Oireachtais agus lena maoiniú agus go soláthraíonn an Roinn don Chomhairle Ealaíon an chomhairle, an treoir agus an mhaoirseacht riachtanach atá ag teacht lena ról máthair-Roinne, lena n-áirítear faoin gCód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit

• Cuntasacht an Stiúrthóra don Bhord

• Ról, comhdhéanamh agus oibriú Choiste Iniúchta agus Riosca an Bhoird

• Iniúchadh seachtrach agus inmheánach sa Chomhairle Ealaíon

• Bainistíocht riosca ag an gComhairle Ealaíon agus a maoirseacht ag an mBord agus ag an gCoiste Iniúchta agus Riosca

• Córas rialaithe inmheánaigh sa Chomhairle Ealaíon

3. Athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais oibre na Comhairle Ealaíon ag leibhéal an bhoird agus faoi leibhéal an bhoird agus measúnú a dhéanamh ar fhianaise ar aon saincheisteanna cultúrtha ar leibhéal na heagraíochta a eascraíonn as saincheist an chláir um bhunathrú gnó.

4. Beidh feidhm ag an athbhreithniú seo ach níl sé teoranta do na réimsí seo a leanas

• Oiriúnacht na reachtaíochta agus na rialachán a bhaineann leis an gComhairle Ealaíon

• Cumas agus inniúlacht chun sainchúram reachtúil na Comhairle Ealaíon a chomhlíonadh

• Caidreamh na Comhairle Ealaíon le príomhpháirtithe leasmhara earnála lena n-áirítear an Roinn agus eagraíochtaí ionadaíocha ábhartha, maidir lena freagrachtaí reachtúla a chomhlíonadh go cuí mar atá leagtha amach san Acht Ealaíon 2003 ar bhealach oscailte trédhearcach

5. Nuair is infheidhme, moltaí a dhéanamh don Aire maidir le haon leasuithe riachtanacha ar chreat rialachais chorparáidigh, ar chultúr eagraíochtúil nó ar bhunús reachtach na Comhairle Ealaíon, nó i ndáil le haon saincheisteanna sa chaidreamh rialachais leis an Roinn, chun a chinntiú go bhfuil cleachtais rialachais láidre i bhfeidhm chun luach ar airgead a sholáthar don státchiste agus chun tacú le cloí le beartas agus cleachtais an rialtais agus le hairgead poiblí a íoc go héifeachtach.

Chun dúbailt a sheachaint, cuirfidh an tAthbhreithniú le Tuarascáil na Roinne “Imscrúdú ar Thionscadal Trasfhoirmithe Gnó na Comhairle Ealaíon” (2025).

Ballraíocht an Sainchoiste Chomhairligh

• Cathaoirleach: An tOllamh Niamh Brennan, Ollamh Iomlán Emeritus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhunaigh sí Lárionad UCD um Rialachas Corparáideach i 2002;

• John McCarthy, iar-Ard-Rúnaí sa Roinn Tithíochta agus Rialtais Áitiúil; agus

• An Dr Margaret Cullen, Léachtóir Rialachais Chorparáidigh agus Comhairleoir Rialachais

Dréacht-Théarmaí Tagartha ar Athbhreithniú na Roinne

Déanfaidh an t-athbhreithniú measúnú ar:

- an méid atá foghlamtha ag an Roinn ó Thionscadal Trasfhoirmithe Gnó na Comhairle Ealaíon, go sonrach i dtéarmaí maoirseachta rialachais agus bainistíocht tionscadal

- leorgacht na mbeart ar tugadh fúthu go dtí seo, maidir le cur i bhfeidhm mholtaí thuarascáil an Fhorais Riaracháin, oiliúint, Rianaire TFC, Bainistíocht Riosca, Iniúchadh Caipitil, agus Cumas TFC mar aon le bearta eile atá molta

- na bealaí faisnéise/cumarsáide atá i bhfeidhm ar fud na Roinne, lena n-áirítear bearta formhéadaithe le béim ar leith ar na meicníochtaí chun an bhainistíocht shinsearach / an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna ábhartha

- leordhóthanacht na nósanna imeachta/polasaí bainistíochta riosca atá i bhfeidhm faoi láthair ar fud na Roinne

- na próisis agus na nósanna imeachta a bhaineann le ceapacháin chuig Boird Stáit le béim ar na tacair scileanna a theastaíonn le haghaidh ballraíocht agus feidhmiú éifeachtach boird

- aon athruithe breise ar phróisis rialachais sa Roinn a mheastar a bheith cuí agus riachtanach de bhun an athbhreithnithe chun a chinntiú go bhfaightear luach ar airgead, agus go bhfuil creat maoirseachta agus rialachais láidir, cuimsitheach agus éifeachtach ag an Roinn do na comhlachtaí go léir faoina coimirce chun a chinntiú go gcomhlíontar go hiomlán agus go gcloítear leis na nithe seo a leanas:

• Cód Cleachtais 2016 um Rialachas Comhlachtaí Stáit

• Nósanna Imeachta Airgeadais Poiblí

• Ciorclán Deontas 13/2014

• Treoirlínte Soláthair Phoiblí

• Ciorcláin agus Treoirlínte ar thionscadail agus ar thionscnaimh Dhigiteacha/TF

• Rialacha agus Treoirlínte ar Eitic agus Oiriúnacht

• Coinníollacht agus ceanglais ábhartha a bhaineann go sonrach le comhlacht

• Rialacha, treoirlínte agus ceanglais eile a bhaineann leis an athbhreithniú seo.

Tabharfar socruithe an athbhreithnithe seo chun críche go luath agus bhí réamhphlé ag an Roinn leis an bhForas Riaracháin ina leith seo.