English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir le tairiscint deiridh a chur faoi bhráid UEFA

Inniu d’athdhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne T.D., tacaíocht Rialtas na hÉireann do chomhthairiscint na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe chun Craobh UEFA EURO 2028 a óstáil.

Ar an 11 Aibreán, d’aontaigh an Rialtas tacú le tairiscint deiridh ó Chumann Peile na hÉireann chun an comórtas a chomhóstáil idir Éire agus an RA. Chuir na cúig chumann peile an tairiscint deiridh faoi bhráid UEFA anois.

Agus an comórtas á óstáil anseo beidh deis iontach againn Éire agus ár dtairiscint turasóireachta den chéad scoth a léiriú don Eoraip agus don domhan mór. Is deis iontach í freisin do chomhoibriú Thuaidh-Theas agus Thoir-Thiar ar thionscadal atá tábhachtach do phobail ar fud na hÉireann agus na RA.

Léirigh an obair fhairsing a rinne na comhpháirtithe tairisceana roimh an tairiscint seo ní hamháin scála na deiseanna eacnamaíocha a chuir an comórtas ar fáil, ach freisin an cumas oidhreacht bhuan a thógáil don pheil, don turasóireacht agus do phobail.

Tá tiomantas le fada ag Éirinn do thacaíocht a thabhairt do spórt agus d’áiseanna pobail agus ardfheidhmíochta i gcomhréir leis an aidhm a leagtar amach sa Bheartas Náisiúnta Spóirt an infheistíocht bhliantúil sa spórt a mhéadú faoi dhó faoi 2027. Is deis iontach é imeacht ar an scála seo chun an cluiche a chur chun cinn tuilleadh in Éirinn, lena n-áirítear i gcomhthéacs fhás chluiche na mban, agus beimid ag iarraidh oibriú leis an FAI agus na comhpháirtithe go léir chun an fás seo a sheachadadh.

Ba mhaith leis an Rialtas go gcuirfeadh muintir na tíre ar fad spéis sa chomórtas, idir óg agus aosta agus ár bpobail ar fad. Má roghnaítear Éire agus ár gcomhpháirtithe mar óstaigh na hócáide mór le rá seo, oibreoidh an Rialtas lena chinntiú go n-uasmhéadófar na tairbhí oidhreachta chun leasa gach duine agus chun an comórtas seo a dhéanamh ar an gceann is inbhuanaithe agus is cuimsithí riamh ar na hoileáin seo.

Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar:

“Tá áthas orm gur shocraigh an Rialtas tacú le comhthairiscint na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe do UEFA EURO 2028. Is deis iontach é an comórtas seo don tír seo fáilte a chur roimh an Eoraip agus an domhan go hÉirinn, ár n-áiseanna den scoth a chur ar taispeáint agus imeacht a óstáil a rachaidh chun tairbhe gach duine. Deis atá ann freisin le tairbhí fadtéarmacha a chinntiú do Chraobh na hÉireann, peil áitiúil agus óige."

"Táim thar a bheith sásta gur éirigh go maith leis an gcomhiarracht agus gur neartaigh sé naisc lenár gcomhpháirtithe, thuaidh-theas agus thoir-thiar.”

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá áthas orm gur aontaigh an Rialtas tacú le Cumann Peile na hÉireann agus le comhthairiscint na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe agus an sainchomhad tairisceana deiridh le haghaidh UEFA EURO 2028 a chur isteach. Oibreoidh oifigigh anois leis na comhpháirtithe tairisceana go léir idir seo agus fógra UEFA maidir le hóstáil EURO 2028 chun tacaíocht bhreise a thabhairt don tairiscint. Tá an cumas ag an gcraobhchomórtas seo tairbhí iontacha a chur ar fáil d’Éirinn, go háirithe don earnáil turasóireachta agus fáilteachais, a bheidh in ann fáilte cháiliúil na hÉireann a chur roimh na mílte duine a leanann an pheil.”

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne:

“Táim lánchinnte gur féidir linn comórtas iontach a óstáil do lucht leanúna peile a chuirfidh Éire ar stáitse domhanda. Tá Craobhchomórtas Euro UEFA ar cheann de na himeachtaí spóirt is mó ar domhan agus má roghnaíonn UEFA Éire mar óstach, bainfear leas as an gcomórtas chun cláir tionchair shóisialta a chur chun cinn agus chun peil a úsáid chun athrú dearfach a spreagadh inár gclubanna agus inár bpobail. Ócáid iontach a bheadh ann é a óstáil in Éirinn ní hamháin don pheil ach do Bhaile Átha Cliath agus don tír ar fad. Ó thaobh an spóirt de, is deis iontach é d’fhorbairt na peile in Éirinn agus oidhreacht bhuan a fhágáil ina leith seo.”