Rinneadh níos mó iarratas ná riamh ar Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt 2020
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 4 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D., sonraí inniu maidir leis na hiarratais a fuarthas do bhabhta deireanach an Chláir Chaipitil agus Trealaimh Spóirt. Is é an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt príomhbhealach an Rialtais chun tacú le clubanna agus pobail chun infreastruchtúr spóirt a fhorbairt timpeall na tíre. Bhí an Clár oscailte d’iarratais go dtí 5 i.n. 1 Márta. Fuarthas 3,106 iarratas agus d’iarr iarratasóirí ar an Roinn níos mó ná €200 milliún a sholáthar.
Dúirt an tAire Martin: “Fuarthas níos mó iarratas i mbliana ná riamh agus léiríonn sé seo an tábhacht leanúnach leis, agus agus an t-éileamh atá ar an gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt. Gabhaim buíochas leis na hoibritheoirí deonacha ar fud na tíre a chuir iarratais isteach ar son a gclubanna agus a gcuid pobal. Bliain dhúshlánach a bhí ann do go leor clubanna spóirt ach léiríonn an méid spéise a bhí ag daoine sa Chlár go bhfuil clubanna tiomanta d’áiseanna a fheabhsú dá gcuid ball tar éis phaindéim COVID-19.”
Léirigh an tAire Stáit don Spórt, Jack Chambers, éagsúlacht na n-iarratas a fuarthas: “Táim an-sásta leis na moltaí atá faighte againn. Fuarthas iarratais ó bhailte agus ó shráidbhailte ar fud na tíre. Chuir níos mó ná 60 cineál spóirt isteach ar an gClár: na príomhspóirt mhachaire, na healaíona comhraic, rámhaíocht, eitpheil agus spórt cathaoireacha rothaí san áireamh. Beidh próiseas an leithdháilte dúshlánach mar gheall ar leibhéal an éilimh ach foilseoimid ár gcóras scórála agus ár lámhleabhar measúnaithe go luath. Cinnteoidh sé seo go leithdháilfear maoiniú ar bhealach trédhearcadh agus cothrom. Tabharfaidh an Clár nua tosaíocht d’iarratais ó áiteanna faoi mhíbhuntáiste, d’iarratais a chuirfidh le rannpháirtíocht sa spórt, rannpháirtíocht na mban agus daoine faoi mhíchumas san áireamh, agus d’iarratais a roinnfidh áiseanna le daoine eile agus an pobal níos leithne. Tá súil agam go bhfógrófar an chéad bhabhta leithdháiltí i rith an tsamhraidh agus go ndáilfear an maoiniú go léir roimh dheireadh na bliana.”
Foilsíodh sonraí na n-iarratas go léir a fuarthas ar bhonn contae ar láithreán gréasáin na Roinne anseo.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is é an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt príomhbhealach an Rialtais chun tacú le forbairt áiseanna spóirt agus ceannach trealamh spóirt neamhphearsanta.
Tugann an clár maoiniú do:
• Páirceanna spóirt féir nádúrtha, raonta agus cúirteanna (draenáil na páirce san áireamh)
• Tuilsolas atá tíosach ar fhuinneamh
• Páirceanna spóirt féir shaorga, raonta, cúirteanna agus áiteanna ilfheidhme cluichí
• Fál slándála, eangach chun liathróid a stopadh agus cuaillí
• Ballaí iomána / liathróid láimhe
• Tógáil nó athchóiriú seomraí feistis, cithfholcadán agus leithreas
• Tógáil nó athchóiriú hallaí spóirt agus ionaid aclaíochta
• Trealamh neamhphearsanta spóirt
• Oibreacha/trealamh teoranta a bhaineann le COVID-19
• Athruithe ar áiseanna spóirt chun ídiú fuinnimh a laghdú
• Aon tionscadal caipitil eile a bhaineann leis an spórt go soiléir agus a chuirfidh le rannpháirtíocht sa spórt nó le feidhmiú spóirt
Tá tuilleadh eolais faoin gclár, na sonraí go léir a bhaineann le dámhachtainí a bronnadh cheana féin agus léirmheas mionsonraithe ar an mbabhta is déanaí (2018) den chlár ar fáil anseo.