English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Séamas Ó Concheannain molta le haghaidh ról an Choimisinéara Teanga

Stiúrthóir reatha Oifig an Choimisinéara Teanga molta inniu ag an Rialtas

Tá fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. agus Aire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D., inniu (25/07/2023) go bhfuil cead an Rialtais faighte anois an tUasal Séamas Ó Concheanainn a mholadh le ceapadh don ról. Tagann an fógra seo agus críoch tagtha leis an gcomórtas a rith an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) do ról an Choimisinéara Teanga.

Is as an Spidéal i gCo. na Gaillimhe ó dhúchas é an tUasal Ó Concheanainn agus tá taithí fhorleathan aige ar róil shinsearacha cheannaireachta in earnálacha éagsúla le 25 bliain anuas - reachtaíocht teanga, ardoideachas, pleanáil teanga agus forbairt pobail ina measc. Is ag obair mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá sé faoi láthair agus baineann a chuid cúraimí reatha le gach gné d’obair na hOifige a stiúradh ar mhaithe le feidhmiú na gcearta teanga reachtúla atá dlite do phobal na Gaeilge faoi réir Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021. Is i bpoist cheannaireachta éagsúla in Ollscoil na Gaillimhe a bhí sé roimhe sin chomh maith.

I gcomhréir le mír 9 den Dara Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á dtarmligean chuig an Uasal Ó Concheanainn, mar Stiúrthóir na hOifige sin, ón 12 Feabhra 2023. D’fhógair iar-shealbhóir an phoist go raibh sé ag éirí as níos luaithe i mbliana chun an ról mar Choimisinéir Forbartha na Meán a ghlacadh le Coimisiún na Meán.

Anuas ar na cumhachtaí a bhí ag an gCoimisinéir Teanga roimhe seo, beidh roinnt cumhachtaí breise air chomh maith de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. San áireamh anseo, tá faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla. Anuas air sin, tá dualgais shonracha leagtha síos san Acht maidir le Tuarascálacha Bliantúla an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge a chur faoi bhráid an Choimisinéara agus go ndéanfadh an Coimisinéir tráchtaireacht a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ina leith ansin.

Ag labhairt di ar an lá, dúirt an tAire Martin:

“Tá áthas orm go bhfuil glacadh ag an Rialtas leis an moladh go gceapfaí an tUasal Ó Concheanainn ina Choimisinéir Teanga nua. Tá ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air mar gheall ar an obair atá déanta aige mar Stiúrthóir Oifig an Choimisinéara teanga ó ceapadh ann é in 2020 agus an obair a rinne sé roimhe sin in Ollscoil na Gaillimhe. Táim cinnte go rachaidh an taithí sin atá aige i dtairbhe go mór dó mar Choimisinéir Teanga.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit O’Donovan chomh maith:

“Ba chomórtas é seo do phost thar a bheith tábhachtach, ach go háirithe sna blianta amach romhainn agus forálacha an Achta leasaithe ag teacht i bhfeidhm. Beidh dualgais sa bhreis ar Oifig an Coimisinéara ó thaobh monatóireachta de agus maidir le comhairle, treoir agus cuidiú a thabhairt do na comhlachtaí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Táim lán-muiníneach gurb é an tUasal Ó Concheanainn an té is fearr don ról seo agus go leanfaidh sé air ag tabhairt faoina chuid oibre le dúthracht agus le fuinneamh chun leasa cearta teanga shaoránaigh an Stáit.”

I ndáil le hAlt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (arna leasú ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021), beidh rún le rith sa Dáil agus sa Seanad anois a luaithe is a fhilleann siad san fhómhar i leith an mholta seo ag an Rialtas agus, bunaithe air sin, molfar d’Uachtarán na hÉireann an ceapachán a dhéanamh.

Nótaí don Eagarthóir:

Féinaisnéis – an tUasal Séamas Ó Concheanainn

Tá taithí fhorleathan ag Séamas Ó Concheanainn ar róil shinsearacha cheannaireachta in earnálacha éagsúla le 25 bliain anuas: reachtaíocht teanga, ardoideachas, pleanáil teanga agus forbairt pobail. Is ag obair mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá Séamas faoi láthair. Baineann a chuid cúraimí reatha le gach gné d’obair na hOifige a stiúradh ar mhaithe le feidhmiú na gcearta teanga reachtúla atá dlite do phobal na Gaeilge faoi réir Achtanna na dTeangacha Oifigiúla (2003, 2021). Treisíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 na cearta teanga atá ag cainteoirí Gaeilge.

Sular ceapadh Séamas mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga in 2020, bhí poist cheannaireachta éagsúla aige in Ollscoil na Gaillimhe le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Rinne sé stiúradh ar thionscnaimh léinn, taighde agus forbartha pobail sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Bhí ról lárnach ag Séamas i bhforbairt ghréasán na nIonad Gaeltachta atá ag an Acadamh. Tá taithí mhór aige ar straitéisí sealbhaithe agus buanaithe teanga, gnóthaí forbartha réigiúnacha agus athbheochana tuaithe chomh maith le comhpháirtíochtaí a bhunú agus a bhainistiú le ranna Rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus institiúidí ardléinn in Éirinn agus thar lear. Ba é príomhthaighdeoir Fios Físe, tionscadal taighde náisiúnta ar chraoltóireacht na Gaeilge do TG4 agus do RTÉ.

Tá taithí shuntasach ag Séamas ar cheisteanna abhcóideachta agus rialachais san earnáil phoiblí agus neamhbhrabúsach de bharr na ról deonach a bhí aige i gcomhlachtaí forbartha pobail (Comharchumann Shailearna Teo.), teanga (Coiste Pleanála Teanga Chonamara Láir) agus turasóireachta (Cósta Gaelach Chonamara) in imeacht na mblianta.

Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe (Gaeilge & Stair) agus Ollscoil Mhá Nuad (Ríomheolaíocht) é Séamas. Is as an Spidéal ó dhúchas é agus is ann atá a chónaí fós lena chéile Vicí.

Eile

• Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

• Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021

• Leathanach faoin Acht ar shuíomh na Roinne

• Suíomh Oifig an Choimisinéara Teanga

• PR maidir leis an Acht i gcoitinne