English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Byrne an Ceathrú Comhráiteas ar chogadh na Rúise ar an Úcráin agus spórt idirnáisiúnta.

Dhearbhaigh an tAire Stáit le freagracht as an Spórt agus an Corpoideachas, Thomas Byrne TD, inniu gur shínigh sé an cheathrú chomhráiteas ag 36 Aire Spóirt domhanda maidir le hionsaí na Rúise ar an Úcráin agus spórt idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire Byrne:

“Tá Éire tiomanta ina tacaíocht don Úcráin agus tá sé soiléir dúinn nach féidir leis an IOC neamhaird a thabhairt ar an dá shárú a rinne an Rúis ar an Síochán Oilimpeach. Ní cóir don IOC ligean do lúthchleasaithe Rúiseacha agus Bealarúiseacha páirt a ghlacadh i gCluichí Phárais na bliana seo chugainn mar lúthchleasaithe neodracha, mar dhea, muna dtéann siad i ngleic le ceisteanna cosúil le nascanna míleata na lúthchleasaithe, maoiniú stáit, sainmhíniú cad is foireann ann, agus córais chun rialacha a chur i bhfeidhm. Tá creidiúnacht an spóirt idirnáisiúnta i mbaol agus ní mór don IOC feidhmiú le cinnteacht agus soiléireacht iomlán.”

Dúirt an tAire Byrne go bhfuil meas iomlán ag Éire ar neamhspleáchas eagraíochtaí spóirt. Dúirt sé nach gciallaíonn sin, áfach,

“go suífimid go ciúin ar an taobhlíne agus nach mbeimid soiléir ar dhualgais aon eagraíocht spóirt beart de réir briathair a léiriú ar a gcuid freagrachtaí agus meas agus caoinfhulaingt a thaispeáint mar bhuncloch an spóirt idirnáisiúnta. Déanfar breithiúnas ar an IOC de réir a ngíomh, agus ní atá ráite acu. Mar aon leis na sínitheoirí eile ar an gcomhráiteas seo, beidh mise ag faire go géar ar na moltaí seo á gcur i bhfeidhm ag an IOC agus eagraíochtaí spóirt idirnáisiúnta sna seachtainí beaga amach romhainn.”