Scéim deontais spóirt €40m seolta ag na hAirí do 2021
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 30 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D., inniu go bhfuil €40 milliún á chur ar fáil do 2021 faoi bhabhta nua den Chlár Caipitiúil Spóirt agus Trealaimh.
Is é an Clár Caipitiúil Spóirt agus Trealaimh an príomh-mheán lena dtugann an Rialtas tacaíocht do shaoráidí spóirt agus aclaíochta áineasa agus do cheannach trealamh spóirt neamhphearsanta ar fud na tíre. Beifear in ann iarratais a dhéanamh ar líne agus sin amháin ón 9am Dé hAoine an 11 Nollaig go dtí 5pm Dé hAoine an 12 Feabhra, 2021.
Dúirt an tAire Martin:
Tá béim curtha ag an bpaindéim Covid ar a thábhachtaí is atá an spórt dár sochaí. Chomh maith leis an bpléisiúr agus na sceitimíní a fhaighimid as féachaint ar ár laochra spóirt i mbun imeartha, is ríthábhachtach dár sláinte choirp agus dár meabhairshláinte é a bheith rannpháirteach go gníomhach sa spórt. D’fhonn deis a thabhairt don líon daoine is airde agus is féidir a bheith rannpháirteach, ní mór saoráidí agus trealamh spórt a bheith ar fáil. Chun cabhrú leis sin, tá ríméad orm go bhfuil €40 milliún á chur ar fáil againn do chlubanna spóirt agus do ghrúpaí pobail ar fud na tíre.
Léiríonn torthaí le déanaí go bhfuil an bhearna inscne maidir le rannpháirtíocht ghníomhach sa spórt ar an leibhéal is ísle riamh, de réir sonraí a d’fhoilsigh Spórt Éireann. Tá an Rialtas tiomanta tús áite a thabhairt d’ardú a chur ar rannpháirtíocht na mban sa spórt, mar rannpháirtithe, cóitseálaithe, réiteoirí agus riarthóirí. Cabhrófar leis an aidhm thábhachtach sin leis an gClár Caipitiúil Spóirt agus Trealaimh. Anuas air sin, cuirfear borradh faoi rannpháirtíocht i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus cinnteofar go bhféadfaidh gach duine i ngach cuid den tsochaí leas a bhaint as na buntáistí a thugann spórt agus aclaíocht don chorp agus don intinn.
Mhol an tAire Stáit atá freagrach as Spórt, Jack Chambers, do gach eagraíocht a bhfuil tionscadal oiriúnach acu iad féin a ullmhú le haghaidh iarratas a dhéanamh.
Má tá ár spriocanna uaillmhianacha maidir le rannpháirtíocht i spórt le baint amach againn, ní mór dúinn leanúint d’infheistiú i saoráidí agus, go háirithe, díriú go sonrach ar cheantair ina bhfuil leibhéal íseal rannpháirtíochta.
Faoin gclár nua, tabharfar tús áite arís d’iarratais ó cheantair faoi mhíbhuntáiste, d’iarratais a chuirfidh ardú ar rannpháirtíocht, lena n-áirítear i measc cailíní, mná agus úsáideoirí faoi mhíchumas, agus na daoine sin a roinneann saoráidí le húsáideoirí eile agus leis an bpobal níos leithne.
Bliain chrua a bhí ann don iliomad clubanna spóirt, de bharr na géarchéime COVID-19, ach leis an mbabhta nua den chlár, tugtar deis anois do chlubanna fíor-fheabhas a chur ar a gcuid saoráidí. Is mian linn an próiseas iarratais a dhéanamh chomh héasca agus is féidir d’úsáideoirí, mar sin tá na feabhsúcháin go léir (ó dhearcadh an iarratasóra de) ar tástáladh iad sna babhtaí deireanacha á gcoimeád sa bhabhta seo.
An chéad chéim maidir le deontas a fháil is ea clárú ar chóras na Roinne ar líne. Mhol na hAirí do chlub ar bith nach bhfuil cláraithe fós é sin a dhéanamh anois. Is féidir le clubanna clárú ar chóras ar líne na Roinne ag www.sportscapitalprogramme.ie. Ar chlárú do chlub, caithfidh sé gach iarratas a dhéanamh ar an láithreán gréasáin céanna. Beidh an córas ar oscailt d’iarratais ón 11 Nollaig go dtí an 12 Feabhra, 2021.
Foilsíodh an “Treoir maidir le hIarratas a Dhéanamh” ar láithreán gréasáin na Roinne inniu freisin agus tá sí le fáil anseo:Clár Caipitiúil Spóirt
D’eagarthóirí:
Is é an Clár Caipitiúil Spóirt agus Trealaimh an príomh-mheán lena dtugann an Rialtas tacaíocht do shaoráidí spóirt agus aclaíochta áineasa agus do cheannach trealamh spóirt neamhphearsanta.
Maoinítear iad seo a leanas faoin gclár:
• Páirceanna imeartha spóirt, raonta agus cúirteanna d’fhéar nádúrtha (draenáil pháirceanna imeartha san áireamh)
• Tuilsoilsiú atá tíosach ar fhuinneamh
• Páirceanna imeartha, raonta, cúirteanna agus ceantair chluichí ilúsáide saorga
• Fálú slándála, líontán chun liathróidí a stopadh agus cuaillí
• Ballaí cleachta iománaíochta / pinniúir
• Seomraí feistis, cithfholcadáin agus leithris a thógáil nó a athchóiriú
• Hallaí spóirt agus giomnáisiamaí a thógáil nó a athchóiriú
• Trealamh spóirt neamhphearsanta
• Oibreacha/trealamh teoranta a bhaineann le Covid
• Athruithe ar shaoráidí spóirt chun ídiú fuinnimh a laghdú
• Aon tionscadail chaipitiúla eile a bhaineann go soiléir leis an spórt agus a chuirfidh méadú ar rannpháirtíocht sa spórt nó feabhas ar fheidhmíocht
Tá tuilleadh eolais faoin gclár, lena n-áirítear mionsonraí faoi na leithdháiltí uile go dtí seo agus athbhreithniú mionsonraithe ar an mbabhta is deireanaí den chlár le fáil ag Gov.ie