Scéim Tacaíochta nua um Gheilleagar Oíche d’Ionaid Ceoil Pobail fógartha ag an Aire Patrick O’Donovan
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 31 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Scéim Tacaíochta nua um Gheilleagar Oíche d’Ionaid Ceoil Pobail fógartha ag an Aire Patrick O’Donovan
Aire chun maoiniú de €500,000 a chur ar fáil do thríú céim den Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche lena dtacófar le hIonaid Ceoil Pobail bheaga ar fud na tíre
Is féidir le hionaid deontas de suas le €15,000 a fháil i gcomhair na costais a bhaineann le himeachtaí ceoil bheo a reáchtáil
Inniu d’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, céim nua den scéim tacaíochta um Gheilleagar Oíche chun tacú le hionaid ceoil pobail sheanbhunaithe. Forbraíodh an scéim i ndiaidh moladh sa Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Gheilleagar Oíche mar aitheantas ar an mhéid a chuireann ionaid ceoil pobail le tionscail an cheoil trí cheoltóirí atá ag teacht chun cinn a chothú, agus ar na dúshláin atá roimh na hionaid seo.
Tá ciste de €500,000 ar an iomlán leithdháilte ar an Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail (GMVSS) a bhfuil mar aidhm aici tacú le hionaid bheaga sheanbhunaithe a chuireann iad féin chun cinn agus atá aitheanta sa phobal mar ionaid ceoil bheo nó ionaid damhsa, le taibhiú beo pobail mar chroílár dá gcláir imeachtaí.
Cuirfear maoiniú de suas le €15,000 ar fáil chun imeachtaí a reáchtáil ina léirítear tallann ealaíontóirí pobail atá ag teacht chun cinn, agus iad ag seinm ceol beo nó ceol leictreonach a scríobh nó a chruthaigh siad féin. Faoin scéim, ceanglaítear ar ionaid cinnte a dhéanamh go dtugtar pá do gach ealaíontóir agus saoroibrí criú. Is féidir le hionaid iarratas a dhéanamh i gcomhair maoiniú do chostais léiriúcháin agus criú, caidreamh poiblí, fógraíocht, ticéadú, trealamh a fháil ar cíos, foireann slándála a fhostú agus costais árachais imeachta.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chritéir incháilitheachta agus costais incheadaithe, tabhair cuairt ar na treoirlínte don scéim anseo.
Ag labhairt dó ag seoladh na scéime inniu ag Cleary’s, An Caisleán Nua, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
“Is cuid lárnach den saol ceoil in Éirinn iad ionaid ceoil pobail atá thar a bheith tábhachtach inár pobail. Ba mhaith liom tacú leis na hionaid seo ionas gur féidir leo deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí nua atá ag teacht chun cinn agus spásanna a thabhairt dóibh chun taibhiú a dhéanamh, a scileanna a fhorbairt agus a lucht leanúna a chothú. Tá cuid mhaith de na mórcheoltóirí a fheiceann muid inniu in airéiní móra a chuir tús lena ngairmeacha ag seinm in ionaid ceoil pobail, agus mar sin tá sé tábhachtach go dtacaíonn muid leis na hionaid seo chun gur féidir leo leanúint de bheith ag tabhairt na deiseanna riachtanacha seo do cheoltóirí agus DJanna.”
Forbraíodh an Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail le comhairle ó ionadaithe ón Live Venue Collective, tionscal an cheoil pobail, Give Us The Night agus na Comhairleoirí Geilleagair Oíche.
Déanfar iarratais a mheas ar bhonn ‘tús freastail ar an cheann is túisce’.
Tá na treoirlínte don scéim nua ar fáil anseo.
Is féidir iarratas a chur isteach ar an scéim nua anseo ó mheánlae inniu.
Fanfaidh an Scéim ar oscailt go dtí meánlae ar an 15 Bealtaine 2025 nó go dtí go gcaitear an ciste, cibé acu a tharlaíonn ar dtús.
Nótaí chuig an Eagarthóir:
Is tionscnamh Geilleagair Oíche é seo mar thacaíocht le hobair Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche agus i ndiaidh moladh a d’eascair ó Ghníomh 5 den Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Gheilleagar Oíche.
Tá mar aidhm leis an scéim deontais phíolótach nua seo tacaíocht a thabhairt d’ionaid ceoil pobail sheanbhunaithe chun imeachtaí a reáchtáil ina léirítear ceoltóirí, DJanna san áireamh, atá luath ina ngairmeacha, mar aitheantas ar an mhéid a chuireann ionaid ceoil pobail le tionscal an cheoil.
Feidhmeoidh an scéim seo le ciste €500k. Is é uasmhéid inlámhála an deontais ná €15,000 in aghaidh an ionaid rathúil. Is féidir le deontaithe maoiniú do 75% de na costais incháilithe a tharraingt anuas, suas le huasmhéid na suime leithdháilte. Beidh ar an deontaí an 25% eile de na costais incháilithe a mhaoiniú iad féin.
Cuirfear maoiniú ar fáil faoin scéim seo i gcomhair sraithe imeachtaí ina ndíreofar ar ealaíontóirí pobail atá ag seinm ceol beo/leictreonach a scríobh nó a chruthaigh siad féin. Tá sé i gceist leis na himeachtaí seo go gcuirfear fostaíocht ar fáil do chriú, innealtóireacht fuaime agus soilsithe, margaíocht agus caidreamh poiblí, chomh maith le borradh a chur faoi líon custaiméirí na n-ionad pobail agus tacaíocht a thabhairt do gheilleagar oíche bríomhar.
Tá sonraí faoi chritéir bhreise agus coinníollacha an mhaoinithe ar fáil i dtreoirlínte na Scéime.
CRÍOCH