Scéimeanna um Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag fógartha ag an Aire O’Donovan
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2025
Scéimeanna um Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag fógartha ag an Aire O’Donovan
Inniu d’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt sraith scéimeanna deontais lena dtacófar leis an Roinn chun a gcuspóir straitéiseacha maidir le rochtain ar na healaíona agus na Bailiúcháin Náisiúnta a bhaint amach.
Tá an Scéim um Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag deartha chun tacú le himeachtaí cultúir áitiúla a d’fhéadfadh nach incháilithe iad faoi chritéir mhaoinithe d’imeachtaí ar scála níos mó, cosúil leo siúd arna dtacú ag Fáilte Ireland, an Chomhairle Ealaíon agus forais dá leithéid. Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Aibreán 4ú, 2025. Leithdháilfear maoiniú i ndiaidh próiseas iarratas iomaíoch, le huasdeontas de €5,000 á chur ar fáil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo
Tá an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann deartha chun tacú le tionscadail chultúir ag a bhfuil gnéithe suntasacha trasteorann. Tá mar aidhm le scéimeanna beaga neamhspleácha atá á maoiniú faoin scéim, tá mar aidhm leo oidhreacht ealaíonta, chultúrtha, cheoil nó scannánaíochta Oileán na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh ar bhonn Thuaidh/Theas, le huasdeontas de €15,000 ar fáil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo
Is é aidhm Scéim Soghluaisteachta Bailiúchán 2025 ná tacú le rochtain réigiúnach agus áitiúil ar ábhar atá i seilbh na mBailiúchán Náisiúnta. Dearadh an scéim chun maoiniú a thabhairt i gcomhair taistil, chostas an árachais, agus costas taispeántais do phíosaí ó na Bailiúcháin Náisiúnta d’institiúidí oiriúnacha timpeall na tíre.
Tá tuilleadh eolais ar fáil Item was unpublished or removed
Tá tionscadail atá á maoiniú faoi Scéim Thaispeántais na Músaem Réigiúnach ag lorg maoinithe caipitil chun feabhas a chur ar thairiscint chultúrtha na músaem, chun breis rochtana ar mhúsaeim a spreagadh agus chun músaeim a chur chun cinn mar acmhainní turasóireachta ina gceantair nó réigiúin, le huasdeontas de €15,000 á chur ar fáil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil Item was unpublished or removed
Agus é ag labhairt inniu dúirt an tAire O’Donovan:
“Táim an-sásta oscailt na gceithre scéim seo a fhógairt inniu, atá lárnach i gcur chun cinn ár gCultúir agus ár n-ealaíon, agus a chuireann go mór lenár saolta agus ár bpobail.
Tá na scéimeanna an-tábhachtach d’fhorbairt agus cur chun cinn thairiscint turasóireachta cultúrtha na hÉireann, chun tairbhe an turasóra ó Éirinn agus ó thar lear araon. Cuireann siad ardán ar fáil do mhalartuithe cultúir, agus cabhraíonn siad lenár n-oidhreacht chultúir a chaomhnú agus a chur chun cinn. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar rannpháirtithe ina n-iarratais. I ndiaidh próisis measúnaithe iomaíoch, foilseofar na hiarrthóirí rathúla ar gov.ie.”
CRÍOCH