Seoladh an Chéad Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsitheachta d'Earnáil na Meán
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 3 Iúil 2024
• An chéad straitéis dá leithéid don tionscal
• Tá sé mar aidhm aici cultúr comhionannais agus cuimsitheachta a chothú sna meáin
Inniu sheol Catherine Martin, T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsitheachta Choimisiún na Meán.
Tá an Straitéis bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus ar thaithí saoil na ndaoine atá ag obair laistigh dár n-earnáil meán.
Chuir an tAire fáilte roimh an Straitéis mar phríomhchéim i dtreo a chinntiú go bhfuil tionscal na meán inrochtana, cuimsitheach agus ionadaíoch dár sochaí.
Ag seoladh na Straitéise in oifigí Choimisiún na Meán inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá ceist an chomhionannais inscne mar thosaíocht agamsa mar Aire. Tá earnáil meán éagsúil agus cuimsitheach riachtanach dár sochaí, dár ndaonlathas agus dár bhforbairt chultúrtha. Tá sé ríthábhachtach go léireoidh ár meáin guthanna iomadúla agus éagsúla ár sochaí.
Is í seo an chéad chéim i bpróiseas fadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sochaíocha fadréimseacha atá romhainn, amhail comhionannas inscne, léiriú steiréitíopaí diúltacha agus baic ar rochtain agus deis. Oibreoidh an straitéis seo i dtreo tírdhreach meán níos cothroime a chinntiú agus tírdhreach ina soláthraítear éagsúlacht agus iolrachas guthanna dár ndioscúrsa náisiúnta, a chothaíonn deiseanna laistigh den earnáil agus a léiríonn an tsochaí a a ndéanann sé ionadaíocht uirthi”.
Duirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán:
“Is céim thábhachtach é foilsiú Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsitheachta inniu d’earnáil na meán in Éirinn chun a chinntiú go bhfuil ár n-earnáil meán fuaime agus closamhairc inrochtana, cuimsitheach, éagsúil agus ionadaíoch d’Éirinn chomhaimseartha.
Leanfaidh An Coimisiún ag spreagadh tionscnamh chun cur le héagsúlacht earnáil na meán in Éirinn agus trínár scéimeanna forbartha earnála agus maoinithe féin, tacóidh sé le gníomhaíochtaí atá dírithe ar earnáil na meán in Éirinn a dhéanamh níos cuimsithí.’’
Beidh sé mar aidhm ag an Straitéis, atá ar an gcéad cheann dá leithéid don tionscal, cultúr comhionannais agus cuimsitheachta a chothú sna meáin agus is toradh í ar chlár fairsing oibre a rinne Coimisiún na Meán le roinnt blianta anuas a chuimsigh comhairliúchán leathan le príomhionadaithe earnála.
I measc príomh-bhuaicphointí na Straitéise tá:
• bailiú, monatóireacht agus foilsiú sonraí comhionannais, éagsúlachta agus cuimsitheachta (CÉC) ag meáin seirbhíse poiblí
• caighdeáin CÉC a fhorbairt trasna ábhar meán
• oideachas agus oiliúint éagsúlachta
• deiseanna fostaíochta níos cothroime
• inrochtaineacht níos fearr san earnáil agus
• léiriú níos cruinne ar shochaí na hÉireann sna meáin
CRÍOCH