English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta a ghlacfaidh le hiarratais ó 1 i.n. ar an 9 Meitheamh 2021.

Tá ciste €14m ar fáil don scéim nua a íocfaidh cuid de na costais atá ag gnólachtaí san earnáil siamsaíochta beo a raibh tionchar diúltach suntasach ag srianta COVID-19 orthu. Is féidir le gnólachtaí nach bhfuil incháilithe do thacaíochtaí gnó eile cosúil le Scéim Tacaíochta Srianta COVID nó an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Beaga le haghaidh COVID iarratas a dhéanamh ar an Scéim seo.

Seo a leanas gnéithe den Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta;

Is féidir le trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí agus aonáin chorpraithe atá ag feidhmiú mar ghnólacht san earnáil tráchtála siamsaíochta beo iarratas a dhéanamh.

  • Tá gnólachtaí de chuid ceoltóirí agus amhránaithe de gach seánra incháilithe, mar atá;

o innealtóirí fuaime

o innealtóirí soilse

o bainisteoirí stáitse

o teicneoirí stáitse

o soláthróirí threalamh fuaime agus soilse

o soláthróirí threalamh beoshrutha

o dioscmharcaigh lánaimseartha

• cuirfear tacaíocht ar fáil trí íocaíocht amháin ag trí leibhéal:

o €2,500 do ghnólachtaí le láimhdeachas €20,000 - €50,000 gan CBL san áireamh le bunchostais ghnó €3,000;

o €4,000 do ghnólachtaí le láimhdeachas €50,000 - €100,000 gan CBL san áireamh le bunchostais ghnó €6,000;

o €5,000 do ghnólachtaí le láimhdeachas níos mó ná €100,000 gan CBL san áireamh le bunchostais ghnó €7,500;

• ní féidir le láimhdeachas an ghnólachta don tréimhse idir an 1 Aibreán 2020 agus an 31 Márta 2021 a bheith níos mó ná 25% de láimhdeachas an ghnólachta don bhliain a mbaineann na cuntais a chuirtear isteach léi;

• caithfidh sé a bheith ar intinn ag an ngnólacht trádáil arís go hiomlán nuair a mhaolófar srianta an rialtais.

Beidh an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta oscailte d’iarratais ón 9 Meitheamh 2021 go dtí an 7 Iúil 2021 trí chóras iarratais ar líne. Seans go cuirfear siar an dáta deiridh sa chás go mbeidh maoiniú ar fáil don scéim. Tá níos mó eolais maidir leis an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta, a chuimsíonn treoirlínte na Scéime, conas teacht ar an gcóras iarratais ar líne agus ceisteanna a chuirtear go minic, ar fáil anseo.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta a oscailt d’iarratais ó ghnólachtaí. Tá an scéim mar chuid de shraith tacaíochtaí €50 milliún dóibh siúd a oibríonn san earnáil siamsaíochta beo. Cuirfidh an maoiniú €14 milliún seo tacaíocht atá ag teastáil go géar ar fáil dóibh siúd san earnáil taibhithe beo nach bhfuil incháilithe do thacaíochtaí gnó eile.”

CRÍOCH