Seolann an tAire Martin Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 31 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 6 Aibreán 2021
Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD, an Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide thar ceann Chlár Éire Ildánach i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tabharfaidh an ciste nua seo deis d’údaráis áitiúla agus cleachtóirí cruthaitheacha úsáid a bhaint as a scileanna idirghníomhaíochta chun dul i ngleic le dúshlán cultúrtha an athrú aeráide. Reáchtálfaidh Clár Éire Ildánach an ciste €2 milliún a thacaíonn le Clár an Rialtais thar dhá bhliain.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:
“Táim fíorbhródúil as tacú le Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide. Gairm chun gnímh atá sa chiste speisialta seo do phobal na n-ealaíon, an chultúir, na hoidhreachta agus pobail chruthaitheacha eile leis an bpobal a spreagadh chun troda i gcoinne an athrú aeráide. Má bhaineann an t-athrú aeráide leis an athrú cultúrtha go bunúsach, is é an pobal cultúrtha agus cruthaitheach a rachaidh i ngleic leis ar bhealach níos fearr ná grúpa ar bith eile.”
Tá an Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide i gcomhair tionscadail chruthaitheacha chun an pobal a chur ar an eolas faoin ngá práinneach atá leis an stíl mhaireachtála aeráide agus leis an athrú iompraíochta. Creideann Clár Éire Ildánach agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide araon go bhfuil ról fíorthábhachtach ag an gcruthaitheacht, na healaíona agus an cultúr le gá práinneach an dúshláin seo a chur in iúl agus chun athrú a spreagadh agus a éascú ag gach leibhéal sochaí. Cuirfear spéis i moltaí comhoibríocha a dtugann déantóirí cruthaitheacha ó thionscail ealaíonta agus chruthaitheacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha athrú aeráide agus timpeallachta, earnálacha oideachais, eolaíochta agus sochaí shibhialta, agus a chuireann réitigh chruthaitheacha, nuálacha agus ildisciplíneacha ar fáil.
Ag seoladh Ghníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide dúirt an tAire Martin:
“Táimid ag iarraidh teacht ar thionscadail a dhéanfaidh nasc idir daoine agus na hathruithe móra atá ag tarlú inár dtimpeallacht, ár tsochaí agus ár ngeilleagar, agus a spreagfaidh daoine chun gnímh ar son na haeráide agus athrú iompraíochta. Táimid ag lorg tionscadal a spreagann daoine, a théann i gcion ar dhaoine, a mheallfaidh lucht féachana nua agus atá comhoibríoch. Tá ealaíontóirí, dearthóirí, cleachtóirí cultúrtha agus cruthaitheacha, a mhaireann agus a oibríonn trí chleachtadh cruthaitheach, go maith ag rudaí a chur i mbéal an phobail, comhráite a thosú, eagla a mhaolú agus réitigh a aimsiú. Ba mhaith linn éisteacht agus tacú leis na réitigh seo.”
Dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir Chlár Éire Ildánach:
“Tá sé mar aidhm ag Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide aird an phobail chruthaithigh a dhíriú ar thionscadail shamhlaíocha ar scála mór a rachaidh i bhfeidhm ar dhaoine agus a chuirfidh athrú iompraíochta chun cinn ar bhonn práinne. Ba mhaith linn go nglacfaidh ní hamháin na daoine atá tógtha le ceisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide cheana féin, ach daoine atá trína chéile maidir lena ról féin sa troid i gcoinne an athruithe aeráide. Tá súil againn go ndíreoidh na tionscadail chruthaitheacha seo ar réimsí gníomhaíochtaí daonna a léiríodh go bhfuil an tionchar is mó acu ar astaíochtaí carbóin ar nós ár dtithe, taisteal, bia, siopadóireacht agus athchúrsáil. Tá na tionscadail chruthaitheacha seo a chuireann ar chumas gach duine athruithe a dhéanamh ag teastáil uainn chun difear ceart a dhéanamh.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan, TD:
“Is príomhthosaíocht de chuid Chlár an Rialtais é dul i ngleic leis an athrú aeráide agus todhchaí níos inbhuanaithe a bhaint amach dá gcuid saoránach. Tá sé go hiontach ár n-aidhmeanna a bhaint amach trí gach gné den rialtas. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le mo chomhghleacaí, an tAire Catherine Martin agus a foireann faoin gciste speisialta seo a cheapadh agus a thacú a dhéanfaidh difear ceart maidir leis an gcaoi a smaonímid faoin athrú aeráide. Táim ag súil go mór leis na smaointe a chuirfidh ár bpobal cruthaitheach in iúl.”
Glacfar le hiarratais anois agus tá ábhar mínithe ar fáil ar https://creativeireland.submit.com agus www.creativeireland.gov.ie. Glacfar le hiarratais go dtí an 21 Bealtaine 2021 agus fógrófar na hiarratais rathúla i mí an Mheithimh.