Seoltar ciste nua Amuigh faoin Spéir chun cur le bithéagsúlacht ar thalamh poiblí a bhfuil áiseanna spóirt allamuigh air
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 23 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Maoiniú ar fáil le hinfheistiú chun cur leis an dúlra i dtionscadail spóirt
• Béim ar leith ar bhithéagsúlacht a fheabhsú ar shuíomhanna infreastruchtúr spóirt faoin aer
• Táthar ag glacadh le hiarratais ar an gCiste anois ó líonra na gComhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt ar fud na tíre go dtí Dé hAoine, an 21 Meitheamh; €25,000 ar fáil do gach comhpháirtíocht
• Tá an ciste nua seo i measc réimse tionscnamh de chuid na hÉireann le linn Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta
Inniu dhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sonraí an mhaoinithe a chuirfear ar fáil do bhearta bithéagsúlachta ag áiseanna spóirt faoi Chiste Allamuigh an Náisiúin Rannpháirtíochta.
Tá maoiniú suas le €25,000 ar fáil do gach Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt chun tacú le tionscadail nasctha leis an dúlra ag áiseanna spóirt atá oscailte d’úsáid an phobail. Díreofar go sonrach ar thacú leis an mbithéagsúlacht timpeall ar shaoráidí spóirt faoin aer a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. I measc samplaí de thionscadail fhéideartha tá plandú nach ndéanann dochar do phailneoirí, láithreáin neadaithe sábháilte d’éin, beacha agus ialtóga, agus suiteáil locháin bhithéagsúlachta.
Is tionscnamh comhuaineach é seo leis an gciste infheistíochta trealaimh spóirt faoin aer a seoladh le déanaí, ‘Ciste Allamuigh an Náisiúin Rannpháirtíochta’, a d’fhógair an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachais agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD ar an 3 Bealtaine.
Is é aidhm na mbearta bithéagsúlachta a deimhníodh inniu ná cur le agus cosaint an dúlra a chur chun cinn le béim faoi leith ar thacú le bithéagsúlacht na timpeallachta máguaird ar thalamh den sórt sin.
Déanfaidh an Roinn maoirsiú ar an gciste agus riarfaidh Spórt Éireann é. Glacfar le hiarratais ón líonra de 29 Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt.
Dúirt an tAire Martin:
“Aithnítear nascadh leis an dúlra agus aclaíocht mar dhá phríomhbheart folláine agus spreagann Ciste Allamuigh an Náisiún Rannpháirtíochta Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt chun oibriú lena n-earnáil áitiúil spóirt chun tionscnaimh a fhorbairt a théann chun tairbhe go forleathan agus a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Is beart tábhachtach freisin é bithéagsúlacht ár dtimpeallachta a fheabhsú chun dul i ngleic le hathrú aeráide. Níos luaithe an mhí seo d’fhógair an Roinn maoiniú do chiste infheistíochta spóirt nua, Ciste Allamuigh an Náisiún Rannpháirtíochta agus is sampla maith é an tionscnamh comhuaineach seo den chaoi ar féidir linn agus ar cheart dúinn iarracht a dhéanamh i gcónaí ár dtimpeallacht nádúrtha a fheabhsú agus muid ag infheistiú i dtionscadail eile."
“Is cuí an maoiniú seo a dhearbhú le linn Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta agus táim ag tnúth le moltaí ó na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt a fheabhsóidh an bhithéagsúlacht agus a fheabhsóidh rochtain ar aclaíocht shaor ó bhac agus a chuideoidh le pobail níos sona agus níos sláintiúla a thógáil."
“Tá lúcháir orm inniu freisin an ciste nua seo a sheoladh le cabhair ó Naomh Ólaf, club spóirt a bhí mar inspioráid don scéim bhithéagsúlachta agus a rinne cuíchóiriú ar chosaint an dúlra ina gcairt inbhuanaitheachta cheana féin.”
Ba cheart aon cheist maidir leis an gciste a chur chuig participation@sportireland.ie
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Déantar gealltanas i gclár an Rialtais infheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh bhithéagsúlachta agus tacú le comhlachtaí poiblí an bhithéagsúlacht a chur chun cinn agus a chosaint.
Tagann an ‘Ciste Lasmuigh Pobal Páirteach’ go maith leis na bearta bithéagsúlachta a deimhníodh inniu, an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt atá ann faoi láthair agus an Ciste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála.
• Tá Spórt Éireann ag glacadh le tograí faoi láthair agus is é an 21 Meitheamh 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratais.