Speagadh Maoinithe Ollmhór €80m do Spóirt chun téarnamh agus fás a dhéanamh agus daoine a mhealladh ar fud na tíre
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 13 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 13 Nollaig 2021
- €73.6 milliún i ndáil le maoiniú a bhaineann le COVID-19
- €5.3m do Threalamh Spóirt
Tá nach mór €80m fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus ag an Aire Spóirt agus Gnóthaí Gaeltachta, Jack Chambers T.D. i gcomhar le Spórt Éireann don earnáil spóirt faoi dhá chlár tacaíochta faoi leith.
Tá maoiniú Covid tuairim is €73.6m á leithdháileadh faoi chúig shruth ar leith chun cuidiú le heagraíochtaí spóirt teacht chucu féin arís agus forbairt a dhéanamh i ndiaidh na paindéime, chun tacú leis an líonra clubanna agus comhpháirtíochtaí áitiúla spóirt atá againn i measc an ghnáthphobail, agus chun cinnte a dhéanamh go dtabharfaidh gach duine faoi spórt agus faoi ghníomhaíocht choirp arís, beag beann ar aois ná ar chumas.
Tá €5.3m eile á chur ar fáil do Chomhlachtaí Náisiúnta Ceannais (NGBanna) a bhíonn ag plé le cúrsaí spórt agus do Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla chun trealamh spóirt a chur ar fáil lena n-áirítear dífhibrileoirí a leathadh amach i gclubanna, feistis a chur ar fáil do leanaí scoile agus trealamh úrscothach a chur ar fáil do lúthchleasaithe ardfheidhmíochta na tíre.
Tá fógra an lae inniu ag teacht sna sála ar ghealltanas ón dá Aire maidir le clár infheistíochta Covid-19 ar luach €65 milliún. Tá infheistíocht bhreise curtha ar fáil le buiséad Spórt Éireann 2021, a fhágann go bhfuil luach €73.617 milliún san iomlán leis na tacaíochtaí Covid atá á chur ar fáil don earnáil. Is tráthúil na scéimeanna seo chun cobhsaíocht agus cinnteacht a chur ar fáil don earnáil spóirt de réir mar a thagann sí amach as an bpaindéim agus mar a bhíonn sí ag pleanáil don bhliain 2022.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.: “Tá an-ghean againn ar fad ar spórt sa tír seo, agus mar sin, tugaimid an-tacaíocht do clubanna, d’iomaitheoirí agus do gach aon duine a thaitníonn gníomhaíocht choirp leis. Ach bhí an dá bhliain dheireanach ar dhá cheann de na blianta is dúshlánaí do gach eagraíocht spóirt agus is mór an faoiseamh a bheidh ar an earnáil spóirt de bharr fhógra an mhaoinithe seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh bonn daingean airgeadais faoin earnáil spóirt. Leis an maoiniú breise, mar aon leis an méadú ar an mbuiséad spóirt don bhliain 2022, cinnteofar inmharthanacht fhadtéarmach eagraíochtaí spóirt na tíre, an córas ardfheidhmíochta agus rochtain a bheith ag an uile dhuine ar spórt i gcónaí, Bainfear amach gach cearn den tír leis na cístí éigeandála seo, rachaidh siad chun leasa go leor gníomhaíochtaí éagsúla agus cinnteofar leo go leanfaidh clubanna agus grúpaí den ghnáthphobal den sárobair atá ar bun acu.”
Dúirt an tAire Stáit don Spórt agus do Ghnóthaí Gaeltachta, Jack Chambers:
“Cuirim fáilte roimh na leithdháiltí a d’fhógair Spórt Éireann inniu, lena dtugtar aitheantas ar an tábhacht mhór a bhain le spórt agus gníomhaíocht choirp maidir le freagairt na hÉireann don phaindéim. Bíonn gach cuid den sochaí ag dul i dtaithí ar na cúinsí sláinte poiblí i gcónaí de réir mar a bhíonn siad ag athrú agus tá moladh tuillte ag Comhlachtaí Náisiúnta Ceannais, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus clubanna spóirt na tíre as mar a tháinig siad isteach ar chúrsaí. Tuigeann an rialtas gur am dúshlánach a bhí anseo do gach duine agus cuideoidh an maoiniú a leithdháileadh inniu leis an earnáil agus leis an ról tábhachtach atá aici i gcónaí tacú le gach duine sa tsochaí fáil gníomhach agus fanacht gníomhach.”
Tá infheistíocht ar leith curtha ar fáil chomh maith don earnáil spóirt do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis an tionscnamh Spórt do Chách, i measc tionscnaimh eile, agus fuair Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus Cluichí Parailimpeacha na hÉireann tacaíocht airgeadais. Tá roinnt de na deontais trealaimh a ceadaíodh dírithe ach go háirithe ar spórt do dhaoine faoi mhíchumas.
Aithnítear leis an infheistíocht seo tionchar díréireach na srianta Covid-19 nach raibh aon choinne leo ar a gcuid gníomhaíochtaí agus na deacrachtaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a chur ar siúl arís ag na gnáthleibhéil a bhí i gceist roimhe seo.
Dúirt Kieran Mulvey, Cathaoirleach Spórt Éireann:
“Tá teagmháil mhór déanta ag Spórt Éireann leis an earnáil ó thús na paindéime chun tuiscint a fháil ar na háiteanna a bhfuil deacrachtaí agus ina bhfuil tacaíocht ag teastáil ó eagraíochtaí. Léirítear é seo sna leithdháiltí a rinne Spórt Éireann inniu, lena bhfuil an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta níos leithne a bhaineann le spórt curtha san áireamh. Bhí sé ina thosaíocht do Bhord Spórt Éireann go dtabharfaí aghaidh ar riachtanais na hearnála míchumais go sonrach, agus cuireadh maoiniú ar leith i leataobh sna leithdháiltí chuige sin. De bharr an fhógra buiséid a rinne na hAirí maidir le méadú ar an maoiniú iomlán spóirt don bhliain 2022, tá níos mó muinín ann anois go bhfuil tacaíocht ar fáil. Táimid ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí maoinithe, agus ag súil le bliain dhearfach in 2022.”
Tá an méid iomlán airgid atá ar fáil ceaptha chun bonneagar fisiceach agus oibríochta spórt na hÉireann atá ann cheana féin a chosaint. Tugtar le fios leis seo go mbeadh costas níos mó ag baint le hathchruthú ar bith a dhéanfadh ar spórt na hÉireann sa deireadh thiar thall.
Seo mar a labhairt John Treacy, Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann:
“Cé go bhfuil spórt eagraithe tagtha ar ais le roinnt míonna anuas ar bhealach atá tairbheach, tá tionchar an tsriain a bhí orainn le dhá bhliain anuas le brath fós ar fud na hearnála. Bhí tionchar díréireach ar spórt faoi dhíon go háirithe, agus buaileadh go dona cláir thráchtála go leor spórt faoin aer freisin. Maolóidh an maoiniú atá fógartha ag Spórt Éireann an brú atá ar na spóirt seo agus cuideoidh sé leis an mbonneagar spóirt níos leithe a gcuid iarrachtaí inmholta maidir le soláthar a dhéanamh dá gcuid ball a choinneáil ag gabháil. Beidh Spórt Éireann ar fáil fós d’eagraíochtaí spóirt náisiúnta na tíre, mar a bhí i rith na paindéime, chun tacaíocht agus treoir a chur ar fáil de réir nuair is gá."
Tá an maoiniú Covid a fógraíodh inniu de bhreis ar chiste teagmhais Covid-19 a díríodh i dtreo costais eisceachtúla a gineadh leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i dToiceó, a cuireadh siar 12 mí go dtí an bhliain seo. Cinntíodh leis an gciste teagmhais gur tacaíodh le Comhlachtaí Náisiúnta Ceannais chun aghaidh a thabhairt ar chostais a tabhaíodh a bhí thar raon mhaoiniú Chlár Ardfheidhmíochta Spórt Éireann agus acmhainní cláir eile. Leagtar amach sonraí iomlána in Aguisín 1.
Maidir leis an maoiniú i leith trealaimh, iarradh ar Spórt Éireann tograí ó NGBanna agus LSPanna a aithint agus a chur in ord tosaíochta, tograí a chuirfeadh Beartas Spóirt Náisiúnta an Rialtais chun cinn ina mbeadh béim ar réimse na rannpháirtíochta, an ionchuimsithe, bhainteacht na mban i spórt agus sheachadadh Straitéis Ardfheidhmíochta Spórt Éireann 2021-2023.
I ndiaidh dó a phróiseas measúnaithe a chur i gcrích, mhol Spórt Éireann deontais a mbeadh luach €5.3m san iomlán leo, a bhrisfí síos mar seo a leanas:-
- €3.4m chun tacú le NGBanna deiseanna rannpháirtíochta a chur chun cinn níos mó;
- €1.4m chun tacú le NGBanna cuspóirí straitéiseacha Straitéis Ardfheidhmíochta Spórt Éireann a chur chun cinn; agus
- €0.5m chuig Comhpháirtíochtaí Spórt Áitiúla chun rannpháirtíocht agus deiseanna cearta a chur chun cinn ag leibhéal an phobail.
Tá sonraí iomlána na ndeontas trealaimh taispeánta in Aguisín II.
Aguisín I - Tacaíochtaí Covid
Scéim a hAon - IRFU, FAI, GAA
Bunaíodh an ciste faoi leith seo chun tuiscint a léiriú ar na dúshláin oibríochta ar leith a mbíonn ar an trí spórt is mó. Leanadh de chur isteach go mór ar chumas na n-eagraíochtaí sin ioncam tráchtála a ghiniúint ar feadh na mbliana 2021.
Scéim a Dó - Ciste Athléimeachta NGB
Tríd is tríd, clúdaíonn na leithroinntí caillteanas ioncaim ó imeachtaí, díolachán ticéad, urraíocht, táillí ceangail agus ballraíochta, cúrsaí, seirbhísí agus na costais bhreise a tháinig chun cinn de bharr scaradh sóisialta agus prótacail Covid-19 a chur i bhfeidhm. Glactar leis go mbeidh tacaíocht níos mó ag teastáil ó spóirt laistigh agus ó Chomhlachtaí Rialaithe a bhraitheann níos mó ar ghníomhaíocht tráchtála agus a bhfuil sruthanna níos éagsúla ioncaim acu.
Scéim a Trí - Ciste Athléimeachta na gClubanna
Tá lear mór de na dúshláin a chaithfidh Comhlachtaí Ceannais dul i ngleic leo le brath freisin ar a líonra clubanna agus laghdú tagtha ar tháillí ceangail agus ballraíochta, imeachtaí, comórtas, cúrsaí cóitseála agus seirbhísí coimhdeacha ar fad. Bhí tionchar suntasach ag na costais bhreise a bhain le scaradh sóisialta agus prótacail Covid-19 a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí clubanna chomh maith áit ar gnách trealamh, saoráidí agus acmhainní a roinnt a bheith i gceist. Chomh maith leis sin, tá roinnt Comhlachtaí Ceannais ann a bhfuil a líonra Clubanna comhdhéanta d’eagraíochtaí tráchtála a bhíonn ag feidhmiú i saoráidí tiomnaithe a bhfuil foireann lánaimseartha acu chomh maith le láimhdeachas bliantúil láidir. Tá eagraíochtaí dá leithéid ag brath níos mó ar bhallraíocht, ar theacht isteach ó chomórtais agus ó chóitseáil chomh maith le hioncam ó ghníomhaíocht tráchtála choimhdeach spóirt agus neamh-spóirt.
Ní chuirfidh Spórt Éireann maoiniú díreach ar fáil do Chlubanna, do Chleamhnaithe, do Chúigí ná do Bhrainsí agus is trí chláir a chuirfidh an Comhlacht Rialaithe ar bun a gheofar rochtain ar an maoiniú.
Scéim a Ceathair - Ciste Linn Snámha & Áiseanna
Cuirtear maoiniú ar leith ar fáil faoin scéim seo chun tacú le hathoscailt agus inmharthanacht leanúnach Linnte Snámha chomh maith le háiseanna sraitéiseacha na gComhlachtaí Náisiúnta Rialaithe agus na gComhpháirtíochtaí Spórt Áitiúla.
Leagfaidh Éire Ghníomhach Scéim Maoinithe amach i gcomhar le Spórt Éireann do linnte snámha agus chuirfidh i bhfeidhm í.
Scéim a Cúig - Spórt & Gníomhaíocht Fhisiciúil a Thosú an Athuair
Tá Ciste Atosaithe curtha ar fáil chun tacú le spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil a thosú arís tar éis na paindéime.
Tá sé i gceist faoin Scéim tacaíocht a chur ar fáil do phríomhréimsí fócais
- Ciste Spóirt do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Tacaíocht do Dhaoine Níos Sine
- Tacaíocht d’Oideachas Tríú Leibhéal
- Tacaíocht Spóirt NGB Faoi Dhíon & agus i measc an Ghnáthphobail
- Scéim Deontas Beag LSP
- Tacaíocht Spóirt Ghnáthphobail Chomhpháirtíocht Spóirt Áitiúil