Stádas iomlán oifigiúil ag an nGaeilge san Aontas Eorpach
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 31 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Todhchaí nua ar leic an dorais don Ghaeilge agus beidh stádas iomlán oifigiúil ag an teanga anois in Institiúidí an Aontais Eorpaigh
Cuirfear deireadh ag meánoíche anocht (31 Nollaig 2021) leis an maolú a bhí i bhfeidhm ar stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha agus beidh sí anois ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an AE. Is ar an 1 Eanáir 2007 a tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge ach bhí socrú maolaithe i bhfeidhm ó shin i leith, mar gheall ar ghanntanas foirne aistriúcháin, a chuir srian ar an méid ábhair a aistríodh go Gaeilge.
Dúirt Príomh-aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, an Teachta Dála Jack Chambers:
“Céim ríthábhachtach i bhforbairt agus todhchaí na Gaeilge is ea an deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Tá an Ghaeilge anois ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an AE agus daingeoidh sé seo an caidreamh idir an saoránach agus na córais riaracháin Eorpacha. In éineacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shínigh Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo caite, tá ról na Gaeilge sna córais riaracháin náisiúnta agus Eorpacha treisithe go mór anois.”
“Tá creidiúint nach beag ag dul do na hInstitiúidí Eorpacha agus d’fhoireann mo Roinne as na struchtúir agus áiseanna cuí a chur ar bun lena aghaidh seo. Togra uaillmhianach a bhí ann ar an gcaoi sin, ach mar gheall ar an dlúthchomhar idir Insitiúidí AE, Rialtas na hÉireann agus geallsealbhóirí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge i measc mórán tionscnamh agus tograí eile, tá na hInstitiúidí Eorpacha réidh anois chun tabhairt faoin tsraith iomlán ábhair a aistriú go Gaeilge in éineacht le teangacha oifigiúla eile an AE.”
Teanga chonartha a bhí sa Ghaeilge nuair a rinneadh Ballstát d’Éirinn in 1973, rud a chiallaigh nár aistríodh go Gaeilge ach conarthaí an AE. Rinne Rialtas na hÉireann iarratas in 2005 go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge agus bronnadh an stádas sin uirthi ar an 1 Eanáir 2007. Mar gheall ar an nganntanas acmhainní ag an tráth sin, idir fhoireann aistriúcháin agus áiseanna teicneolaíochta Gaeilge, maolaíodh scóp an stádais agus ba shraith theoranta doiciméad a bhíothas in ann a aistriú go Gaeilge.
Thug an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar leis na hInstitiúidí Eorpacha, faoi roinnt tionscnamh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun go mbeifí in ann an bhearna seo a líonadh, bearta amhail an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, Scéim Intéirneachta, an tionscadal téarmaíochta LEX/IATE agus tionscnaimh dhigiteacha agus theicneolaíochta. Mar thoradh air seo, tá breis agus 170 ball foirne Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha inniu agus iad ag baint leas as áiseanna amhail bunachair téarmaíochta, innill mheaisínaistriúcháin agus bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe chun an tsraith iomlán doiciméad a aistriú go Gaeilge. Méadófar an líon foirne sin go c. 200 go luath in 2022.
Mar thaca dóibh siúd a bheidh ag cur isteach ar phoist teanga leis an AE amach anseo, tá ábhar tacaíochta á chur ar fáil i nGaeilge ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith mar a bhaineann sé leis na trialacha earcaíochta EPSO de chuid an Aontais Eorpaigh.
Nótaí don Eagarthóir:
Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag glúnta amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus bhí an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcónaí tiomanta do dheireadh a chur le maolú ar úsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre an Aontais Eorpaigh.
Mar chuid den obair sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag an Roinn agus Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin chun cur leis na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san AE. Le blianta beaga anuas, tá tuilleadh forbartha déanta ar an tionscadal téarmaíochta LEX/IATE, tionscadal atá maoinithe ag Rialtas na hÉireann, agus tháinig méadú leanúnach ar bhanc idirinstitiúideach na gcuimhní aistriúcháin. Ina theannta sin, ullmhaíodh comhaontú idir an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann chun corpais dhátheangacha reachtaíochta náisiúnta na hÉireann a chomhroinnt, agus tá an obair sin ag treabhadh ar aghaidh anois.
Mar thoradh ar an obair shuntasach seo, tá méadú déanta ag an Aontas Eorpach ar líon na mball foirne Gaeilge agus tá os cionn 170 duine ag obair sna seirbhísí teanga anois. Méadófar an líon foirne sin go c. 200 go luath in 2022.
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Is é fócas na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge maoiniú a chur ar fáil do réimse leathan tionscnamh Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus thar lear. Tá na deontais dírithe go príomha ar eagraíochtaí nó ar ghrúpaí a oibríonn lasmuigh den Ghaeltacht. Titeann na tacaíochtaí curtha ar fáil ag an Roinn le deireadh a chur leis an maolú faoi scáth na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge. Sonraithe thíos, tá na beartais éagsúla a cuireadh ar bun ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú:
Aistritheoirí Óga
Eagraíonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis an Roinn an comórtas aistriúcháin, ‘Aistritheoirí Óga’. Tá an comórtas oscailte do dhaltaí ar fud na hÉireann atá 15 bliana d’aois ar an 1 Meán Fómhair (den bhliain acadúil) agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de 5 theanga Eorpacha eile go Gaeilge. Tá trí sprioc ag an gcomórtas: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis daltaí i ngairmeacha teanga a mhúscailt.
Seó Bóthair/Gluaiseacht
Tá an Roinn ag cur maoiniú ar fáil don ‘Seó Bóthair’ atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ó 2017. Anois tá forbairt déanta ar an bhfeachtas ‘Seó Bóthair’ le ceardlanna idirghníomhacha a mbíonn cluichí, plé agus díospóireacht iontu chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach taitneamhach. Cuirtear na daoine óga ar an eolas maidir lena gcearta teanga, seirbhísí teanga agus deiseanna fostaíochta in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Déantar iad seo trí fhíschomhdhálacha mura féidir taisteal de bharr shrianta COVID-19.
Tionscnaimh dhigiteacha agus theicneolaíochta
Tacaíonn an Roinn le tionscnaimh dhigiteacha agus theicneolaíochta a chabhraigh go mór le deireadh a chur leis an maolú, ina measc:
Téarmaíocht san AE – LEX, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Bunachar sonraí a fhorbairt chun téarmaíocht Ghaeilge a bhaineann leis an AE agus téarmaíocht maidir le hIonstraimí Reachtúla na hÉireann a chur ar fáil ar bhunachar d’Institiúidí an AE agus d’aistritheoirí Gaeilge i gcoitinne.
Líonra Saineolaithe Náisiúnta, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá an Roinn ag obair le hInstitiúidí an AE chun líonra de shaineolaithe téarmaíochta fearainn a labhraíonn Gaeilge a thógáil in Éirinn. Tá maoiniú ar fáil do DCU chun cabhrú le líonra a chruthú.
Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh
Tá scéim intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh á riar ag an Roinn i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Tá an scéim dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúcháin oibre a fháil i réimse speisialtóireachta an aistriúcháin agus na profléitheoireachta. Cuireann an scéim le cuspóir an Rialtais gach cúnamh agus tacaíocht a sholáthar don Aontas Eorpach agus an cinneadh á chur i bhfeidhm chun an Ghaeilge a dhéanamh mar theanga oibre agus oifigiúil san AE mar atá leagtha amach sa Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ceaptar suas le deichniúr ina iomláine ar feadh tréimhse 10 mí ag tosú i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
An tIonad Náisiúnta Barr Feabhais do Ghairmeacha san Aontas Eorpach
Tá ról lárnach ag an Ionad Náisiúnta Barr Feabhais mar Ghrúpa Stiúrtha chun cur chuige comhordaithe a bheith ann maidir le hoideachas na mac léinn ar mhian leo dul ag obair san Aontas. Is iad na hinstitiúidí tríú leibhéal na hoideachasóirí agus na saineolaithe ar riachtanais Institiúidí an Aontais agus tá ról criticiúil ag an Ionad mar phointe teagmhála anois ag Institiúidí an Aontais ar mhian leo daoine a fhostú ar chonarthaí sealadacha.
Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge
Tá soláthar cohóirt daoine cáilithe le scileanna Gaeilge chun cabhrú le freastal ar riachtanais earcaíochta san AE á bhaint amach tríd an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge faoina soláthraíonn an Roinn maoiniú do 12 chúrsa Gaeilge tríú leibhéal speisialaithe i réimsí amhail aistriúchán, léirmhíniú agus dlí.
Tá an lámhleabhar ‘The Ultimate EU Testbook – Administrators 2020’ á n-aistriú ag Ollscoil na hÉireann, Gailimh le tacaíocht na Roinne, mar áis dóibh siúd a bhfuil suim acu cur isteach ar chomórtais EPSO agus tá caibidil a trí ar fáil ag an nasc seo a leanas: http://www.acadamh.ie/acadamh/tionscadail/tastail-epso-abhar-tacaiochta/
An Ghaeilge san Aontas Eorpach – Maolú
Ghlac an Coimisiún leis an tuarascáil dar teideal ‘An Ghaeilge san AE: ar an mbóthar go stádas iomlán faoi 2022’ ar an 21 Meitheamh 2021 – baineann an tuarascáil seo leis an acmhainneacht chun doiciméid agus reachtaíocht an Aontais a aistriú go Gaeilge. Tá tuilleadh eolais faoin tuarascáil seo ar fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/info/news/irish2022.