English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá iarratais á lorg ag an Aire Martin agus Byrne faoi Chéim II den Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt

Inniu, an 10 Bealtaine 2023, d’athoscail an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne T.D., an próiseas iarratais don Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt. Is é cuspóir an Chiste €35m, a fuarthas mar chuid de Bhuiséad 2023, ná tacú leis na costais fuinnimh ardaithe a bhaineann le soláthar spóirt.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tuigim go rímhaith an éifeacht atá ag costais fuinnimh a ardaíodh ar chlubanna agus eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre agus, mar gheall air seo, tá an tAire Byrne agus mé féin ag athoscailt an phróisis iarratais agus ag síneadh na tréimhse incháilitheachta go dtí deireadh mhí na Bealtaine. Tá an Rialtas tiomanta do leibhéil rannpháirtíochta i ngach spórt a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe, i ngach earnáil den tsochaí agus beidh rochtain leanúnach ag áiseanna spóirt ar an maoiniú seo, rud atá ríthábhachtach ar ndóigh do shláinte agus folláine i bpobail.”

Ina theannta sin, dúirt an tAire Byrne:

“Tá áthas orm fáilte a chur roimh an bhfógra seo maidir leis an Scéim Tacaíochta Fuinnimh Spóirt a athoscailt. Tá maoiniú €21 milliún a dáileadh faoi Chéim I tar éis maolú suntasach a dhéanamh ar thionchar na gcostas méadaithe fuinnimh ar chlubanna agus eagraíochtaí spóirt agus ligean dóibh leanúint ar aghaidh ag soláthar rochtana ar spórt agus ar ghníomhaíocht choirp le linn mhíonna an gheimhridh. Mholfainn do gach eagraíocht, club agus soláthraí incháilithe spóirt teagmháil a dhéanamh lena gCoiste Náisiúnta Rialaithe nó Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt faoi seach chun a chinntiú go mbaineann siad leas as a dteidlíochtaí iomlána faoi Chéim II den Scéim.”

Beidh iad siúd a fuair maoiniú faoi Chéim I incháilithe cur isteach ar mhaoiniú le haghaidh mhí Aibreáin agus Bealtaine 2023.

Is féidir le clubanna agus grúpaí nár chur isteach iarratas faoi Chéim I páirt a ghlacadh i gCéim II.

Faoi Chéim II, is féidir le saoráidí spóirt faoi úinéireacht an phobail, nach bhfuil cleamhnaithe go sonrach le Coiste Náisiúnta Rilaithe Spóirt nó nach gcáilíonn faoi láthair don Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí nó scéimeanna Rialtais eile, teagmháil a dhéanamh lena gComhpháirtíocht Spóirt Áitiúil anois chun a fháil amach an bhfuil siad incháilithe le haghaidh maoinithe. Tá sé mar aidhm ag an gCéim seo a chinntiú go gcuirtear an tacaíocht is mó ar fáil do spórt an phobail.

Is é an 26 Bealtaine 2023, an dáta deiridh le haghaidh iarratas ó na heagraíochtaí sin.

Ag brath ar mhéid na n-aighneachtaí, cuirfear toradh in iúl do na Coistí agus agus Comhpháirtíochtaí i mí Iúil 2023 agus cuirfear tús le dáileadh an mhaoinithe go luath ina dhiaidh sin.

Scaipeadh treoirlínte maoinithe ar gach Coiste agus Comhpháirtíocht ábhartha.

Ba cheart gach ceist a sheoladh chuig an gCoiste Náisiúnta RialaitheComhpháirtíocht Áitiúil Spóirt Aitheanta de chuid Spórt Éireann.

Go dtí seo, dáileadh €19.2m trí Choistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt Spórt Éireann chun tacú le breis agus 2000 club agus saoráid comhcheangailte. Chomh maith leis sin, cuireadh maoiniú €1.8m ar fáil don Champas Náisiúnta Spóirt, rud a d’fhág gur €21m an maoiniú iomlán a dháil Spórt Éireann go dtí seo.