Tagann earnáil na nEalaíon le chéile chun plé a dhéanamh ar stádas an ealaíontóra in Éirinn agus ar thorthaí na chéad bhliana den scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 27 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2024
Tagann earnáil na nEalaíon le chéile chun plé a dhéanamh ar stádas an ealaíontóra in Éirinn agus ar thorthaí na chéad bhliana den scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
• Inniu foilsítear tuarascáil ina ndéantar anailís ar chéad bhliain na Scéime Píolótaí um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
• Léirítear sna torthaí go n-infheistíonn faighteoirí na Scéime €550 níos mó in aghaidh na míosa ar a gcleachtas cruthaitheach agus gur cuireadh lena sásamh saoil
• Caitheann faighteoirí na Scéime 8 n-uaire níos mó in aghaidh na seachtaine ar a gcleachtas agus oibríonn siad níos lú uaireanta in earnálacha lasmuigh de na healaíona
• Déanfaidh eagraíochtaí ealaíon agus ealaíontóirí plé leis An Aire Catherine Martin ar na dúshláin atá roimh ealaíontóirí agus an earnáil
• Déanfaidh painéalaithe plé ar ioncam bunúsach, aeráid agus cruthaitheacht, sláinte & folláine agus spásanna ealaíontóirí
• Tabharfaidh an tAire cuireadh don earnáil ionchur a dhéanamh i bpleananna do pholasaí nua cultúir
Inniu óstálann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, comhdháil d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí earnáil ealaíon. Glacfaidh an tAire páirt i gceann de na ceithre phainéal díospóireachta a bheidh ar siúl agus labhróidh sí faoi na torthaí ag deireadh na chéad bhliana den scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Tá suas le 2,000 ealaíontóir ag fáil na híocaíochta agus suas le 1,000 eile rannpháirteach sa ghrúpa cóimheasa nach bhfaigheann an ocaíocht ach a sholáthraíonn na sonraí céanna leo siúd a fhaigheann an íocaíocht.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá áthas orm go leor de na comhlachtaí acmhainne agus maoinithe ealaíon agus ealaíontóirí na hÉireann a thabhairt le chéile inniu ag an gcomhdháil seo chun scrúdú a dhéanamh ar stádas an ealaíontóra in Éirinn. Tá féith léirithe ealaíne agus cruthaitheach ionainn go léir. Tá tacaíocht do na healaíona agus do chleachtas gairmiúil ealaíon mar phríomhthosaíocht domsa mar Aire. Inniu ba mhaith liom tuairimí na n-ealaíontóirí a chloisteáil faoi na chéad chéimeanna eile a bheidh againn, ag tógáil ar na méaduithe ar thacaíochtaí le blianta beaga anuas. Tá páipéar tionchair na chéad bhliana á fhoilsiú agam freisin faoin Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ina léirítear torthaí dearfacha dóibh siúd a fhaigheann an íocaíocht”.
Foilsíodh an dara Measúnú Tionchair (Bliain 1) den Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach inniu agus tá sé ar fáil ANSEO. Leagtar amach ann na hathruithe a tháinig ar fhaighteoirí na Scéime go dtí seo laistigh den chéad bhliain tar éis dóibh an íocaíocht a fháil.
Tar éis bliain amháin den treoirthionscadail, tugtar le fios sa taighde go bhfuil tionchar comhsheasmhach, dearfach ag íocaíocht na Scéime ar bheagnach gach táscaire; tionchar dearfach ar fhorbairt cleachtais, coinneáil earnála, folláine, agus laghdú ar dhíothacht. Tá faighteoirí na Scéime ag caitheamh níos mó ama ar a gcleachtadh ealaíne in aghaidh na seachtaine, ag caitheamh níos lú ama ag obair in earnálacha eile, agus níos mó seans ann go mbeidh siad in ann iad féin a chothú trí obair ealaíon ina n-aonar agus níos lú ag fulaingt faoi ghruaim agus imní.
Dúirt an tAire Martin, chomh maith:
“Tugtar teachtaireacht láidir san Ioncam Bunúsach in Éirinn agus thar lear faoin luach a chuireann Éire mar náisiún ar chleachtas ealaíne maidir lenár bhfolláine phearsanta agus chomhchoiteann, agus freisin ar thábhacht na n-ealaíon dár bhféiniúlacht agus dár n-éagsúlacht chultúrtha. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil bliain ar an Scéim ag ligean d’ealaíontóirí díriú ar a gcleachtas cruthaitheach trí 8 n-uaire níos mó sa tseachtain a chaitheamh ar a gcuid oibre ealaíne, ag laghdú na n-uaireanta a oibrítear lasmuigh de na healaíona agus ag infheistiú €550 sa mhí níos mó ina gcuid cleachtas ná iad siúd sa ghrúpa cóimheasa”.
Díreofar sa phlé painéil ar Thacaíochtaí Ioncaim d’Ealaíontóirí, Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, Sláinte agus Folláine agus Spás a Dhéanamh do na hEalaíona, painéal a óstálfaidh an Feachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon. Áireofar ar an lá freisin seisiúin ar leithligh ina bpléifidh ealaíontóirí agus toscairí eile ábhair spéise chun cur le forbairt polasaí cultúir nua.
Déanfaidh Krea (@krea_music) agus Adam Mohamed (@Adamm_Official) léirithe le linn na comhdhála chomh maith.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá faighteoirí ag infheistiú níos mó ama agus níos mó airgid ina gcleachtas.
o Gach seachtain, caitheann faighteoirí na Scéime 8 n-uaire níos mó san iomlán ná an grúpa cóimheasa ar a gcleachtas cruthaitheach:
• +3.5 uair sa tseachtain níos mó ag déanamh saothair
• +2 uair sa tseachtain níos mó ar thaighde agus ar thurgnamh
• +1 uair sa bhreis ar bhainistíocht agus riarachán
• agus níos mó ná leathuair an chloig in aghaidh na seachtaine ar oiliúint
o Infheistíonn faighteoirí na Scéime €550 gach mí níos mó ná an grúpa cóimheasa ina gcleachtas, ar threalamh agus ábhair, fógraíocht agus margaíocht, spásanna oibre agus taisteal oibre.
o Tá dóchúlacht níos fearr gur chuir faighteoirí na Scéime saothair nua i gcrích sna 6 mhí roimhe sin. Ar an meán cuireann siad 3.6 shaothar níos mó i gcrích ná an grúpa cóimheasa.
o Caitheann faighteoirí na Scéime 2.7 uair níos lú sa tseachtain ná an grúpa cóimheasa ag obair in earnáil eile seachas na healaíona.
o Is lú an seans go n-ainmneoidh faighteoirí na Scéime ná an grúpa cóimheasa “pá íseal” nó “easpa post nó cliant” mar chúiseanna leis an neamhábaltacht oibriú sna healaíona.
o Is fusa d’fhaighteoirí na Scéime greim a choinneáil faoin bhfiacail ná an grúpa cóimheasa agus is dóichí go mbeidh acmhainn acu earraí bunúsacha a cheannach.
o Tá sásamh saoil níos airde ag faighteoirí na Scéime i gcomparáid leis an ngrúpa cóimheasa.
o Is lú an seans gur bhraith faighteoirí na Scéime faoi ghruaim nó imníoch i gcomparáid leis an ngrúpa cóimheasa.
o Ní bhfuarthas aon tionchar ar leitheadúlacht na hoibre neamhíoctha sna healaíona, ar phraghas na gcoimisiún, ar an dóchúlacht go gcuirfí isteach ar mhaoiniú ealaíon nó ar leitheadúlacht na gcónaitheachtaí ealaíonta.
I bPáipéir Tionchair na Scéime, déantar measúnú ar thionchar an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona. Déanfar torthaí a rianú le himeacht ama don Ghrúpa Cóireála (i.e. iad siúd a fhaigheann íocaíocht na Scéime) agus don Ghrúpa Cóimheasa (nach bhfuil íocaíocht na Scéime á fáil acu). Cuirtear grúpaí i gcomparáid lena chéile le himeacht ama, chomh maith lena dtorthaí tosaigh ag an mbunlíne.
• Glacann rannpháirtithe sa Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona páirt i gclár taighde trí bliana chun tionchar íocaíocht bhunioncaim ar earnáil na n-ealaíon a mheas.
• Roghnaíodh rannpháirtithe trí úsáid a bhaint as próiseas roghnúcháin randamach gan ainm. Measadh breis agus 8,000 iarratasóir a bheith incháilithe faoi chritéir na scéime agus cuireadh gach iarratasóir incháilithe san áireamh sa phróiseas roghnúcháin.
• Tá íocaíochtaí de €325 in aghaidh na seachtaine á ndéanamh le healaíontóirí agus oibrithe na n-ealaíon cruthaitheach sa Ghrúpa Cóireála thar thréimhse na Scéime.
• Ceanglaítear ar rannpháirtithe a bheith páirteach i gclár bailithe sonraí leanúnach chun tionchar íocaíochta ar stíl ioncaim bhunúsach ar a gcleachtas cruthaitheach a mheas.
• Chun cabhrú leis sin, iarradh ar chohórt de iarratasóirí incháilithe nár roghnaíodh chun an íocaíocht a fháil, páirt a ghlacadh i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ar an Scéim Phíolótach a éascú.
• Úsáideann an taighde a eisíodh inniu comparáidí sna sonraí a fuarthas uathu siúd a fhaigheann an íocaíocht agus uathu siúd sa ghrúpa cóimheasa, chomh maith leis na sonraí a chur i gcomparáid leis na sonraí a cuireadh ar ais sular thosaigh na híocaíochtaí.
Sonraí na Comhdhála
Ábhair seisiúin le plé i ngrúpaí beaga agus aiseolas a thabhairt ina dtaobh:
Tabharfar deis le linn na comhdhála plé a dhéanamh i ngrúpaí beaga ar ábhair a bhaineann le Stádas an Ealaíontóra in Éirinn.
Seo a leanas roinnt de na hábhair le plé sna grúpaí beaga:
o Ealaíontóirí agus Gníomhú ar son na hAeráide
o Ealaíontóirí faoi mhíchumas
o Ealaíontóirí ag obair trí mheán na Gaeilge
o Spásanna Oibre Ealaíontóirí
o Polasaí maidir leis an gComhairle Ealaíon ag Tabhairt Íocaíochta d’Ealaíontóir/Pá Ealaíontóra
o Tosaíochtaí Athbhreithnithe ar an bPolasaí Cultúrtha
o Ról an ealaíontóra i Saol na hÉireann - ó thaobh na hidé-eolaíochta de, na praiticiúlachta agus na polaitíochta de
o Ealaíontóirí a spreagann dul chun cinn an gheilleagair oíche
o An mbraitheann daoine go bhfuil siad sábháilte agus go gcuirtear fáilte rompu i bpobal na n-ealaíon in Éirinn?
o Róil ealaíontóirí i Meáin na hÉireann
o Saoirse Léiriú Ealaíonta a Dhéanamh
o Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú sna hEalaíona
Beathaisnéisí na Comhdhála:
Seán Rocks - Modhnóir
Cuireann Seán ARENA, an clár laethúil ealaíon agus cultúir i láthair ar RTÉ Raidió 1. Chuir sé sraitheanna i rith an lae i láthair ar RTÉ Lyric FM roimhe seo agus bhuaigh sé Bonn Airgid ag Féile Raidió Nua-Eabhrac le BBC Radio 4. Óstálann Seán ceolchoirmeacha agus mórimeachtaí náisiúnta go rialta agus bhí sé ina reachtaire ag an bhFéasta Stáit do chuairt Bhanríon Eilís in 2011. D’oibrigh sé go forleathan freisin mar aisteoir in Éirinn agus thar lear, in Amharclann na Mainistreach agus an Gheata agus le go leor compántais neamhspleácha thábhachtacha.
Painéal #1 Ioncam Bunúsach agus Tacaíochtaí Ioncaim d’Ealaíontóirí Painéalaithe – An tAire Catherine Martin TD, Shafeka Hashash agus Toby Dennett
Toby Dennett
Tá Toby Dennett ina Bhainisteoir Forbartha Straitéisí ag an gComhairle Ealaíon ag obair trasna réimsí taighde agus beartais. Bhí sé i gceannas ar fhorbairt bheartas Íoc an Ealaíontóra de chuid na Comhairle Ealaíon. Bhí Toby ina chomhchathaoirleach ar ghrúpa oibre OAL an AE le déanaí ar stádas agus coinníollacha oibre ealaíontóirí. Thosaigh sé leis an gComhairle Ealaíon ar dtús in 2007 mar Cheann Tacaíochta d’Ealaíontóirí agus mar Chláraitheoir Aosdána lena n-áirítear bainistíocht an Chnuais (íocaíocht de chineál ioncaim ráthaithe). Roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir ar Amharc-Ealaíona na hÉireann.
Lisa Fingelton
Ealaíontóir, scríbhneoir agus saothróir í Lisa Fingleton a bhfuil breis is fiche bliain caite aici ag cothú naisc atá fréamhaithe go domhain idir ealaín, bia agus feirmeoireacht. Déanann sí óstáil agus comhordú ar thionscadail ó The Barna Way, ionad ealaíon éicea-shóisialta, feirm orgánach agus coillearnach in aice le Baile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí. Cuimsíonn a cuid tionscadal próiseas comhoibritheach agus feidhmiúil; íomhá ghluaiseacht rannpháirteach; suiteálacha líníochta ar scála mór; chomh maith le scríbhneoireacht chruthaitheach.
Faoi láthair is í Lisa an tEalaíontóir Cónaitheach le hOifig Ealaíon Chomhairle Chontae Chiarraí agus an t-ealaíontóir leabaithe le Brilliant Ballybunion, Tionscadal Ghníomhaíocht Chruthaitheach ar son na hAeráide nua atá á bhainistiú ag Éire Ildánach. Tacaíonn an tionscadal leis an bpobal a bheith cruthaitheach, bia a fhás agus bithéagsúlacht a chosaint, go léir ag an am céanna.
Maeve Stone
Is stiúrthóir / scríbhneoir scannán agus drámaíochta í Maeve a bhfreagraíonn a saothar do cheisteanna a bhaineann le cliseadh aeráide, agus tugann sí cuairt arís ar an gcanóin le lionsa feimineach. Tá sí ag obair i gcleachtas leabaithe agus rannpháirteach go sóisialta le 8 mbliana anuas agus tá fonn uirthi leanúint ar aghaidh ag foghlaim conas is féidir le scileanna scéalaí dul i bhfeidhm ar acmhainneacht aeráide. In 2021 chomhbhunaigh sí comhlacht scannán agus meán dar teideal Cracking Light Productions lena páirtí Alex Gill atá lonnaithe i gCo. an Chláir. Dírítear san obair ar chomhoibriú pobail leabaithe agus tá sraith tionscadal uathúla ar fud na tíre mar thoradh air.
Aidan O’Connor
Is feirmeoir glasraí as Ciarraí Thiar é Aidan O’Connor. Ghlac sé páirt i dtionscnamh bliana Chorca Dhuibhne Inbhuanaithe – A Creative Imagining. Tá sé ina Chathaoirleach ar Chumann Caomhnaithe an Mhachaire agus tá baint aige le hAcmhainneacht Chruthaitheach an Chósta do thionscadal ina dtugtar aghaidh go cruthaitheach ar na dúshláin atá roimh cheantar an Mhachaire mar gheall ar an athrú aeráide.
Tania Banotti
Is Stiúrthóir Chlár Éire Ildánach í Tania Banotti, tionscnamh uile-rialtais chun na healaíona cruthaitheacha a chur i gcroílár phobail na hÉireann. Tá Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide ar cheann dá réimsí oibre, comhpháirtíocht de thrí roinn rialtais: Cultúr, Gníomhú ar son na hAeráide agus an Taoiseach chun buanna na n-ealaíontóirí agus na hearnála cruthaithí níos leithne a úsáid chun gníomhaithe ar son na haeráide. Tá an-taithí ag Tania sna taibhealaíona, san fhógraíocht agus sna meáin. Bhí sí ina Stiúrthóir ar Fhóram Amharclannaíochta na hÉireann ar feadh 9 mbliana agus ar dhuine de bhunaitheoirí an Fheachtais Náisiúnta ar son na nEalaíon.
Adam Mohammad
Is file/ceoltóir/ealaíontóir Éireannach-Súdánach as Baile Munna, Baile Átha Cliath é Adam. Ainmníodh é mar dhuine de ‘New Year's Revolutionaries’ Tenth Man, ealaíontóir a chreideann siad a mhúnlóidh cultúr na hÉireann amach anseo. Ina chéad phíosa Untitled, a eisíodh i mí na Nollag 2020, déantar cur síos ar na castachtaí a bhaineann le fás aníos mar dhuine de chine measctha agus reiligiún measctha agus é i gceann de na pobail lucht oibre is mícháiliúla in Éirinn. Rinneadh mearscaipeadh ar an bpíosa, ag fáil níos mó ná 350k. Roghnaíodh é mar Thraic na Seachtaine de chuid RTÉ 2FM, agus mar thoradh air sin rinneadh agallaimh agus scríobhadh alt in Totally Dublin, RTÉ, agus an Irish Examiner. Cuireadh san áireamh é chomh maith ar churaclam scoile na hÉireann ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta araon.
Nicola Spendlove
Faoi láthair is Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha í Nicola agus déantóir téatair san oíche. Is Teiripeoir Saothair í freisin atá cláraithe agus bíonn sí ag cleachtadh a ceirde. Tá saineolas aici in úsáid theiripeach na cruthaitheachta i leanaí a bhfuil fadhbanna céadfacha acu a bhaineann le ceangal.
Is as Port Láirge ó dhúchas é Eoin Morrissey atá ina Chomhordaitheoir Chathair agus Chontae Sláintiúil ó Mheán Fómhair 2022 i leith. Tá cúlra ag Eoin i bhForbairt Pobail, Sláinte & Folláine agus Teagasc. Ó ghlac sé leis an bpost tá an tionscnamh tar éis fás chun é féin a bhunú laistigh de Rannóg Pobail Chomhairle Chathair agus Chontae Phort Láirge agus thar údaráis áitiúla eile.
Is amharc-ealaíontóir í Ruth Flynn agus ball de bhunaitheoirí Outcast Theatre Productions. Sheinn sí ag féilte éagsúla ar fud na hEorpa agus oibríonn sí i meáin éagsúla. Oibríonn sí leis na healaíona cruthaitheacha mar uirlis theiripeach le daoine fásta agus déagóirí. Is í Ruth an t-éascaitheoir ealaíon cruthaitheach le haghaidh ionaid chóireála andúile Aiséirí agus Dánlann Nua-Ealaíne GOMA. Ina ról le grúpaí pobail, chruthaigh sí roinnt múrmhaisiú laistigh den suíomh pobail.
Dave Reid
Is bunaitheoir / POF Minding Creative Minds é Dave Reid. Is clár tacaíochta é Minding Creative Minds d’earnálacha Cruthaitheacha & Ealaíon na hÉireann. Cuirtear ar fáil ann líne chabhrach & comhairleoireacht 24/7 saor in aisce (lena n-áirítear sainchomhairleoireacht Tráma & Mí-úsáide), clár cuimsitheach meantóireachta agus clinicí gairme rialta, sraith máistir-ranganna ina gcuirtear 50 máistir-rang speisialaithe agus oiriúnaithe don earnáil chruthaitheach ar fáil gach bliain. An mhí seo caite sheol Minding Creative Minds seirbhís Teiripe Cruthaitheach Ealaíne saor in aisce a chuimsíonn teiripe ceoil / drámaíochta / rince.
Is léiritheoir ealaíon ilteangach agus bainisteoir tionscadail as Baile Átha Cliath í Gráinne Pollak. Tá MA aici i Riarachán Ealaíon agus Beartas Cultúir ó Goldsmiths, Ollscoil Londain, agus tá saothar nua agus turais idirnáisiúnta léirithe aici d’eagraíochtaí, cuideachtaí agus féilte ar fud na hÉireann agus na RA, lena n-áirítear ANU, Landmark Productions, MoLI, Sadler’s Wells Theatre, Rambert, Amharclann an Gheata, Féile Idirnáisiúnta Amharclannaíochta Londain agus Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath.
Maria Fleming
Tá Maria ina Cathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon agus ina Príomhfheidhmeannach ar First Fortnight. Tá breis agus 20 bliain de thaithí ag Maria ag obair sna healaíona leis na cuideachtaí agus ealaíontóirí téatair is mó in Éirinn, lena n-áirítear Dublin Theatre Festival, The Ark agus Druid Theatre Company. Is feachtasóir paiseanta ceartais shóisialta í agus is consantóir abhcóideachta deonaí í le Cumann Ailse na hÉireann.
Colin McDonnell
Tá Colin ina stiúrthóir bunaithe ag SOA agus ina phríomhoifigeach ag Found Architecture. Rinne sé staidéar ar ailtireacht i COBÁC agus d'oibrigh sé i gcleachtas príobháideach ó 2004, le taithí go príomha i dtógáil cónaithe, éiceolaíochta agus adhmaid. In 2018 chomhbhunaigh sé Taighde Ailtireachta Féineagraithe GLC (SOA), agus ó shin i leith rinne sé comhdhearadh agus stiúir ar raon tionscnamh SOA, lena n-áirítear obair reatha ar thionscadail maoinithe ag Interreg an AE a chabhróidh le hIontaobhas Talún Pobail Chorcaí a bhunú
Aoibhéann McCann
Is aisteoir, scríbhneoir agus ball de Ghrúpa Stiúrtha an Fheachtais Náisiúnta ar son na nEalaíon í Aoibheann. I measc cuid dá creidiúintí físe is déanaí tá THE LAST HARVEST, script a chomh-scríobh sí le Maeve Stone, HARRY WILD (Acorn); BLUELIGHTS (BBC) Séasúr 1 & 2 agus ELLIS ), SWEEP (Channel 5). Beidh sí ag léiriú a monologue féin HUMANITARIAN in Landmark's Theatre-for-1 ag Féile Lár an tsamhraidh i gCorcaigh. Ar na saothair drámaíochta a luaitear a hainm leo tá GIRL ON AN ALTAR agus TWINKLETOES (Amharclann na Mainistreach); THE PLAYBOY OF THE WESTERN WORLD; A STREET CAR NAMED DESIRE, as ar bhuaigh sí an aisteoir is fearr ag The Irish Times Theatre Awards 2020 agus LEGACY (Ionad Ealaíon an Droichid), dráma a chomhscríobh sí le Karis Kelly.