English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuairimí á lorg maidir le 14 imeacht spóirt nua atá á meas le saorchraoladh ar an teilifís

Tuairimí á lorg maidir le 14 imeacht spóirt nua atá á meas le saorchraoladh ar an teilifís

Cuir do thuairim in iúl ar www.gov.ie/freetoair. Is é Dé Máirt, an 20 Feabhra 2024 an dáta deiridh chun tuairimí a fháil

9 n-imeacht ban le breithniú le hainmniú chun comhionannas a bhaint amach do spórt na mban

In iomlán, aithníodh 14 imeacht nua le hadhaigh breischomhairliúcháin mar ócáidí saorchraolta beo

Inniu 16 Eanáir, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú reachtúil ar na mórimeachtaí spóirt atá ainmnithe mar shaorchraoltaí teilifíse. Seo thíos na himeachtaí le haghaidh tuilleadh breithnithe:

• Cluiche ceathrú ceannais agus leathcheannais Chraobh Shinsir Peile agus Iomána na hÉireann

• Cluichí ceannais Chraobh Shinsir Peile agus Iomána na gCúigí

• Cluiche ceathrú ceannais agus leathcheannais Chraobh Sinsir Camógaíochta na hÉireann

• Cluichí ceannais Chraobh Camógaíochta an Chúige

• Cluichí ceathrú ceannais agus leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsir Pheil na mBan

• Cluichí ceannais Chraobhchomórtas Sinsear an Chúige do Pheil na mBan

• Cluichí na hÉireann i Sraith Náisiúin UEFA na bFear

• Cluichí na hÉireann i Sraith Náisiúin UEFA na mBan

• Cluichí cáilithe na hÉireann sa bhaile agus i gcéin, na cluichí tosaigh, cluichí na hÉireann, agus na cluichí leathcheannais agus ceannais de Chomórtas Chorn Domhanda FIFA na mBan

• Cluichí cáilithe na hÉireann sa bhaile agus i gcéin, na cluichí tosaigh, cluichí na hÉireann, cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais Chraobhchomórtas Eorpach UEFA na mBan

• Cluichí na hÉireann i gCraobh Rugbaí Sé Náisiún na bhFear (athrú ó ainmniú craolta reatha “iarchurtha” go craoladh “beo”)

• Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Rugbaí Sé Náisiún na mBan

• Cluichí na hÉireann i gComórtas Ceannais Chorn Domhanda Rugbaí na mBan

• Cluiche ceannais Chorn Curadh Rugbaí na hEorpa – sa chás go mbeadh foireann cúige Éireann ag imirt ann

Is é an aidhm atá le himeachtaí a ainmniú mar imeachtaí saorchraolta ná iarracht a dhéanamh cothromaíocht a bhaint amach idir cearta na gcomhlachtaí spóirt chun leas a bhaint as deiseanna tráchtála a thugann a gcearta craolacháin agus riachtanais na sochaí chun plé a dhéanamh, ina n-iomláine, le himeachtaí cultúrtha suntasacha, a fheidhmíonn mar pointe fócasach don tsochaí agus a chruthaíonn féiniúlacht agus mórtas náisiúnta.

Déantar foráil don athbhreithniú san Acht Craolacháin 2009, agus tar éis an athbhreithnithe deiridh in 2017, chuir an Rialtas Cluiche Ceannais Peil Sinsear na mBan agus Cluiche Ceannais Camógaíochta Sinsearaí na hÉireann leis.

Ag labhairt inniu dúirt an tAire Martin:

“Tugann an t-athbhreithniú ar liosta na n-imeachtaí saorchraolta deis lena chinntiú go gcoimeádtar ár n-imeachtaí spóirt is suntasaí ar an teilifís náisiúnta le go bhféadfaidh muintir na hÉireann féachaint le chéile ar bhonn comhionann. Cruthaíonn breathnú ar imeachtaí spóirt nó imeachtaí eile a bhfuil tábhacht náisiúnta leo le chéile nascacht phobail agus náisiúnta agus ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine orthu. ”

“Táim ag súil leis an deis seo a thapú chun gealltanas sa Chlár don Rialtas a chur i gcrích chun feiceálacht spórt na mban a mhéadú. Ba cheart go mbeadh éachtaí ár mbuanna spóirt ban ar fáil dár gcraoltóirí náisiúnta, ag cur siamsaíocht agus eiseamláirí luachmhara ar fáil dár rannpháirtithe níos óige sa spórt. Molaim do na páirtithe leasmhara go léir cur leis an bpróiseas comhairliúcháin seo.”

Is féidir le daoine a dtuairimí a chur in iúl ó inniu go dtí 5 i.n., Dé Máirt, an 20 Feabhra 2024 ar Item was unpublished or removed