Tugann an Rialtas a thacaíocht shealadach d’óstail an Chraobhchomórtais Oscailte agus Craobh Oscailte na mBan AIG
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tugann an Rialtas a thacaíocht shealadach d’óstail an Chraobhchomórtais Oscailte agus Craobh Oscailte na mBan AIG
D’fháiltigh An Taoiseach Simon Harris, Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit do Spóirt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, roimh chinneadh an Rialtais inniu tacaíocht a thabhairt d’óstáil an Chraobhchomórtais Oscailte agus Craobh Oscailte na mBan AIG ag Club Gailf Phort Mearnóg, faoi réir coinníollacha breise a bheith á gcomhlíonadh.
Is céim shuntasach í seo i dtreo óstáil fhéideartha na n-imeachtaí mór le rá seo i gClub Gailf Phort Mearnóg. Leanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán de bheith ag plé le Club Gailf Phort Mearnóg agus an R&A chun iniúchadh breise a dhéanamh ar na costais a bhaineann le hóstáil agus le cás gnó iomlán a ullmhú le haghaidh na n-imeachtaí, ar aon dul le Beartas Mórimeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta na Roinne a foilsíodh le déanaí.
Déanann an Roinn measúnú ar gach iarratas ar thacaíocht d’ócáid mhór ar a tuillteanas féin. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbaintear sochair eacnamaíocha, rannpháirtíochta agus spóirt as aon infheistíocht Stáit.
Ní dhearnadh an Craobhchomórtas Oscailte a óstáil ach faoi dhó lasmuigh de Shasana nó Albain; ar an dá ócáid bhí sé ar siúl i bPort Rois Ríoga i dTuaisceart Éireann. Fillfidh sé ar Phort Rois in 2025.
Meastar go bhféadfaí suas le 245,000 ticéad chuig an gCraobhchomórtas Oscailte a dhíol in aghaidh an atriallta. Dá mbeadh trí eagrán de Chraobhchomórtas Oscailte in Éirinn agus Craobh Oscailte na mBan AIG amháin ar a laghad d’fhéadfadh olltionchar eacnamaíoch carnach de €338 milliún a bheith mar thoradh air sin.
Tá cáil ar Éirinn cheana féin mar cheann scríbe gailf atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain agus chuirfí níos mó le hÉirinn mar cheann scríbe domhanda gailf dá n-óstaighfí na himeachtaí iontacha seo.
Thacaigh an Rialtas le hóstáil rathúil a dhéanamh ar raon mórimeachtaí idirnáisiúnta go dtí seo thar roinnt spóirt agus disciplíní. Tá Éire ag ullmhú faoi láthair chun Corn Ryder a óstáil i Luimneach in 2027, chomh maith le comhóstáil a dhéanamh ar chomórtas UEFA Euro 2028, agus Corn an Domhain T20 na bhFear in 2030 a chomhóstáil.
Dúirt an Taoiseach:
"Thabharfadh an deis chun An Craobhchomórtas Oscailte agus Craobh Oscailte na mBan a óstáil deiseanna go leor don tír, san áireamh Éire a chur ar taispeáint ar an ardán domhanda agus comhionannas sa spórt a chur chun cinn. Chuirfeadh sé buntáistí cultúrtha, eacnamaíocha agus sóisialta ar fáil freisin agus ar an iomlán, chuirfeadh sé go mór leis an tír.
“Tá cáil orainn cheana féin mar cheann scríbe gailf atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain agus chuirfeadh sé go mór le hÉirinn mar cheann scríbe domhanda don spórt dá ndéanfaí na himeachtaí seo a óstáil anseo. Táim ag tnúth leis na chéad chéimeanna eile chun é seo a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Martin:
“Tá Éire céim níos gaire anois don chraobh gailf is sine agus is iomráití ar domhan a shealbhú, a chomórfadh freisin é a bheith ar siúl lasmuigh den Ríocht Aontaithe don chéad uair riamh. Fáiltím roimh chinneadh an Rialtais inniu maidir le hóstáil fhéideartha an Craobhchomórtas Oscailte agus Craobh Oscailte na mBan AIG ag Club Gailf Phort Mearnóg. Ba mhór an tráth é óstáil na n-imeachtaí seo, agus go háirithe Craobh Oscailte na mBan AIG, i bPort Mearnóg, don chomhionannas sa spórt agus rannphairtíocht sa Ghalf agus bheadh sé ar cheann de na himeachtaí idirnáisiúnta spóirt is mó do mhná a reáchtáladh in Éirinn riamh. Chomh maith leis sin, tá an luach ollmhór a thugann sé seo dár n-earnáil turasóireachta, agus do chúrsaí gailf, pobail agus gnólachtaí ar fud an oileáin, aitheanta go maith.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Is iomaí uair a léirigh Éire go bhfuil gach a bhfuil de dhíth orainn maidir le mórimeachtaí spóirt a óstáil go rathúil ar stáitse domhanda. Tar éis fhoilsiú an chéad bheartais riamh de chuid na hÉireann um Mórimeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta an tseachtain seo caite, táim an-sásta a fheiceáil go bhfuil ár n-óstáil féideartha ar an gCraobhchomórtas Oscailte agus ar Chraobh Oscailte na mBan AIG curtha chun cinn ag an Rialtas inniu. Tá go leor féidearthachtaí spreagúla ar fáil dár n-óstáil fhéideartha ar an gCraobhchomórtas Oscailte agus ar Chraobh Oscailte na mBan AIG, ina measc an deis oidhreacht rannpháirtíochta spóirt a chinntiú do chách.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Reáchtáiltear an Craobhchomórtas Oscailte ar chúrsaí naisc nádúrtha amháin, a bhfuil 63 acu ar oileán na hÉireann, níos mó ná an ceathrú cuid d’iomlán an domhain. Ó tháinig an Craobhchomórtas Oscailte ar ais go Port Rois in 2019, tá an t-ionchas go reáchtálfar an chraobh sa dlínse seo ina ábhar plé laistigh den chluiche gailf. D’aithin an R&A (An Club Gailf Ríoga agus Ársa) Club Gailf Phort Mearnóg mar an príomh-iarrthóir mar gheall ar a cháil dhomhanda, a chóngaracht don phríomhchathair agus don aerfort, agus a chumas freastal ar na sluaite móra atá anois ann go tipiciúil ag an imeacht.
Tá faomhadh an Rialtais faoi réir cás gnó iomlán a ullmhú de réir an chóid chaiteachais phoiblí, iniúchadh breise a dhéanamh ar na costais a bhaineann le hóstáil na n-imeachtaí, ráthaíocht a thabhairt go n-óstófar na himeachtaí sin go minic, fíor-oidhreacht rannpháirtíochta spóirt a chinntiú agus uasdátú breise le tabhairt faoi bhráid an Rialtais sula dtabharfar gealltanas óstála ceangailteach.