Tuilleadh Taifid ar Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna ar fáil Ar Líne
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá tuilleadh taifid de Bhreitheanna, de Phóstaí agus de Bhásanna ar fáil ar líne agus tá bliain bhreise de na taifid sin ar fáil anois ar an suíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie
Áirítear ar na taifid de na himeachtaí saoil atá ar fáil ar líne anois:
- Taifid chlár na mbreitheanna do na blianta 1864 go dtí 1921
- Taifid chlár na bpóstaí do na blianta 1845 go dtí 1946
- Taifid chlár na mbásanna do na blianta 1864 go dtí 1971
Tá an suíomh gréasáin saor in aisce agus ní theastaíonn síntiús ná clárúchán chun é a úsáid.
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., fáilte roimh an eisiúint seo:
“Tá an eisiúint seo de bhliain bhreise de shonraí cláir an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta mar chuid den chomhpháirtíocht leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. Táim cinnte de go mbeidh na daoine a bhfuil taighde ar siúl acu ar an nginealas ag súil go mór leis an uasdátú seo.”
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D.:
“Mar gheall ar an gcomhoibriú idir mo Roinn agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leantar de thaifid ar chláir shibhialta na mbreitheanna, na mbásanna agus na bpóstaí a chur ar fáil ar líne gan mhoill.
“Tá na taifid shibhialta ar cheann de na foinsí eolais is luachmhara ar líne a bhfuil rochtain ag saoránaigh agus diaspóra na hÉireann ar fud an domhain orthu. Fuaireamar ar fad léargas agus luach níos mó ar fhoinsí eolais den sórt sin le dhá bhliain anuas.
“Os rud é go bhfuil bliain bhreise de thaifid ar fáil, is féidir breathnú ar thaifead breithe, pósta agus báis iar-Thaoiseach agus Státaire Seán Lemass ar líne anois.”
Taispeántar i dtaifead pósta an Uas. Lemass go raibh an t-aisteoir grinn mór le rá, Jimmy O’Dea, a bhí mar pháirtí ranga aige, ina fhinné ag an bpósadh. Phós an tUas. Lemass Kathleen Hughes i mí Lúnasa 1924 agus tá a mbeirt aithreacha liostaithe ar an gclár mar cheannaithe.
Is iad na taifid atá á gcur ar fáil ná na hiontrálacha Chlár Breithe do 1921, na hiontrálacha Chlár Pósta do 1946 agus na hiontrálacha Chlár Báis do 1971. Léiríonn na hiontrálacha sin eolas tábhachtach a bhíonn bunriachtanach, go minic, chun cuidiú le daoine eolas a fháil faoina sinsearacht. Is léiriú í an teanga a úsáidtear ar an tréimhse agus ar na forálacha reachtacha ag an am.
Áirítear ar na sonraí maidir leis na breitheanna:
- Céadainm(neacha) an Pháiste
- Sloinne an Pháiste
- Dáta Breithe
- Áit Bhreithe
- Ainm agus Seoladh an Athar
- Ainm na Máthar agus Sloinne roimh Phósadh na Máthar má tá sí Pósta
- Slí Bheatha an Athar
- Síniú an Fhaisnéiseora (An duine a chláraithe do bhreith)
- Dáta Chlárú na Breithe
Áirítear ar na sonraí maidir leis na Póstaí:
- Áit an Phósta
- Dáta an Phósta
- Céadainm(neacha) agus Sloinnte na Brídí agus an Ghrúim
- Aois ar lá an Phósta
- Staid (i.e. Baitsiléir, Bean Shingil nó Baintreach) – Stádas Sibhialta mar a thugtar air sa lá atá inniu ann
- Slí Bheatha na Brídí agus an Ghrúim
- Ainmneacha agus Seoltaí Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
- Slite Beatha Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
- Síniú na Brídí agus an Ghrúim
- Síniú na bhFinnéithe
Áirítear ar na sonraí maidir leis na Básanna:
- Dáta agus Áit an Bháis
- Ainm agus Sloinne an Duine a Fuair Bás
- Fireann nó Baineann
- Staid an Duine a Fuair Bás (i.e. Baitsiléir, Bean Shingil nó Baintreach) – Stádas Sibhialta mar a thugtar air sa lá atá inniu ann
- Aois ar a lá Breithe is deireanaí
- Aicme, Gairm nó Slí Bheatha an Duine a Fuair Bás
- Cúis Bháis agus Fad an Tinnis
- Síniú, Cáilíocht agus Áit Chónaithe an Fhaisnéiseora
- Dáta an Chláraithe
Soláthraíonn suíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie:
- 6,784,749 iontráil ar Chlár Sibhialta na mBreitheanna;
- 1,939,623 iontráil ar Chlár Sibhialta na bPóstaí; &
- 6,943,532 iontráil ar Chlár Sibhialta na mBásanna.
Níor cuireadh tús le Clárú Sibhialta na bPóstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach go dtí 1864.
Tá na taifid bháis a théann siar go dtí 1864 á n-uasdátú ag an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta faoi láthair. Áireofar na taifid seo ar na taifid atá ar fáil ar an suíomh gréasáin nuair a dhéanfar uasdátú air.
Cuirtear bliain eile d’iontrálaithe Breitheanna, Básanna agus Póstaí ar an suíomh gréasáin gach bliain.
Roinnt Éireannaigh Cháiliúla a Rugadh sa bhliain 1921
Mona (Mary Monica) Tyndall (14 Aibreán 1921 – 7 Meitheamh 2000)
Dochtúir leighis agus siúr mhisinéireachta sa Nigéir agus sa tSaimbia. B’oibrí forbartha gníomhach í sa chomhrac luath in aghaidh VEID/SEIF trína ceannaireacht ar Chlinicí Máithreacha & Páistí ar tugadh tacaíocht dóibh le clár cúnaimh thar lear de chuid Rialtas na hÉireann sa tSaimbia.
Bernard Patrick Devlin (10 Márta 1921 – 15 Nollaig 2010)
Sagart Caitliceach Rómhánach Éireannach ab ea é, agus ba eisean an cúigiú Easpag ar fhairche Caitliceach Rómhánach Giobráltar ó 1985 – 1998.
Ar an 30 Márta 1985, ag searmanas in Ardeaglais Mhuire faoi Choróin, rinneadh an tEaspag Devlin a insealbhú mar Cheannasaí Ridire (le réalt) ar Ord Eachaíochta Thuama Naofa Iarúsailéim ag Ardeaspag Michael George Bowen.
Bronnadh Saoirse Chathair Giobráltar ar Devlin agus, dá réir sin, cuireadh é ar Rolla na bhFaighteoirí de Bhonn Onóra Giobráltar sa bhliain 2008.
Tá taifead breithe agus taifead báis Sean Lemass anois ar fáil ar líne www.irishgenealogy.ie
Seán Francis Lemass (John Francis Lemass a bhí air nuair a rugadh é; 15 Iúil 1899 – 11 Bealtaine 1971) Bhí Sean Lemass ina thaoiseach ó 1959 go dtí 1966. Rugadh é i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1899 agus bhí sé ina iarshaighdiúir de chuid Éirí Amach na Cásca 1916. Toghadh é chun na Dála den chéad uair i 1924 agus atoghadh é óna dháilcheantar i mBaile Átha Cliath Theas i ngach toghchán a tháinig ina dhiaidh sin go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1969.
In éineacht le Eamon De Valera, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí pháirtí nua Fianna Fáil i 1926. Bhí sé ina Thaoiseach agus Ceannaire Fhianna Fáil ó 1959 go dtí 1966.
Tá na hiontrálacha ar chláir bhreithe, phósta agus bháis Sean Lemass ar fáil ar an suíomh thíos chomh maith le staidéar cáis https://www.irishgenealogy.ie/en/2016-family-history/case-studies/sean-lemass