Uaslíon 16 scoláire i dtithe lóistín na gcoláistí Gaeilge ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 10 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le córas na gcoláistí Gaeilge tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan inniu, Dé hAoine 10 Márta, go bhfuil cead feasta ag tithe lóistín atá cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge na Roinne uaslíon 16 scoláire a bheith ar iostas acu ach an spás a bheith acu. Is uaslíon 12 scoláire a bhí i bhfeidhm faoin scéim ó 2014 i leith. Tagann an t-athrú seo i bhfeidhm láithreach.
Fágfaidh sé seo go bhféadfadh ioncam breise ar fiú €3,168 in aghaidh na bliana a bheidh á shaothrú ag tithe lóistín faoi scéim na Roinne – gan an táille a íocann na coláistí iad féín leis na tithe a bheith san áireamh (4 scoláire breise x 22 oíche x €12 x 3 chúrsa an tsamhraidh).
Tagann an beart seo sna sála ar thacaíochtaí eile atá ceadaithe ag an Roinn ar leas na gcoláistí Gaeilge le bliain anuas; In éindí le hardú beagnach 20% a bheith ceadaithe ag an Roinn ar an deontas laethúil atá iníoctha faoi scéim na Roinne le lucht lóistín na gcoláistí Gaeilge d’fhógair an Roinn ardú ó €2,000 go dtí €6,000 ar an deontas tosaithe aon-uaire atá ar fáil do theaghlaigh a chláraíonn faoin scéim den chéad uair nó a athchláraíonn faoin scéim tar éis tréimhse nach lú ná cúig bliana.
Dúirt an tAire Stáit O'Donovan:
"Is cúis áthais dom a bheith ábalta an beart praiticiúil seo a cheadú ar leas theaghlaigh na scéime agus chóras na gcoláistí Gaeilge araon. Ní amháin go gcuirfidh an t-athrú seo ar chumas tithe cáilithe na scéime breis ioncaim a fháil as a bheith ag cur lóistín breise ar fáil, ach cabhróidh sé chomh maith leis na coláistí iad féin. De thoradh seo beidh tithe agus coláistí araon in ann deiseanna breise a chur ar fáil d’aos óg na tíre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge i bhfearann dúchais na teanga, an Ghaeltacht – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta ar ndóigh."