English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Veileadróm agus Ionad Badmantain Náisiúnta ceadaithe ag na hAirí Martin agus Byrne

Veileadróm agus Ionad Badmantain Náisiúnta ceadaithe ag na hAirí Martin agus Byrne

• An chéad raon rothaíochta faoi dhíon in Éirinn le forbairt ar an gCampas Náisiúnta Spóirt

• Ionad badmantain 12 chúirt den chéad scoth le bheith san áireamh san áis nua náisiúnta spóirt

Thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, faomhadh inniu do thionscadal an Veileadróm agus an Ionad Badmantain Náisiúnta cur chun tairisceana.

Beidh raon rothaíochta 250 méadar agus suas le 12 Chúirt Badmantain san áis, chomh maith le suíocháin do lucht féachana agus áiseanna coimhdeacha. Beidh sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir agus tá sé le bheith críochnaithe in 2027, rud a chiallóidh nach mbeidh ar ár rothaithe riain, go háirithe, taisteal thar lear chun oiliúint a dhéanamh a thuilleadh.

Dúirt an tAire Martin:

“Tuigim féin agus an tAire Byrne an luach a bhaineann le tacú lenár lúthchleasaithe agus iad ag ullmhú do chomórtais idirnáisiúnta agus táimid tiomanta a chinntiú go bhfuil na háiseanna oiliúna is fearr acu chun a gcuid spriocanna a bhaint amach. Agus muid ag tacú go bródúil le Foireann Éireann ag na cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i bPáras, tacóidh an Veileadróim agus an tIonad Badmantain Náisiúnta leis an gcéad ghlúin eile de lúthchleasaithe. Sa Veileadróm agus san Ionad Badmantain Náisiúnta rachfar cuirfear saoráidí rothaíochta den chéad scoth ar fáil dár lúthchleasaithe rothaíochta a bhfuil orthu taisteal thar lear faoi láthair le haghaidh oiliúna agus iomaíochta, chomh maith le hionad buan a sholáthar don bhadmantan ina mbeidh oiliúint chomhtháite, giomnáisiam agus áiseanna leighis. Tabharfaidh an maoiniú a chuirfear ar fáil chun na háiseanna oiliúna seo a thógáil deis do lúthchleasaithe sa dá spórt na leibhéil feidhmíochta is fearr a bhaint amach ar an stáitse idirnáisiúnta. Tá ár gCampas Náisiúnta Spóirt ar cheann de na príomhshaoráidí domhanda atá dírithe ar lúthchleasaí cheana féin agus feabhsóidh an chéad chéim eile dá fhorbairt bonneagar spóirt na hÉireann.”

Ina theannta sin, dúirt an tAire Byrne:

“Agus muid ag tacú le lúthchleasaithe fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i bPáras, tuigimid go bhfuil infheistíocht leanúnach ón Rialtas ríthábhachtach chun leibhéil rannpháirtíochta i ngach spórt a mhéadú, ar fud gach earnála den tsochaí. Chun ár spriocanna rannpháirtíochta a bhaint amach, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag soláthar áiseanna spóirt den chéad scoth. Léiríonn cur Veileadróm agus Ionad Náisiúnta Badmantain lenár gCampas Náisiúnta Spóirt ár dtiomantas do thacaíocht a thabhairt do lúthchleasaithe ón mbunleibhéal go leibhéal ardfheidhmíochta. Leagadh amach fís uaillmhianach maidir le forbairt lárionad náisiúnta sármhaitheasa spóirt faoi Mháistirphlean an Champais Náisiúnta Spóirt agus leanfaidh an Rialtas ag tacú le Spórt Éireann chun an fhís seo a thabhairt chun críche”.

Ag labhairt ar son Spórt Éireann, dúirt an Dr Una May:

“Is í seo an chéad chéim iontach eile maidir le suíomh spóirt atá ar thús cadhnaíochta cheana féin a chur chun cinn. Sa Veileadróm agus san Ionad Badmantain Náisiúnta cuirfear áiseanna oiliúna den chéad scoth ar fáil dár lúthchleasaithe agus ligfear dúinn comórtais a óstáil anseo in Éirinn, rud a chuirfidh go mór leis an timpeallacht ardfheidhmíochta ar Champas Spórt Éireann.

“Is é seo an cineál infheistíochta leanúnaí atá fíor-riachtanach chun rannpháirtíocht a mhéadú ón mbunleibhéal go lúthchleasaithe den chéad scoth. Táimid go léir ag baint sult as na Cluichí Oilimpeacha, agus cuirfidh sé seo le deiseanna rothaithe ardfheidhmíochta na hÉireann boinn idirnáisiúnta, Oilimpeacha agus Parailimpeacha a bhuachan amach anseo.

“Athdhearbhaíonn an fógra seo tiomantas an Rialtais beocht a chur i Máistirphlean uaillmhianach Champas Spórt Éireann. Táimid buíoch den Rialtas as a n-infheistíocht leanúnach sa spórt agus táimid ag súil go bhfeicfimid an tionchar dearfach a bheidh aige seo ar an rothaíocht agus ar an mbadmantan araon.”