An Clár Caipitiúil Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Córas Ar Líne le haghaidh an Chláir Caipitiúil Spóirt
- Conas iarratas a dhéanamh
- Conas airgead an deontais a fháil
- Leithdháiltí agus Íocaíochtaí faoin gClár Caipitiúil Spóirt
- Treoir an Chláir Caipitiúil Spóirt maidir le hInrochtaineacht
- Faoiseamh Cánach ar Thabhartais do Chomhlachtaí Spóirt
Dúnadh an babhta is déanaí den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt ag 5 i.n. Dé hAoine, 8 Meán Fómhair 2023.
Féach ar an Treoir maidir le hIarratas a Dhéanamh 2023, thíos. Má tá tuilleadh cabhrach de dhíth ort, téigh i dteagmháil le SportsCapitalProgrammes@tcagsm.gov.ie
Réamhrá
Is é an Clár Caipitiúil Spóirt an príomh-mheán lena dtugann an Rialtas tacaíocht do shaoráidí spóirt agus aclaíochta áineasa agus do cheannach trealamh spóirt neamhphearsanta ar fud na tíre. Is iad seo a leanas cuspóirí an chláir:
- cabhrú le heagraíochtaí deonacha agus pobail, le comhlachtaí náisiúnta rialaithe spóirt, le húdaráis áitiúla agus le Boird Oideachais agus Oiliúna agus scoileanna chun saoráidí ardchaighdeáin, inrochtana, sábháilte, dea-dheartha, inbhuanaithe a fhorbairt in áiteanna iomchuí agus trealamh iomchuí a chur ar fáil chun rannpháirtíocht sa spórt agus i gcaithimh aimsire fhisiciúla a uasmhéadú
- tús áite a thabhairt do riachtanais ceantair agus grúpaí faoi bhuntáiste (amhail daoine faoi mhíchumas) maidir le saoráidí spóirt a chur ar fáil
- comhroinnt saoráidí spóirt a spreagadh idir clubanna, eagraíochtaí pobail agus comhlachtaí náisiúnta rialaithe spóirt
Is tionscnaimh de chuid Éire 2040 – An Tionscadal é an Clár Caipitiúil Spóirt Item was unpublished or removed
Córas Ar Líne le haghaidh an Chláir Caipitiúil Spóirt
Níl ann ach bealach amháin chun iarratas a dhéanamh ar dheontas faoin gClár Caipitiúil Spóirt; is é sin tríd an suíomh gréasáin OSCAR.
Ligeann OSCAR do ghrúpaí féachaint ar dheontais agus íocaíochtaí a fuarthas cheana, sonraí teagmhála a athrú, íocaíochtaí deontais a lorg agus cumarsáid a dhéanamh ar líne leis an Roinn.
Sula ndéanann eagraíocht iarratas ar dheontas, ní mór dóibh clárú ar OSCAR An Clár Caipitiúil Spóirt - Treoir maidir le Clárú
Seoltar fógra uathoibríoch chuig eagraíochtaí cláraithe uile nuair a osclaítear babhta eile den chlár le haghaidh iarratas.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh:
- Léigh an 2020 treoir maidir le conas iarratas a dhéanamh
- Feach ar ár dtreoirfhíseán maidir le hiarratas a dhéanamh
- Íoslódáil foirm iarratais 2018 anseo
I ndiaidh gach babhta den Chlár Caipitiúil Spóirt, tugtar faoi athbhreithniú ar mhaithe le feabhas a cur ar an bpróiseas. Is féidir teacht ar an Athbhreithniú a rinneadh ar bhabhta 2017 den Chlár Caipitiúil Spóirt anseo.
Tá eolas ar fáil sna SCEP 2023 - Scoring System and Assessment Procedures maidir leis an mbealach a ndéantar na hiarratais a mheas - déanfar na treoirlínte a nuashonrú i ndáil le gach babhta nua den Chlár Caipitiúil Spóirt.
Seoladh Ríomhphoist: SportsCapitalProgrammes@tcagsm.gov.ie
Conas airgead an deontais a fháil
Tá sraith de threoracha scríofa ag an Roinn chun cabhrú le deontaithe ceadú foirmiúil agus airgead a ndeontas a fháil:
Leithdháiltí agus Íocaíochtaí faoin gClár Caipitiúil Spóirt
Is féidir féachaint ar Leithdháiltí uile faoin gClár Caipitiúil Spóirt go dtí seo.
Is féidir teacht ar shonraí na n-íocaíochtaí faoin gClár Caipitiúil Spóirt anseo.
Treoir an Chláir Caipitiúil Spóirt maidir le hInrochtaineacht
Is ceanglas den Chlár Caipitiúil Spóirt go gcaithfidh trealamh agus saoráidí arna maoiniú faoin gClár a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Caithfidh na tionscadail chaipitiúil go léir na 7 bprionsabal den dearadh uilíoch a chomhlíonadh.
Tá an roinn tar éis treoir a ullmhú maidir le trealamh aclaíochta inrochtana.
Má tá tuilleadh eolais uait, tá Cara - Sport Inclusion Ireland tar éis bileoga eolais acmhainne a chruthú maidir le conas do shaoráidí, trealamh agus gníomhaíochtaí spóirt a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Faoiseamh Cánach ar Thabhartais do Chomhlachtaí Spóirt
Má tá do chlub nó eagraíocht spóirt ag fáil talún nó foirgnimh, ag forbairt saoráidí nó ag ceannach trealaimh daingnithe neamhphearsanta le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt, nó ag aisíoc iasachta i ndáil le ceann ar bith de na cúiseanna thuasluaite, tá foráil déanta san Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 gur féidir le comhlachtaí spóirt faoiseamh cánach a fháil i leith chostas an tionscadail ar thabhartais ar bith arna dtabhairt ag daoine aonair nó ag comhlachtaí. Is scéim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim í seo agus is í an Rannóg Caipitiúil Spóirt a cheadaíonn na tionscadail.