An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 17 Meán Fómhair 2024
Faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga cuirtear idir chúnamh caipitil agus reatha ar fáil go leanúnach ar mhaithe le tacú le heagraíochtaí agus coistí pobail fud fad na Gaeltachta a bhíonn i mbun oibre ar son na Gaeilge agus ar leas phobal na Gaeltachta.
Cúnamh Caipitil
Ar mhaithe le tacú le bonneagar teanga agus pobail na Gaeltachta a threisiú tuilleadh cuirtear cúnamh caipitil ar fáil do choistí agus eagraíochtaí Gaeilge/Gaeltachta chun áiseanna pobail agus teanga a chur ar fáil nó a uasghrádú.
Má tá tú ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Caipitil, ba chóir duit an Bileog Eolais thíos a léamh go cúramach agus teagmháil a dhéanamh le CTPT@tcagsm.gov.ie chun do chás a fhiosrú.
I ndiaidh don togra a phlé – tabharfar cuireadh duit chun foirm iarratais a chomhlíonadh más chuí.
Cúnamh Reatha
Mar chuid den infheistíocht a dhéantar faoin gClár, cuirtear maoiniú reatha faoi leith ar fáil faoi scéimeanna éagsúla, eadhon:
Ina theannta sin ar ndóigh cuirtear cúnamh reatha ar fáil faoin gClár chun cabhrú le heagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge cláir oibre comhaontaithe leis an Roinn a chur i bhfeidhm lena n-áirítear Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG), Comhairle Chonnacht, Comhairle na Mumhan agus Comhairle Uladh (Clár na gCluichí Gaelacha). Tugtar maoiniú reáchtála d’eagraíochtaí eile faoi leith fosta.
Má tá tú ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Reatha, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le CTPT@tcagsm.gov.ie chun do chás a fhiosrú.
Naisc Úsáideacha
Tuilleadh fiosruithe:
Oifigigh Réigiúnacha
Gaeltacht na Gaillimhe, Thuar Mhic Éadaigh agus na Mí:
Joe Ó Flatharta
- (085) 876 6075
- Joe.oflatharta@tcagsm.gov.ie
Gaeltacht na Mumhan lena n-áirítear Co an Chláir:
Ruán Ó Cinnseala
- (085) 838 8395
- Ruan.ocinnseala@tcagsm.gov.ie
Gaeltacht Dhún na nGall, Mhaigh Eo Thuaidh agus Thiar:
Fiachra Mackel
- (085) 8012468
- Fiachra.Mackel@tcagsm.gov.ie