Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo 2021
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 9 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 21 Meitheamh 2022
- Tá an Scéim seo Dúnta Anois
- Céard atá sa Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Foirm Iarratais agus Treoirlínte
Tá an Scéim seo Dúnta Anois
UASDÁTÚ:
Bhí an-éileamh ar an scéim seo. Cuireadh níos mó ná 400 iarratas isteach, agus iarradh níos mó ná €80 milliún mar mhaoiniú. Ó tharla go bhfuil maoiniú de €25 milliún ar fáil, ní féidir deontais a bhronnadh ar gach duine a chur isteach.
Aithníonn an Roinn an t-uafás oibre agus iarrachta a chuireadh isteach i ngach iarratas agus deimhneoidh siad go ndéanfar scrúdú agus measúnú ar gach moladh le cúram agus machnamh cuí.
A luaithe a bheidh athbhreithniú déanta ar iarratais, cuirfear tuilleadh sonraí maidir le faighteoirí ar fáil. Postálfar nuashonraithe maidir leis an scéim ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Go raibh maith agat
Céard atá sa Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo
Tá maoiniú €25 milliún ag an Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo agus seoladh é chun cabhrú le hionaid, poiblitheoirí agus léiritheoirí trádála chun ealaíontóirí agus ceoltóirí i ngach seánra, taibheoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a fhostú san earnáil taibhithe beo.
Ag tógáil ar na léargais luachmhara a thug an scéim phíolótach dúinn an bhliain seo caite, is í príomhaidhm na Scéime chun tacú le Taibhithe Beo 2021 ná cabhrú le cruthú na fostaíochta agus deiseanna folláine san earnáil taibhithe beo agus cruthú aschur ealaíonta ardchaighdeáin.
Conas cáiliú
Dírítear ar léiritheoirí agus ar phoiblitheoirí aitheanta a chruthaíonn taibhithe beo agus atá in ann a léiriú go bhfuil éacht déanta acu san earnáil taibhithe beo.
Is féidir le hionaid atá in ann a léiriú go bhfuil siad tar éis bannaí ceoil áitiúla agus ceol leictreonach a fhostú cur isteach le moltaí a bhaineann leis na healaíontóirí seo.
- Caithfidh tú a léiriú go bhfuil tú tar éis taibhithe beo a chur ar stáitse.
- Caithfidh plean a bheith agat chun taibhiú/imeacht beo a chur ar stáitse ar an nó roimh an 30 Meán Fómhair 2021
- Caithfidh tú a bheith cáin-chomhlíontach
- Caithfidh tú gan a bheith maoinithe ag an earnáil phoiblí idir 2018 agus 2020 (gan tacaíochtaí COVID-19 san áireamh)
- Ní dhéanfar measúnú ach ar iarratas amháin eile, sa chéad áit, do gach poiblitheoir tionscadail
Tá an scéim oscailte dóibh siúd ar mhaith leo:
- Fostaíocht agus deiseanna folláine a chruthú in earnáil an chlutúir, na cruthaitheacha agus an cheoil agus aschur ealaíonta ardchaighdeáin a chur ar fáil go leanúnach.
- An bhearna mhór a líonadh maidir le heaspa ioncaim ó thaibhithe beo.
- Tacú le taibhithe/saothair a chuirfear i gcrích ar an nó roimh an 30 Meán Fómhair 2021
- Tacú le hionaid, léiritheoirí agus poiblitheoirí trádála in earnáil an chultúir (mar shampla: ceol, siamsaíocht agus drámaíocht)
- Tacú le ceoltóirí gairmiúla i ngach seánra agus a chinntiú gur féidir le ceoltóirí, innealtóirí soilse agus fuaime, daoine ag obair i gcaidreamh poiblí, gníomhairí, lipéid agus foilsitheoirí in Éirinn a gcuid oibre a fhorbairt agus a roinnt i gcomhthéacs srianta COVID-19.
Ráta íocaíochta
Is é €10,000 an íosmhéid íocaíochta.