Dul chun cinn suntasach déanta i leith fheidhmiú Achtanna na dTeangacha Oifigiúla
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
• Coiste nua Logainmneacha le bunú
• Toghairm Ghiúiré le heisiúint go dátheangach
• Plean Náisiúnta agus tuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh curtha faoi bhráid na nAirí
Tá tosach feidhme fhorálacha eile de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 fógartha inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, T.D., eadhon Ailt 12, 13, 14 agus 16.
Agus cúraimí na Gaeilge agus Gaeltachta tarmligthe dó, shínigh an tAire Stáit Byrne an Ionstraim Reachtúil le déanaí chun tús feidhme a thabhairt do na forálacha seo ar an 30 Meitheamh 2024. Is leasuithe teicniúla ar an Acht iad Alt 12 agus 14.
Le tosach feidhme Alt 13 d’Acht 2021, lena leasaítear Alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, déanfar Coiste nua Logainmneacha a cheapadh. Oibreoidh an Coiste Logainmneacha ar bhonn pro bono agus mairfidh a théarma oifige go ceann trí bliana. Tá deichniúr ball, chomh maith le cathaoirleach, le ceapadh ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Byrne. Is é an Príomhoifigeach Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bheidh ina rúnaí ar an gCoiste.
Is é is príomhchúram don Choiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Gaeltachta maidir le logainmneacha na hÉireann, mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Anuas ar cruinnithe ráithiúla chun logainmneacha a phlé go mion, ní mór do na baill liostaí logainmneacha a scrúdú ar eislíon idir an dá linn freisin. As seo go ceann cúpla bliain eile beidh an Coiste nuacheaptha ag díriú ar dhréachtorduithe logainmneacha do na contaetha seo a leanas: Co. Laoise, Co. Cheatharlach, Co. Shligigh, Co. an Longfoirt, Co. Mhaigh Eo, Co. na Gaillimhe, Co. Loch Garman agus Co. Liatroma.
Le tosach feidhme tugtha d’Alt 16 den Acht 2021 anois chomh maith, leasaítear Acht na nGiúiréithe 1976. Faoin bhforáil seo, déanfar na fógraí a eisítear chun duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir a eisiúint go dátheangach. I ndáiríre, tá tús curtha leis seo cheana féin de bharr dlúth-chomhoibrithe idir an Roinn agus an tSeirbhís Cúirteanna le bliain nó mar sin anuas. Mar chuid den chomhoibriú seo, rinne an tSeirbhís Cúirteanna aghaidh a thabhairt ar a chinntiú go raibh a tairseach ghiúiré nua in ann freastal ar fheidhmiúlacht Ghaeilge agus aistriú a dhéanamh ar an bpacáiste giúiré.
Maidir le hobair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht i mí an Mheithimh 2022, tá deimhnithe ag an Aire Stáit Byrne anois chomh maith go bhfuil an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge curtha faoina bhráid ag an gCoiste ón 19 Meitheamh 2024, i gcomhréir leis an spriocdháta a leagadh síos ina leith faoi Alt 18C. den Acht leasaithe mar aon leis na cumhachtaí atá tarmligthe dó mar Aire Stáit na Gaeltachta.
Is toradh é an Plean seo ar dhlúth-chomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach mar aon le páirtithe leasmhara eile a raibh ionchur éagsúla acu i bpróiseas dréachtaithe an Phlean. Ceapadh Ollscoil na Gaillimhe ar chonradh chun tabhairt faoi thaighde a bheadh mar bhunús d’fhorbairt an Phlean Náisiúnta úd. Mar chuid den taighde seo, ghlac os cionn 35,000 fostaí de chuid comhlachtaí poiblí páirt i suirbhé chun léargas a fháil ar leibhéal inniúlachta reatha na hearnála poiblí. Thug torthaí an tsuirbhé seo léargas soiléir agus luachmhar ar staid reatha na teanga trasna na hearnála agus ar na gníomhartha a bheidh le tógáil chun críche oll-sprioc earcaíochta na reachtaíochta teanga a bhaint amach - is é sin gur daoine inniúil i nGaeilge a bheidh in 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí faoin 31 Nollaig 2030.
Tá trí mhí ag an Aire ón dáta sin anois an Plean a bhreithniú agus a chur faoi bhráid an Rialtais, agus a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin, an Plean a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne. Laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfear an Plean Náisiúnta faoi bhráid an Rialtais ansin, beidh dátaí le leagan síos ag an Aire faoina mbeidh na seirbhísí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) agus do LPT curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge, mar aon le hoifigí poiblí lonnaithe in LPT ag feidhmiú trí Ghaeilge – bearta atá á n-éileamh ag pobal na Gaeltachta le fada an lá.
Lena chois sin, cuireadh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh ó bunaíodh é ar an 22 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023 faoi bhráid an Aire Stáit agus an Choimisinéara Teanga ar an 28 Meitheamh 2024, ag teacht leis an sprioc a leagadh síos ina leith faoi Alt 18F. den Acht leasaithe. Bunaithe ar an tuarascáil seo, déanfaidh an Coimisinéir Teanga tráchtaireacht a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire laistigh de 6 mhí ón tuarascáil a fháil.
Ag labhairt inniu, dúirt an Aire Martin:
“Is mór agam go bhfuil na forálacha den Acht a bhaineann le cúrsaí logainmneacha ag teacht i bhfeidhm. Is breá an rud é go bhfuil daoine oilte a bhfuil saineolas acu ar an réimse seo ar fáil dúinn le haghaidh an Choiste Logainmneacha nua atá á bhunú faoin reachtaíocht seo. Agus an Coiste nua ar an bhfód, beidh mo Roinn in ann dlús a chur le hullmhú na n-orduithe logainmneacha ionas go mbeidh toradh ar obair thaighde an Bhrainse Logainmneacha le feiceáil go follasach ag an bpobal.”
Dúirt an tAire Stáit Byrne inniu:
“Tréaslaím leo siúd atá ceaptha againn ar an gCoiste Logainmneacha nua agus guím gach rath ar a gcuid oibre sa tréimhse amach romhainn.
Tréaslaím chomh maith leis an tSeirbhís Cúirteanna as an obair mhór atá déanta acu agus iad ag ullmhú do chur i bhfeidhm an méid a bhaineann le feidhmiú Alt 16 d’Acht 2021.
Maidir leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh le comhaltaí an Choiste agus buíochas a ghabháil leo as a dtiomantas agus dúthracht i leith na Gaeilge. Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an Plean Náisiúnta seo mar threochlár do chomhlachtaí poiblí agus é foilsithe ó thaobh líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuireann siad ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach, mar aon le cur lena líon foirne inniúil i nGaeilge i ndáil le sprioc earcaíochta 20% an Achta.
Agus deis agam an Phlean Náisiúnta a bhreithniú, beidh sé le cur faoi bhráid an Rialtais agus le foilsiú ansin san fhómhar, i ndáil le forálacha an Achta. Tá sé beartaithe an chéad phróiseas comhairliúcháin a bhaineann leis na caighdeáin teanga don chéad aicme de chomhlachtaí poiblí a reáchtáil go gairid ina dhiaidh sin ansin. Tríd an obair seo go léir, táthar ag súil go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol – ach go háirithe ina bplé leis an Stát.
Dar ndóigh, beidh mé ag súil le tráchtaireacht an Choimisinéara Teanga ar thuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh in am tráth chomh maith.”
Maidir le forbairtí faoin Acht i gcoitinne, tar éis don Aire Martin deontas os cionn €1m a cheadú ag deireadh na bliana seo caite, seolfar Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí (GA/Item was unpublished or removed) sna seachtainí amach romhainn. Tá Oireachtas na Gaeilge ag obair go tréan chun an gréasán seo a bhunú ó fógraíodh an maoiniú anuraidh, chun chur ar chumas fostaithe na hearnála poiblí a gcuid Gaeilge a chleachtadh i gcomhluadar a gcuid comhghleacaithe. Cuirfear scéal uasdátaithe amach faoin méid seo in am tráth.
Leanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis an obair chun tosach feidhme a thabhairt d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil idir seo agus deireadh 2024.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (GA/EN)
Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 (GA/EN)
• Mír ábhartha maidir le hullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge: Alt 18C.(1)(a) (GA/EN)
• Mír ábhartha maidir le tuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge: Alt 18F. (GA/EN)
Acht na nGiúiréithe 1976 (GA/EN)
Eolas faoi:
• Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 (GA/Item was unpublished or removed)
• An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (GA/Item was unpublished or removed)
Dul chun cinn faoin Acht (Preasráitis a bhaineann leis an Acht) (GA/EN)