English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Lá stairiúil agus an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge fógartha

Lá stairiúil agus an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge fógartha

Item was unpublished or removedseolta

• Spriocanna ardleibhéil leagtha amach faoi 5 mhórthéama

• Próiseas tairisceana tosaithe chun forbairt a dhéanamh ar uirlis intleachta saorga úrnua ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’

• Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach á bhunú

Tá fógartha inniu (an 9 Deireadh Fómhair 2024) ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne TD, go bhfuil an Item was unpublished or removedfoilsithe.

Is é seo an chéad Phlean dá leithéid riamh i stair an Stáit agus is gné lárnach a bheidh ann sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Plean straitéiseach 6 bliana atá sa Phlean seo. Is ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht, a thit an ollfhreagracht an Plean seo a ullmhú, le hionadaíocht ag réimse leathan d’eagraíochtaí trasna na hearnála poiblí air.

Cuirfear an Plean straitéiseach seo i bhfeidhm trí dhá Phlean Gníomhaíochta 3 bliana, agus tá an chéad cheann díobh sin le foilsiú sna míonna amach romhainn.

Aithnítear tríd an bPlean chomh maith an ról lárnach a bheidh ag cúrsaí teicneolaíochta ó thaobh soláthar seirbhísí dátheangacha ar ardchaighdeán a chinntiú sna blianta beaga amach romhainn. Sa chomhthéacs sin, fógraíodh chomh maith inniu go bhfuil Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach á bhunú ag na hAirí Martin agus Byrne chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt dá Roinn maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge, agus chun comhairle a chur ar an Roinn i dtaobh forbairtí ábhartha sa réimse digiteach go ginearálta faoi mar a bhaineann siad leis an nGaeilge agus le pobal na Gaeilge.

Tá ionadaíocht ar an gCoiste le bheith ag eochaireagraíochtaí atá ag saothrú ar mhaithe leis an nGaeilge agus a bhfuil spéis nó saineolas faoi leith acu i bhforbairtí teicneolaíochta teanga.

Rinneadh fógra mór chomh maith mar a bhaineann le cúrsaí Intleachta Saorga: Ard-Intleacht na Gaeilge agus tús á chur ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le Roinn na nAirí Martin agus Byrne agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe, le próiseas tairisceana chun forbairt a dhéanamh ar uirlis úrnua atá le bunú ar an intleacht shaorga (AI) agus ar acmhainn shaibhir na Gaeilge.

Dúirt an tAire Martin:

“Táim an-bhródúil as an gcéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge riamh a fhoilsiú ina leagtar amach an fhís, mar aon leis na bearta a bhfuil i gceist tabhairt fúthu chun an fhís a fhíorú i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Treisíonn na 5 théama straitéiseacha atá luaite ann a chéile agus cuirfidh siad feabhas ar chaighdeán agus leibhéal na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal, rud atá ag teacht le príomhaidhm na reachtaíochta teanga leasaithe, ar ndóigh.

“Léiríonn na fógairtí eile inniu ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta an tábhacht a bheidh leis an réimse sin sna hiarrachtaí seo sa tréimhse amach romhainn chomh maith.

“Tréaslaím leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge as an obair a rinne sé in ullmhú an Phlean Náisiúnta seo agus táim ag tnúth go mór lena chur i bhfeidhm ar fud na seirbhíse poiblí idir seo agus 2030.”

Agus é ag seoladh an Phlean Náisiúnta ag Tithe an Rialtais inniu, dúirt an tAire Stáit Byrne:

“Táthar ag fógairt tús ré nua inniu den aistear chun seirbhísí poiblí dátheangacha ar ardchaighdeán a lárú trasna na hearnála poiblí, i ndáil le cearta shaoránaigh na hÉireann faoin mBunreacht.

“Agus an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge foilsithe anois, tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh sé mar threochlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí Gaeilge a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach, mar aon le cur lena líon foirne inniúil i nGaeilge i ndáil le sprioc earcaíochta 20% an Achta.

“Dar ndóigh, cuireann an obair seo go léir leis an éiceachóras teanga atá á chothú agus á fhorbairt againn faoin bpróiseas pleanála teanga agus faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is mór agam go bhfuil an Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach á bhunú chomh maith chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Roinn agus don earnáil trí chéile agus sinn ag iarraidh na deiseanna iontacha atá ar na bacáin don teanga sa réimse digiteach a thapú. Tá áthas orm freisin go bhfuil tionscadal ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’ de chuid Údarás na Gaeltachta tagtha go dtí an pointe go bhfuil próiseas tairisceana le reáchtáil ina leith. Is le maoiniú ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe a dhéanfar an togra nuálach seo a fhorbairt. Tá deis iontach againn leis na tionscadail seo an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ó thaobh na hintleachta saorga de agus uirlis nuálach a fhorbairt a mbeidh leas le baint aisti ag an earnáil phoiblí agus ag pobal na teanga araon.

“Feictear le fógraí an lae inniu an obair nuálach go léir atá ar bun chun críche normalú na teanga i ngach réimse, agus tréaslaím leis na páirtithe éagsúla go léir a bhfuil baint acu leis na tionscnaimh éagsúla seo a bhrú chun cinn – molaim an obair agus na deiseanna atá á dtapú.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Tá fáil ar chóip den Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge mar aon le tuilleadh eolais ina leith Item was unpublished or removed.

Tá fáil ar tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas tairisceana a bheidh le fógairt i leith forbairtí intleachta shaorga anseo.

-------------------------

Bhuaicphointí an Phlean Náisiúnta:

Mór-Théama Straitéiseach 1: Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha

• Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le mo(i)l-seirbhísí nó clinicí a bhunú ar bhonn píolótach chun croí-sheirbhísí poiblí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

• Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin a bhunú don earnáil phoiblí.

• Go mbreathnófaí ar bhealaí le tarraingt go héifeachtach ar mheicníocht Oifigeach na dTeangacha Oifigiúla (OTO) atá tagtha i bhfeidhm faoin Acht Teanga.

Mór-Théama Straitéiseach 2: Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge

• Aird le tabhairt ar na nithe seo agus caighdeáin teanga á bhforordú:

- go mbeidh seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge ar comhchéim ar a laghad leis an tseirbhís chéanna a chuirtear ar fáil trí mheán an Bhéarla.

- go mbeidh aird shonrach á tabhairt ar sheirbhísí leochaileacha i gcomhthéacsanna sláinte, póilíneachta agus leasa sóisialaí – go háirithe i gceantair Ghaeltachta.

- go ndéantar coincheap na tairisceana gníomhaí a neadú isteach chomh fada agus is féidir sna seirbhísí sin a bheidh le forordú chun críche na gcaighdeán teanga.

- logainmneacha oifigiúla Gaeltachta i nGaeilge le húsáid mar réamhshocrú ag comhlachtaí poiblí.

• Go mbreathnófaí ar bhealaí chun cur le hinaitheantacht fostaithe de chuid comhlachtaí poiblí le Gaeilge don phobal agus dá chéile.

• Go mbreathnófaí ar bhealaí éagsúla le feasacht a chothú faoin Acht agus na seirbhísí is féidir a éileamh faoi.

Mór-Théama Straitéiseach 3: Teicneolaíocht

• Go mbeifí réamhghníomhach ó thaobh gné na Gaeilge a neadú isteach ón tús i bhforbairtí atá agus a bheidh ag teacht chun cinn i spás na teicneolaíochta, go háirithe mar a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga i gcomhthéacs soláthar seirbhísí poiblí.

• Go mbreathnófaí ar na suíomhanna idirlín, córais nó seirbhísí idirghníomhacha eile ar cheart iad a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla, ag tabhairt san áireamh tosaíochtaí ar leith sa ghearrthéarma, meántéarma agus fadtéarma.

• Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le deis a bheith ag an saoránach a rogha teanga (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin do sheirbhísí poiblí i gcoitinne agus go bhféadfaí é seo a úsáid ansin ar fud na hearnála poiblí.

• Go mbreathnófaí ar uirlisí tacaíochta teicniúla ar leith a aithint agus a chur ar fáil d’fhostaithe na hearnála poiblí, de réir mar is cuí, a thacóidh leo seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a éascú dóibh.

• Go mbunófar grúpa nó grúpaí oibre teicniúla le féachaint go háirithe ar nithe a bhaineann leis na pointí thuas.

Mór-Théama Straitéiseach 4: Oiliúint, Earcaíocht & Inniúlacht Teanga

Maidir le cúrsaí traenála:

- Go mbreathnófaí ar straitéisí a aithint chun inniúlacht Ghaeilge na foirne reatha a mhéadú.

- Go n-aithneofaí bealaí chun an fhoireann a spreagadh go réamhghníomhach chun cúrsaí caighdeánaithe Gaeilge a chur i gcrích.

- Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le sainchláir Ghaeilge a fhorbairt agus a leathnú amach ag leibhéil éagsúla, lena n-áirítear Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Scéim Scoláireachta Leighis Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Idirbhliain, Intéirneachtaí, Printíseachtaí, modúil agus micridhintiúir.

Maidir le cúrsaí earcaíochta:

- Go mbreathnófaí ar dheiseanna ailíniú a dhéanamh idir róil nua a luaitear in Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 agus róil reatha.

- Go mbreathnófaí ar na seirbhísí/róil gur cheart do dhaoine atá inniúil i nGaeilge a líonadh agus an t-íosleibhéal inniúlachta a theastaíonn ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (CEFR), agus féachaint leis na bealaí iontrála gaolmhara féideartha chuig róil dá leithéid a fhorbairt, más gá.

- Go mbreathnófaí ar liosta iarrthóirí oiriúnacha a fhorbairt, a uasdátú agus a fhoilsiú le cur ar bhoird agallaimh i nGaeilge.

- Go mbreathnófaí ar phróisis iarratais, agallaimh agus measúnaithe do róil Ghaeilge a chaighdeánú.

Mór-Théama Straitéiseach 5: Bailiúchán Sonraí

• Modhanna cuí a aithint do chomhlachtaí poiblí chun sonraí a bhailiú agus, nuair is cuí, tuairisciú ina dtuarascálacha bliantúla agus chuig an gCoiste Comhairleach maidir le:

- inniúlacht teanga iarratasóirí ar róil sa tseirbhís phoiblí agus i measc na mball foirne reatha;

- toilteanas oibriú trí Ghaeilge;

- fonn inniúlacht Ghaeilge a fheabhsú;

- líon na mball foirne a earcaítear go bliantúil le leibhéal sonraithe Gaeilge;

- cúrsaí oiliúna Gaeilge a dhéanann an fhoireann (agus an leibhéal).

‘Ard-Intleacht na Gaeilge’ (Treochlár Intleachta Saorga na Gaeilge)

Tá comhfhiontar tairisceana ar bun idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe ag leibhéal Eorpach ag tarraingt ar an obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta agus an Roinn TCEGSM i dtreo treochlár a fhorbairt d'Intleacht Shaorga na Gaeilge. Is cumarsáid chainte neamhspleách le rogha intleachta saorga ar aon uirlis faoi dheireadh 2026 an sprioc atá leagtha amach.

Tacaíonn an obair seo le Plean Digiteach an Rialtais don Ghaeilge go sonrach ach freastalaíonn an obair ar spriocanna eile polasaí chomh maith: an Treochlár do Thionscail na Cruthaitheachta Digití agus an Plean Gníomhaíochta do Dhearadh Seirbhísí Poiblí Níos Fearr. Beidh sé lárnach chomh maith i ndréachtú phlean straitéiseach Údarás na Gaeltachta, 2025-2030.

Tá comhairliúchán agus tús curtha le próiseas mapála ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí chun obair leanúnach sa réimse seo a aithint. Tá corpais agus acmhainní teanga breise aitheanta aige seo, mar shampla cartlann físe, téacs agus fuaime TG4, RTÉ agus cartlann craolta RTÉ RnaG. Is é an chéad chéim eile ná socruithe a chur in áit na hacmhainní sin a roinnt faoi réir comhaontú agus próiseas a chur in áit chun na huirlisí éagsúla a mheas de réir Córas Pointí Comparáide.

Beidh fógra á sheoladh, ag lorg cur síos ón margadh ar an obair is féidir a dhéanamh faoi láthair mar chéad chéim agus mar thoradh na hoibre sin, nuair a bheidh na bearnaí aimsithe, cuirfear tús le próiseas tairisceana ar fud na hEorpa. Tá sé i gceist Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe (DAC) a bhunú chun seilbh a ghlacadh ar luach saothair na hoibre sin.