English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Straitéis Saotharlainne Stáit 2024 - 2034



Teachtaireacht ón gCeimiceoir Stáit

Tá an-áthas orm straitéis 10 mbliana na Saotharlainne Stáit a chur i láthair, ina leagtar amach spriocanna straitéiseacha fadtéarmacha na Saotharlainne don tréimhse 2024 – 2034. Tá an straitéis seo ag teacht le Ráiteas Straitéise na Saotharlainne Stáit, ina ndéantar cur síos ar na

pleananna straitéiseacha 3 bliana. Tá an tSaotharlann Stáit mar chuid den Státseirbhís agus cuireann sí seirbhís chuimsitheach anailíseach ceimice agus chomhairleach ar fáil do bhreis agus 40 cliant ar fud raon Ranna agus Oifigí Rialtais. Leanann ár gcliaint ar aghaidh ag léiriú rátálacha sásaimh an-ard inár Suirbhéanna bliantúla ar Shásamh Custaiméirí. Léiríonn sé sin an tseirbhís eolaíochta ardchaighdeáin, fhreagrúil agus shaineolach a chuirtear ar fáil agus is é ár misean leanúint de na hardchaighdeáinseirbhíse chéanna a sholáthar do chliaint. Tá an t-éileamh ar cheimic anailíseach agus ar sheirbhísí comhairleacha ag fás go mór as measc cliaint nua agus cliaint atá ann cheana féin. Cinnteoidh ár spriocanna straitéiseacha gur féidir linn oiriúnú agus fás chun freastal ar na riachtanais athraitheacha ó chliaint. Tá an tSaotharlann Stáit tiomanta go hiomlán do Sheirbhísí Poiblí Níos Fearr – Straitéis Claochlaithe na Seirbhíse Poiblí 2030 agus don fhís le haghaidh Saotharlann Shofhreagrúil, Nuálach agus Ghairmiúil. Aithníonn agus tuigeann an tSaotharlann Stáit gurb í ár bhfoireann go léir an tsócmhainn is tábhachtaí atá againn. Tacaíonn an straitéis seo le lucht saothair ardchumasach, éagsúil, oilte agus spreagtha a bhraitheann cumhachtaithe agus rannpháirteach trína gcuid oibre a dhéanamh i dtimpeallacht oibre chomhoibríoch, chuimsitheach agus thacúil. In 2024, rinne an tSaotharlann Stáit ceiliúradh ar 100 bliain de sheirbhísí a chur ar fáil chun saol mhuintir na hÉireann a fheabhsú. Agus muid ag dul isteach sa dara haois, cuirfidh ár spriocanna straitéiseacha ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhís ardchaighdeáin, éifeachtúil agus den scoth do chliaint.

Barbara O’Leary

Ceimiceoir Stáit


Misean na Saotharlainne Stáit

Seirbhís ceimice anailíseach ar ardchaighdeán a sholáthar agus sainchomhairle a chur ar fáil don Stát


Fís na Saotharlainne Stáit

Barr feabhais in anailís cheimiceach agus i nuálaíocht


Luachanna Saotharlainne Stáit

  • Anailís eolaíoch dhian, neamhspleách agus oibiachtúil
  • Seirbhís ardchaighdeáin, shofhreagrúil do chliaint
  • Cuntasach, gairmiúil, comhoibríoch agus freagrúil

Spriocanna Straitéiseacha

Sprioc 1: Daoine

Sa tSaotharlann Stáit, tá cultúr ardfheidhmíochta agus feabhsúchán leanúnach againn, a spreagann leibhéil arda rannpháirtíochta agus forbairt phearsanta. Tacaímid le folláine agus le cothromaíocht oibre

is saoil na foirne le beartais lena n-áirítear uaireanta oibre solúbtha, roghanna oibre páirtaimseartha, sosanna gairme, obair chumaisc, agus gníomhaíochtaí spóirt agus sóisialta. Tá an tSaotharlann Stáit tiomanta do lucht saothair cuimsitheach agus éagsúil a chur chun cinn a léiríonn Éire an lae inniu agus na daoine ar a bhfreastalaímid. Déanaimid ár ndícheall cultúr a chruthú ina bhfuil an rochtain chéanna ag gach duine ar dheiseanna agus ina mothaíonn siad compordach agus muiníneach a bheith ar a ndóigh féin ag an obair.

Gníomhartha

  • Timpeallacht oibre chomhoibríoch, ardfheidhmíochta, dhearfach agus chuimsitheach a chur chun cinn
  • Infheistíocht a dhéanamh inár bhfoireann chun cur ar a gcumas a lánacmhainneacht a bhaint amach
  • Ceannairí eisceachtúla a fhorbair

Sprioc 2: Nuálaíocht agus saineolas

Glacann an tSaotharlann Stáit nuálaíocht chuici féin chun feabhas leanúnach a chur ar sheirbhísí ranga, na seirbhísí is fearr atá ar fáil a sholáthar agus dul i ngleic leis an iliomad dúshlán agus deiseanna a thagann chun cinn. Tá sé riachtanach saineolas sa cheimic a fhorbairt chun go n-éireoidh leis an tSaotharlann amach anseo agus teastaíonn oiliúint, foghlaim ar an láthair oibre, cultúr taighde, rannpháirtíocht i ngrúpaí oibre idirnáisiúnta agus freastal ar chomhdhálacha agus ar cheardlanna. Chun go n-éireoidh linn, tá saineolas i ndisciplíní lena n-áirítear TF, Airgeadas, AD, Sláinte agus Sábháilteacht, agus Cumarsáid riachtanach freisin.

Gníomhartha

  • Timpeallacht a chothú ina mbíonn borradh faoin nuálaíocht agus faoin saineolas
  • Ceannródaíocht a dhéanamh ar úsáid na dteicneolaíochtaí is déanaí chun ligean dúinn riachtanais athraitheacha na gcliant a shásamh
  • Conairí soiléire a bhunú a chuireann foghlaim leanúnach agus sealbhú scileanna chun cinn don fhoireann le linn a ngairme

Sprioc 3: Cáilíocht

Insíonn ár gcliaint dúinn go seasta gurb é caighdeán na dtorthaí an ghné is tábhachtaí den tseirbhís a fhaigheann siad ón tSaotharlann Stáit. Iad siúd ar a mbíonn tionchar ag na torthaí anailíseacha agus ag an gcomhairle a thugaimid, tá muinín acu asainn go soláthróidh muid faisnéis chruinn iontaofa. Tá an tSaotharlann Stáit tiomanta do na caighdeáin is airde gairmiúlacht agus feabhas eolaíochta agus d’éiteas neamhspleáchais, ionracais agus neamhchlaontachta na seirbhíse poiblí.

Gníomhartha

  • Cultúr cuntasachta agus barr feabhais eolaíochta a choinneáil
  • Córas Cáilíochta a fheidhmiú a chomhlíonann riachtanais ISO 17025
  • Cultúr feabhsúchán leanúnach a chothú

Sprioc 4: Seirbhís do chliaint

I measc chliaint na Saotharlainne Stáit tá raon Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Earnáil Phoiblí a bhfuil riachtanais éagsúla acu maidir le hanailís cheimiceach agus seirbhís chomhairleach. Tá an tSaotharlann Stáit tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin agus fhreagrúil a chur ar fáil do chliaint a bhfuil comhaontuithe leibhéal seirbhíse i bhfeidhm againn, atá curtha in oiriúint do riachtanais shonracha gach cliaint, mar aon le bealach soiléir chun acmhainní a chur ar fáil do riachtanais nua.

Gníomhartha

  • Tiomantas do cháilíocht agus iontaofacht a léiriú i ngach caidreamh le cliaint, trína gcothaítear muinín agus dílseacht le himeacht ama
  • Aiseolas a bhailiú ó chliaint go rialta chun réimsí feabhsúcháin a aithint agus seirbhísí a chur in oiriúint dá

roghanna

  • A bheith sofhreagrúil chun freagairt do riachtanais athraitheacha ó chliaint

Sprioc 4: Seirbhís do chliaint

Ní mór don tSaotharlann Stáit a bheith inbhuanaithe chun a seirbhísí riachtanacha a sholáthar go fadtéarmach. Ciallaíonn sé sin oiriúnú go tapa d’athruithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil lena

n-áirítear beartas rialtais, reachtaíocht agus riachtanais chliaint. Mar chuid den Státseirbhís, tá an tSaotharlann Stáit tiomanta straitéisí agus luachanna na státseirbhíse a ghlacadh chuici féin. Cuid thábhachtach dár gcur chuige inbhuanaitheachta is ea gníomhaíochtaí a dhéanamh mar fhreagairt ar an ngéarchéim aeráide agus a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh.

Gníomhartha

  • Ár dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú
  • Iarracht a dhéanamh éifeachtúlacht a bhaint amach i ngach rud a dhéanaimid
  • Oiriúnú go tapa d’athruithe seachtracha chun eagraíocht rathúil a chothabháil
  • Tionscnaimh chomhoibríocha a chruthú le heagraíochtaí eile chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo ár gcuspóirí

[document