Is uirlis ilfheidhmeach iad ceistneoirí don fhéinmheastóireacht scoile. Cruthaíonn siad deis faisnéis faoi obair na scoile a bhailiú ó raon daoine lena n-áirítear múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus an bord bainistíochta.
B’fhéidir gur mhaith leat do cheistneoirí a eisiúint i bhformáid ar líne. Tá tacaíochtaí úsáideacha ar fáil duit anseo ón SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas chun tacú leat ceistneoirí ar líne a chruthú. Cuimsíonn sé seo tacaíocht maidir le Google Forms agus Microsoft Forms a úsáid.
Cainéal YouTube SFGM. Téigh go dtí an rannóg seinnliosta. Anseo, sa seinnliosta measúnaithe agus aiseolais, is féidir le scoileanna teacht ar na bealaí éagsúla ar féidir a n-ardáin dhigiteacha a úsáid chun aiseolas a fháil agus a thabhairt.
Ceistneoir do Thuismitheoirí/Cúramóirí
Iar Bhunscoil
Ceistneoir Tuismitheora/Cúramóra um Chothú Folláine - sa Bhunscoil
Cur Chun Cinn na Folláine san Iar-Bhunscoil - Ceistneoir Foirne
Ceistneoir do Mhic léinn Iarbhunscoile
Iar Bhunscoile