Lá Idirnáisiúnta na mBan 2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I measc na mbuaicphointí tá:
• Reáchtálfar ‘seisiún láimhseála’ idirghníomhach dar teideal Unconvertable Rebels in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, atá lonnaithe i nDún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.
Déanfar iniúchadh ann ar réada ó bhailiúchán láimhseála an Mhúsaeim a léiríonn stair ghníomhaíochas na mban le linn ré réabhlóideach 1913-1923, ag cur béime ar roinnt daoine tábhachtacha a mhúnlaigh an tréimhse neamhghnách seo de stair na hÉireann. Beidh rudaí ann, mar urchair, paimfléid agus suaitheantais, a léiríonn na róil iomadúla a bhí ag mná le linn na tréimhse suaite seo.
Tuilleadh sonraí ar fáil anseo .
• D'eagraigh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) réimse gníomhaíochtaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan, ar nós siúlóid bithéagsúlachta trína ngairdíní foirmiúla agus a móinéir iontacha. Is féidir le cuairteoirí foghlaim faoi ruaimniú nádúrtha agus próisis déanta dúigh, chomh maith le páirt a ghlacadh i dturas treoraithe ar an taispeántas cúlghabhálach, ‘Irish Gothic’ le Patricia Hurl. Is féidir tuilleadh eolais a léamh anseo .
• Is in Ionad James Joyce i mBaile Átha Cliath a bheidh ‘Reading Molly’, léamh grúpa ar fhéinuirríoll cáiliúil Molly Bloom ó Ulysses le James Joyce. Léiríonn an chaibidil dheireanach iontach seo d’úrscéal eipiciúil Joyce i mBaile Átha Cliath an éirim agus an paisean go léir a bhaineann leis. Féach anseo le haghaidh tuilleadh sonraí.
• Ar an 8 Márta, óstálfaidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann turas faoi théama Lá Idirnáisiúnta na mBan, ag fiosrú rogha saothar le ban-ealaíontóirí i mbailiúchán buan an Ghailearaí. Tuilleadh sonraí ar fáil anseo
• Agus i gCorcaigh, cuirfidh Dánlann Crawford triúr ealaíontóirí Éireannacha chun cinn óna dtaispeántas Behind the Scenes. I saothar Norah Brigid Ní Chuill tugtar léargas ar chultúr an Lucht Siúil ar bhealach dearfach nó neamh-steiréitipiciúil. Is ball í Angela Burchill de Crawford Supported Studios, agus is ealaíontóir de dhath í Suzanna Chan a dtugann a saothar dúshlán do róil steiréitipiciúla inscne a chomhlíonadh. Tugann saothair ealaíne na mban seo éagsúlacht agus cuimsiú don Bhailiúchán Náisiúnta. Tuilleadh sonraí ar fáil anseo .
• Ceoláras Náisiúnta na hÉireann: Óstálfaidh an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta Daughters of the Pirate Queen: The Spirit of Grace O’Malley, arna stiúradh ag an gcumadóir agus stiúrthóir Éireannach Eimear Noone agus ochtar de na ban-aisteoirí is fearr in Éirinn, Dé Céadaoin, an 8 Márta 2023.
• Chester Beatty: Tabharfaidh treoraí de chuid an Mhúsaeim, Mary O’Riordan léargas ar a taispeántas sealadach, First Fragments: Biblical Papyrus from Roman Egypt. Le béim a chur ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, cuirfear béim ar mhná a ndéantar ionadaíocht orthu sna leabhair seo. Saor in aisce, áirithint ag teastáil, teoranta do 10 rannpháirtí. https://chesterbeatty.ie/whats-on/dcc-culture-club-tour-first-fragments-biblical-papyrus-from-roman-egypt-celebrating-international-womens-day/?lang=ga
• Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: Talk and Tea: Ban-Ealaíontóirí Ceannródaíocha Éireannacha, scéalta ó Bhailiúchán an Chartlann Náisiúnta Ealaíne, an 7 Márta, 11 r.n. -meán lae, Millennium Wing Studios.
Déanfaidh cartlannaí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, Leah Benson, plé speisialta ar an ról atá ag ban-ealaíontóirí Éireannacha i bhforbairt ealaín na hÉireann, agus roinnt scéalta suimiúla ó Bhailiúchán Ealaíne an Chartlann Náisiúnta.
Cead Isteach: €5 (lascainí ar fáil do dhaoine os cionn 65, cuardaitheoirí poist, mic léinn agus baill de na Cairde.)
Áirithint: Cuir Ticéad Talk & Tea in áirithe ar Líne anseo.
• Roinnfidh Gníomhaireacht na hUltaise íomhánna agus faisnéis chúlra faoi roinnt mná cáiliúla Ultaise i ngailearaí a phostálfar ar a cainéil ar na meáin shóisialta.