Iniúchóireacht Inmheánach
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis dul i gcomhairle le Cinn na hIniúchóireachta Inmheánaí,na gCoistí Iniúchóireachta agus na Bainistíochta Sinsearaí thar réimse na Ranna Rialtais, chinn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2012 gur cheart go mbeadh feidhm ag Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha', 'Na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Chleachtas Gairmiúil na hIniúchóireachta Inmheánaí' (na 'Caighdeáin'), de chuid Institiúid na nlniúchóirí lnmheánacha' ar fud na Rann agus na nOifigí Rialtais go léir.
I mí na Samhna 2012, d'fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Caighdeáin um Iniúchóireacht Inmheánach ina raibh an Sainmhíniú ar an Iniúchóireacht Inmheánach, an Cód Eitice agus na 'Caighdeáin' arna n-eisiúint ag an gcomhlacht gairmiúil domhanda, Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha.
D'eisigh Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha sraith athbhreithnithe de 'Chaighdeáin', le héifeacht ó Eanáir 2017. Is é cuspóir an doiciméid seo 'Caighdeáin um Iniúchóireacht Inmheánach do Ranna agus d’Oifigí Rialtais 2018' na 'Caighdeáin um Iniúchóireacht Inmheánach' a d'fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2012 a nuashonrú agus a n-áit a ghlacadh.
Tá 'Caighdeáin' Institiúid an Iniúchóra Inmheánaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin an IIA anseo.
Cuimsíonn 'Caighdeáin Iniúchóireachta Inmheánaí do Ranna agus d’Oifigí Rialtais 2018' Misean na hIniúchóireachta Inmheánaí, an Sainmhíniú ar an Iniúchóireacht Inmheánach, na Croíphrionsabail do Chleachtas Gairmiúil na hIniúchóireachta Inmheánaí, an Cód Eitice agus na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Chleachtas Gairmiúil na hIniúchóireachta Inmheánaí (na 'Caighdeáin') arna n-eisiúint ag an gcomhlacht gairmiúil domhanda, Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha (an IIA).
Glacadh le Caighdeáin IIA gan leasú chun críoch chleachtas an iniúchta inmheánaigh in Earnáil an Rialtais Láir.
Tá treoir do Choistí Iniúchóireachta atá ag feidhmiú in earnáil an rialtais láir ar fáil anseo.
Ba chóir aon cheisteanna a chur chuig seoladh ríomhphoist Cuntasaíochta an Rialtais: Govacc@per.gov.ie