Tar éis a chruinnithe an 14 Bealtaine, mhol NPHET go mbunófaí Painéal Saineolaithe ar Thithe Altranais, chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna casta a bhaineann le bainistíocht COVID-19 i measc an chohóirt seo atá an-leochaileach.
Is é aidhm an Phainéil na freagraí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar ghéarchéim COVID-19 a scrúdú, agus an cleachtas is fearr atá ag teacht chun cinn a scrúdú. Is galar nua é COVID-19, ar féidir leis a bheith aitíopúil i measc daoine scothaosta leochaileacha, agus tá fianaise nua agus dea-chleachtas maidir lena bhainistíocht ag teacht chun cinn i gcónaí.
Iarradh ar an bPainéal moltaí a dhéanamh don Aire Sláinte, chun a chinntiú go bhfuil sé i gceist pleanáil a dhéanamh do gach beart freagartha cosanta COVID-19, i bhfianaise riosca agus tionchar leanúnach COVID-19 do thithe altranais sna 6-18 mí amach romhainn.
National Public Health Emergency Team - Nursing Home Expert Panel Terms of Reference and Engagement
National Public Health Emergency Team - Nursing Home Experts Panel Membership
Mar chuid d’obair an Phainéil Saineolaithe, tá sé ag tabhairt faoi phróisis chomhairliúcháin thapa chun teagmháil a dhéanamh le raon páirtithe leasmhara ar bhealaí éagsúla.
Tá áthas ar an bPainéal Saineolaithe cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i bpróiseas rannpháirtíochta gonta, dírithe.
Is é aidhm an chaidrimh seo ionchur, peirspictíocht agus eispéiris a fháil maidir le paindéim COVID-19 agus a héifeachtaí ar thithe altranais, le béim ar leith ar fhreagairtí breise a phleanáil maidir le tithe altranais sna 18 mí amach romhainn.
COVID-19 Nursing Homes Expert Panel: Interim Report
Nursing Home Expert Panel Minutes of Meeting 22 June 2020
Nursing Home Expert Panel Minutes of Meeting 10 June 2020
Nursing Home Expert Panel Minutes of Meeting 10 June 2020
Nursing Home Expert Panel Minutes of Data Meeting 10 June 2020
Nursing Home Expert Panel Minutes of Meeting 8 June 2020