Feachtais Cur chun Cinn Déanann an Teagasc Athrú ó Bhonn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoin meirge Déanann an Teagasc Athrú ó Bhonn, rinneadh feachtais spriocdhírithe a reáchtáil ar an raidió, ar na meáin shóisialta, sna nuachtáin náisiúnta agus i bhfógraíocht dhigiteach chun daoine óga agus daoine atá ag smaoineamh ar athrú gairme a spreagadh chun smaoineamh ar ghairm sa teagasc.
Déanann an Mheitheal um Cumarsáid Soláthair Múinteoirí maoirseacht ar an obair sin, mar ghníomhaíocht faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Soláthar Múinteoirí a bhfuil sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin a bhaineann le soláthar múinteoirí sa chóras oideachais chun soláthar dóthanach múinteoirí ar leibhéal an bhunoideachais agus an iarbhunoideachais a chinntiú.
Féach ar chuid d’ábhar an fheachtais thíos.
Ceapadh an feachtas ní hamháin le daoine óga a spreagadh chun smaoineamh ar ghairm sa teagasc, ach chun an tábhacht a bhaineann leis an éagsúlacht sa seomra ranga a thabhairt chun suntais chomh maith. Trí ghrúpaí fócais agus taighde, sholáthair múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí ó réimse cúlraí éagsúla léargas iontach maidir lena ndearcthaí faoi na dúshláin a bhíonn le sárú acu agus iad ag teacht isteach sa teagasc.
An labhraíonn tú Gaeilge?
Hablas español?
Ar smaoinigh tú riamh bheith i do mhúinteoir eolaíochta?