Foilseacháin
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagann an comhaontú comhpháirtíochta amach an treo straitéiseach d’infheistíocht na hÉireann de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus sa tréimhse 2014 go 2020.
(ar fáil as Béarla amháin)
Is sna tuairiscí bliantúla sin a thugtar achoimre ar fhorfheidhmiú Chlár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir.
Is sna tuairiscí bliantúla sin a thugtar achoimre ar fhorfheidhmiú Chlár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair.
Is sna tuairiscí bliantúla sin a thugtar achoimre ar fhorfheidhmiú an Chláir Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama.
Is iad seo na Rialacháin Chomónta a chuimsíonn gach ceann de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, agus na Rialacháin ar sonrach iad de réir gach Ciste Struchtúrach agus Infheistíochta faoi seach. Ní bhíonn feidhm leis na rialacháin úd do Chiste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe.
Tá an Coimisiún Eorpach cumhachtaithe chun Achtanna Tarmligthe a chur i dtoll a chéile de réir na Rialachán Comónta thuas. Is ar an leathanach seo ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh a thiomsaítear na hAchtanna Tarmligthe sin le chéile san aon áit amháin.
Is sna hAchtanna Forfheidhmithe a leagtar amach na próisis chearta do limistéir shonracha leis na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta Eorpacha.
Foilsíonn an Coimisiún Eorpach an treoir tar éis comhairliúcháin leis na Ballstáit. Tá an Treoir ceaptha chun saincheist ar bith a bhaineann le léirmhíniú nó le forfheidhmiú na Rialachán a shoiléiriú.
Is sa Chiorclán seo a leagtar amach cén chaoi a bhfuil ceanglais na Rialachán maoinithe ábhartha AE le cur i bhfeidhm in Éirinn.
Is sa Chiorclán seo a leagtar amach na rialacha incháilitheachta um chaiteachas faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) 2014 – 2020 faoin Tionscnamh Fostaíochta don Óige.