Forbairt – Ráiteas Bliantúil ar Thosaíochtaí 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tagann an Ráiteas Bliantúil ar Thosaíochtaí i gcomharbas ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas, agus cuireann sé treo phlean ar fáil do sheachadadh na dtosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla atá leagtha amach in ár Ráiteas Straitéise 2023-2025.
Cuidíonn sé seo linn luas agus seicheamh an athraithe a bhainistiú i dtreo spriocanna straitéiseacha níos fadtéarmaí agus cuirtear ar ár gcumas athrú agus athchóiriú leanúnach san earnáil a léiriú agus dul chun cinn a thuairisciú. Léiríonn sé an raon gníomhaíochta lena bhfuilimid gafa agus an treo atá á leanúint againn chun na spriocanna atá leagtha amach inár Ráiteas Straitéise 2023-2025 a bhaint amach:
1. Soláthar oideachais ar ardchaighdeán a éascú agus an t-eispéireas oideachais a fheabhsú chun riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga go léir a shásamh, i scoileanna agus i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige
2. Cothromas deiseanna san oideachas a chinntiú agus go mbeadh tacaíocht á fáil ag na leanaí agus ag na daoine óga go léir chun barr a gcumais a bhaint amach
3. In éineacht lenár gcomhpháirtithe, ceannaireacht straitéiseach agus tacaíocht a thabhairt do sholáthar na gcóras agus an bhonneagair atá ceart don earnáil
4. Barr Feabhais Eagraíochtúil agus Nuálaíocht
Chun ár ndul chun cinn a mhonatóireacht agus a chinntiú go bhfuil ár ngealltanais á gcomhlíonadh againn, eiseofar tuarascáil ar dhul chun cinn ag deireadh gach ráithe, ina dtabharfar nuashonrú ar na gníomhartha go léir
Forbairt Ráiteas Bliantúil Tosaíochtaí 2023
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn do Ráithe 4 de 2023
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn do Ráithe 3 de 2023