Oibreacha Tógála le haghaidh na tógála, an tsínte agus an athchóirithe scoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirtear faisnéis ar fáil maidir le móroibreacha (níos mó ná €1 milliún) agus maidir le tionscadail dhéabhlóidithe bheagscála.
Is é cuspóir na scéime áirithiú go bhfuil cóiríocht riachtanach seomraí ranga ar fáil chun freastal ar dhaltaí atá rollaithe gach bliain agus i gcás nach féidir le cóiríocht reatha na scoile an gá a chomhlíonadh. See information on the status of projects and how to apply.
Is é príomhchuspóir na Scéime Oibreacha Éigeandála an infhaighteacht maoinithe le haghaidh oibreacha práinneacha a áirithiú do na scoileanna sin a bhfuil acmhainní ag teastáil go géar uathu mar gheall ar chás éigeandála nó tar éis iarratas rollaithe ó dhalta riachtanas speisialta a fháil.
Is é cuspóir Scéim na nOibreacha Samhraidh cistiú a dhéabhlóidiú ar údaráis aonair scoile chun gur féidir leo oibreacha tógála ar scála beag a dhéanamh, a d’fhéadfaí a chur i gcrích le linn mhíonna an tsamhraidh nó ag amanna eile nuair nach gcuirfidís isteach ar oibriú na scoile.
Tá tionscadail tógála tríú leibhéal á mbainistiú ag an Údarás um Ard-Oideachas (HEA).