Is cuid lárnach d’oidhreacht an stáit ár nOileáin amach ón gcósta. Tá daoine ina gcónaí ar thart ar 30 de na hoileáin seo agus tá saibhreas oidhreachta cultúrtha acu. Cuspóir lárnach de chuid na Roinne seo is ea a chinntiú go leanann pobail bheoga inbhuanaithe ag maireachtáil ar na hoileáin.
Tá na hoileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu ina gcuid lárnach de chreatlach na tuaithe in Éirinn agus cuireann siad lenár ngeilleagar, lenár gcultúr agus lenár n-oidhreacht. Cé go bhfuil na dúshláin chéanna roimh phobail na n-oileán agus atá roimh phobail tuaithe eile na hÉireann, tá dúshláin bhreise rompu freisin mar go bhfuil siad scartha amach ón mórthír.
Is réamhriachtanais thábhachtacha iad seirbhísí sásúla agus bonneagar forbartha chun daonra na nOileán a chothabháil. Is í aidhm na Roinne féachaint leis na riachtanais seo a chomhlíonadh trí infheistíocht reatha agus chaipitil tríd an Roinn féin agus trí Ranna agus eagraíochtaí ábhartha eile.
Le blianta beaga anuas, tá tosaíocht tugtha d’fhorbairt bhonneagar na nOileán chomh maith le fóirdheontas a thabhairt do sheirbhísí rochtana chuimsitheach. Tá feabhas suntasach tagtha ar chaighdeán maireachtála na bpobal oileánda dá bharr seo.