Eamon Ryan
Ó An Roinn Iompair; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Iompair; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Eamon Ryan an tAire Iompair agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chomh maith. Ceapadh sa dá ról sin é i mí Iúil 2020.
Toghadh Eamon Ryan chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhá Bhaile Átha Cliath Theas in olltoghchán 2020.
Rugadh i mBaile Átha Cliath é agus tógadh é i nDún Droma agus i nDartraí.
Rinne sé staidéar ar an tráchtáil sa Choláiste Ollscoile BÁC agus ina dhiaidh sin ghlac sé post ag bainistiú cúrsa margaíochta i Scoil Ghnó na hollscoile. Lean sé ar aghaidh le cuideachta turasóireachta rothaíochta a bhunú, Irish Cycling Safaris, ag deireadh na 1980idí agus i 1996 bhuaigh sé duais Fiontraí Óg Ernst & Young na Bliana sin.
Bhí sé ina chathaoirleach bunaitheach ar Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath agus chuir sé tús lena shlí bheatha pholaitiúil mar Chomhairleoir Cathrach i mBaile Átha Cliath do bharda Ráth Garbh-Ráth Maonais. Lean sé ar aghaidh chun fónamh mar TD, ag tabhairt ionadaíocht do mhuintir Bhaile Átha Cliath Theas, agus mar Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha sa Rialtas.
Le blianta beaga anuas, d’oibrigh sé le heagraíocht aeráide Eorpach agus bhí sé ina chathaoirleach ar an ngrúpa beartais dhigitigh san Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha.
Is eisean an ceannaire ar an gComhaontas Glas/the Green Party faoi láthair na huaire.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Ryan maidir le ceisteanna a bhaineann le hIompar ag minister@transport.gov.ie , agus le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an gComhshaol, Aeráid nó leis an gCumarsáid, déan teagmháil ag minister.ryan@decc.gov.ie nó ar 01 6789807.