Tá Andrew (Príomhoifigeach Cúnta) ag obair le Seirbhís Phríosúin na hÉireann le 25 bliana anuas, beagnach. D’oibrigh sé roimhe seo mar Oifigeach Idirchaidrimh d’Íospartaigh agus tá taithí fhairsing aige ar Bhainistíocht Pianbhreitheanna Príosúnach, áit a ndéantar teagmháil le príosúnaigh agus a dtreoraítear iad chun idirchaidreamh a dhéanamh le seirbhísí príosúnbhunaithe ábhartha chun go ndíreoidh siad ar a bhféinfhorbairt, rud a d’fhéadfadh an dóchúlacht go n-athchiontóidh siad a laghdú. Rud ba dhéanaí fós, d’oibrigh sé mar threoraí de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ar roinnt comhthionscnamh gníomhaireachta, lena n-áirítear an Scéim um Fhilleadh ar an bPobal agus an Scéim Tacaíochta Pobail. Tá céim BA i bPolaitíocht agus Eacnamaíocht agus Ard-Dioplóma i Riarachán Poiblí (Ceartas Coiriúil) ag Andrew.