Tá freagracht sannta do William Priestley ag leibhéal an Phríomhoifigigh chun bainistiú a dhéanamh ar chalafoirt, cuanta, loingseoireacht agus cosc ar thruailliú foinse long.
Tá an Rannán seo freagrach as forbairt agus cur i bhfeidhm foriomlán an Bheartais Náisiúnta Calafoirt chun tacaíochtaí éifeachtúla, éifeachtacha agus leordhóthanacha a chinntiú dár ngeilleagar trádála chun forbairt eacnamaíoch a chothú. Tá an Rannán freagrach freisin as forbairt agus cur i bhfeidhm reachtaíochta maidir le hearnáil na gcalafort tráchtála chomh maith le rialachas corparáideach na gceithre chuideachta calafoirt Stáit.
Ina theannta sin, ag obair le hOifig Forbartha Muirí na hÉireann (IMDO), féachann an Rannán le coinníollacha a chothú a thacaíonn le forbairt na hearnála loingseoireachta atá bunaithe in Éirinn agus le gníomhaíochtaí muirí gaolmhara chun nascacht idirnáisiúnta na hÉireann a fheabhsú.