Barry Lowry
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá breis is tríocha cúig bliana caite ag Barry ag obair i gcúrsaí teicneolaíochta. Thosaigh sé mar ríomhchláraitheoir faoi oiliúint i Státseirbhís Thuaisceart Éireann agus chuaigh sé ar aghaidh trí róil éagsúla le bheith ina Stiúrthóir ar Sheirbhísí Comhroinnte agus Straitéise TFC do Rialtas TÉ.
Tá Barry ina CIO do Rialtas na hÉireann ó Aibreán 2016 agus é mar phríomhthasc aige Straitéisí TFC agus ríomh-Rialtais na Seirbhíse Poiblí a thabhairt chun cinn. Leagann siad seo amach uaillmhianta maidir le húsáid seirbhísí comhroinnte, seirbhísí digiteacha agus sonraí a fhorbairt chun freastal níos fearr ar mhuintir na hÉireann agus chun a chinntiú go bhfuil Éire in áit mhaith chun leas a bhaint as tionscnaimh Eorpacha amhail an Margadh Aonair Digiteach.
Is Comhalta de Chumainn Ríomhaireachta na hÉireann agus na Breataine é Barry agus is iarbhuaiteoir é ar Ghairmí TF na Bliana BCS Thuaisceart Éireann. Bronnadh O.B.E. le haghaidh seirbhísí do Rialtas Thuaisceart Éireann agus do Thionscal Ríomhaireachta Thuaisceart Éireann in 2017.
Ríomhphost: barry.lowry@per.gov.ie