Mar Leas-Rúnaí don cholún um Cheartas Coiriúil, tacaíonn agus ionadaíonn Seán don Ard-Rúnaí agus tá sé freagrach as:
Príomhghné i gceannaireacht straitéiseach na Roinne is ea post an Leas-Rúnaí, le béim ar leith ar chomhlíonadh ról na Roinne i gcroílár an chórais ceartais choiriúil. Is faoi stiúir ag an Ard-Rúnaí atá an clár cuimsitheach athruithe atá faoi lánseol anois, ach teastaíonn rannpháirtíocht onnghníomhach ón Leas-Rúnaí ón gclár sin, freisin, mar chrann taca athruithe agus spreagthóir éitis nua bainistíochta.
Rannchuidíonn an Leas-Rúnaí le forbairt agus cur i bhfeidhm beartas agus clár i réimse na coireachta agus i réimse an chórais ceartais choiriúil – lena n-áirítear an phóilíneacht agus bainistíocht ciontóirí – agus le hathbhreithniú criticiúil a dhéanamh orthu. Bíonn gné thras-eagraíochta i gceist leis sin go minic, nó cur chuige uile-Rialtais i dtaca le réiteach fadhbanna.
Is Oifigeach Poiblí Ainmnithe í Seán faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.