Is é Simon Harris an Taoiseach.
Is as Contae Chill Mhantáin ó dhúchas Simon agus bhí baint aige leis an bpobal ar feadh a shaoil.
Bhí baint ag Simon leis an bpolaitíocht ar dtús trína chuid oibre mar thacadóir míchumais. Sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht, bhunaigh Simon an Wicklow Triple A Alliance, carthanas chun tacú le leanaí agus teaghlaigh a bhfuil tionchar ag Uathachas orthu.
Toghadh chuig Dáil Éireann é den chéad uair in Olltoghchán 2011 agus ba é an comhalta ab óige den 31ú Dáil é. Le linn théarma na Dála sin, d’fhóin Simon mar bhall den Choiste um Chuntais Phoiblí, den Choiste Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, Rúnaí Pháirtí Parlaiminteach Fhine Gael agus Comhthionólaí ar Ghrúpa Traspháirtí an Oireachtais ar Mheabhairshláinte, sular ceapadh é. i mí Iúil 2014 mar Aire Stáit sa Roinn Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus i Roinn an Taoisigh le Freagracht Speisialta as OOP, Soláthar Poiblí agus Baincéireacht Idirnáisiúnta (lena n-áirítear IFSC).
Atoghadh Simon mar TD do Chill Mhantáin agus Oirthear Cheatharlach in Olltoghchán Feabhra 2016 agus ceapadh ina Aire Sláinte ina dhiaidh sin é.
Sular toghadh go Dáil Éireann é, bhí Simon ina bhall de Chomhairle Contae Chill Mhantáin agus de Chomhairle Baile na gCloch Liath araon, tar éis dó a bheith tofa sna Toghcháin Áitiúla 2009 leis an gcéatadán is airde vóta d’aon iarrthóir sa tír. D’fhóin sé freisin dá phobal mar Chathaoirleach ar Choiste Póilíneachta Chontae Chill Mhantáin, mar Chathaoirleach ar Fhóram Sláinte Réigiúnach Bhaile Átha Cliath-Lár Laighean, mar Chomhalta Boird ar Thurasóireacht Chill Mhantáin agus mar Bhall de Choiste Gairmoideachais Chill Mhantáin.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal Harris ag simon.harris@oireachtas.ie