Tháinig Paula Lyons isteach sa roinn in athuair i mBealtaine 2019, tar éis di a bheith ag obair anseo go dtí 2007 nuair a bhog sí chuig an tSeirbhís Cúirteanna mar Bhainisteoir Réigiúnach. D'oibrigh sí ina dhiaidh sin i róil bainistíochta sinsearaí leis an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte, ar dtús mar Bhainisteoir Cláir don tionscadal um Sheirbhísí Comhroinnte Párolla agus ina dhiaidh sin mar Rúnaí Cúnta le freagracht as seirbhísí comhroinnte fostaithe.