Tá Deirdre freagrach as an Aonad um an tSlándáil agus Tuaisceart Éireann. Tá an tAonad seo freagrach as saincheisteanna slándála náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus as comhoibriú Thuaidh-Theas ar chúrsaí ceartais choiriúil.
Tá an Roinn Dlí agus Cirt tiomanta do chabhrú le saincheisteanna a réiteach atá gan réirteach i bPróiseas Síochána Thuaisceart Éireann. Tá an Roinn tiomanta do dheireadh a bhaint amach le gach cineál paraimíliteachais ar oileán na hÉireann agus do thacú leis na hinstitiúidí daonlathacha i dTuaisceart Éireann. Tá Comhaontú Aoine an Chéasta a chur i ngníomh go hiomlán ar phríomhchuspóirí na Roinne i gcónaí. Déanann an Roinn comhoibriú idir an Tuaisceart agus an Deisceart i réimsí an cheartais choiriúil agus na póilíneachta a chur chun cinn, chomh maith. I gcomhar le hOifig Thuaisceart Éireann, cuireann an Roinn tacaíocht airgeadais ar fáil le haghaidh an Choimisiúin Neamhspleách um Shuíomh Taisí Íospartach.