Darragh O’Brien
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; An Roinn Iompair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; An Roinn Iompair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Darragh O’Brien an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh agus an tAire Iompair. Ceapadh é chuig na róil seo an 23 Eanáir 2025. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ó mhí an Mheithimh 2020 i leith.
Is TD é do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath-Fhine Gall. Sular toghadh é chuig an 30ú Dáil in 2007, d’oibrigh an tAire O’Brien go príomha sna Seirbhísí Airgeadais agus toghadh ar Chomhairle Contae Fhine Gall é in 2004. Toghadh chuig Seanad Éireann é in 2011.
Bhí poist éagsúla aige san Oireachtas lena n-áirítear Leas-Chathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, Ball den Choiste Oireachtais um Dhlí agus Ceart, Comhionannas, Cosaint agus Athchóiriú an Dlí, Ceannaire Fhianna Fáil sa Seanad agus Urlabhraí Binse Tosaigh an Fhreasúra ar Bhaile Átha Cliath, Gnóthaí Eachtracha agus Tithíocht.